Ag comhdháil bhliantúil a Ghrúpa um an Seimeastar Eorpach a tionóladh go cianda an 31 Bealtaine thug CESE foláireamh gur fada ó bheith sásúil í rannpháirtíocht eagraíochtaí na sochaí sibhialta i bhformhór thíortha an Aontais.

Ghlac príomhchainteoirí ó institiúidí an Aontais, Comhairlí Eacnamaíocha agus Sóisialta Náisiúnta, meithleacha machnaimh agus eagraíochtaí sochaí sibhialta an Aontais páirt sa chomhdháil Eoraip athléimneach a thógáil – an tsochaí shibhialta agus na Pleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta. Díríodh sa chomhdháil ar thrí ábhar: rannpháirtíocht eagraíochtaí na sochaí sibhialta sna Pleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta, aistriú cóir i dtreo geilleagair Eorpaigh atá glas, digiteach agus inbhuanaithe agus cur chun feidhme cholún Eorpach na gceart sóisialta.

Chuir Christa Schweng, Uachtarán CESE, tús leis an díospóireacht agus í ag cur béime ar an dúshlán a bhaineann le réimse féidearthachtaí nua a dhéanamh den ghéarchéim reatha. Dúshlán ar leith is ea tairbhe a bhaint as acmhainneacht na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta: “Ní dheachaigh formhór na mBallstát i mbun comhairliúchán leordhóthanach leis an tsochaí shibhialta eagraithe nó rinne siad a leithéid ródhéanach”, a dúirt an tUachtarán. Is éard atá againn faoi láthair sraith Pleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta atá an-éagsúil óna chéile ó thaobh cáilíochta agus modheolaíochta de agus, le fírinne, tá amhras orainn go bhfuil na riachtanais ar an láthair á gcomhlíonadh ag na pleananna sin.”

Dúirt Uachtarán Chomhairle Eacnamaíoch agus Shóisialta na hIodáile (CNEL), Tiziano Treu, gurb é ról na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa foirm nua rialachais Eorpaigh a leagan amach, ar foirm í is gá a dhéanamh níos simplí agus níos éifeachtaí agus nach mór rialacha cuí a bheith mar chuid di chun rannpháirtíocht na sochaí sibhialta eagraithe a chinntiú.

“Beidh 'Colún Saoránachta' níos láidre, lena gcuimsítear an tsochaí shibhialta eagraithe agus údaráis réigiúnacha agus áitiúla, i gcomhar le parlaimintí náisiúnta, ríthábhachtach chun a chinntiú go ndéanfar faireachán ceart ar phróisis athchóirithe agus infheistíochtaí agus chun rannpháirtíocht riachtanach na ngeallsealbhóirí dlisteanacha a bhaint amach”, arsa Leas-Uachtarán an Ghrúpa um an Seimeastar Eorpach, Luca Jahier. (na)