Tá seasamh láidir glactha ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) i bhfabhar Aontas Sláinte Eorpach a thógáil, agus tá iarrtha aige ar an Aontas Eorpach agus ar na Ballstáit a bhfuil ag teastáil ó mhuintir na hEorpa a chur i gcrích trí thús áite a thabhairt don tsláinte.

I suirbhéanna a rinneadh le déanaí, léiríodh gur mhian le 66% de mhuintir na hEorpa go gcuirfeadh an tAontas Eorpach tuairimí na saoránach faoi chúrsaí sláinte san áireamh ar bhealach níos mó agus léiríodh go raibh breis agus a leath díobh i bhfabhar an tsláinte phoiblí a bheith mar phríomhthosaíocht ag an Aontas a fhad a bhaineann le caiteachas de.

I dtuairim dá chuid a glacadh ag an seisiún iomlánach a bhí aige i mí Aibreáin, chuir CESE in iúl, dá bhrí sin, gur dhíol sásaimh dó pacáiste an Choimisiúin maidir le hAontas Sláinte na hEorpa, ar pointe tosaigh é maidir leis an gceart chun cúram sláinte ar ardchaighdeán a ráthú don uile Eorpach. Cinnteoidh sin go ráthófar seirbhísí cúraim sláinte ar ardchaighdeán agus go mbeidh siad ar fáil do shaoránaigh uile an Aontais, beag beann ar a stádas sóisialta agus eacnamaíoch nó a dtír chónaithe nó a n-áit chónaithe – rud nach amhlaidh fós faoi láthair.

Cé go ndírítear i bpacáiste an Choimisiúin, a fógraíodh i mí na Samhna, ar bhagairtí sláinte trasteorann agus ar phaindéimí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a chosc agus a bhainistiú ar bhealach níos fearr, is éard atá sa phacáiste, dar le CESE, ná “forbairt thábhachtach nua” lena bhféadfaí tús a chur le hathrú sistéamach, in ionad brath ar an mbainistiú géarchéime, mar atáthar a dhéanamh i láthair na huaire. 

Agus í ag trácht ar sheasamh CESE, bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán CESE, Christa Schweng: “A bhuí leis na tionscnaimh seo, féadfaimid na chéad chéimeanna a thabhairt i dtreo Aontas Sláinte na hEorpa i ndáiríre, rud atá de dhíth orainn, agus beidh na Ballstáit uile in acmhainn oibriú as lámha a chéile chun feabhas a chur ar chosc, cóireáil agus iarchúram galar. D’fhágfadh an tAontas Sláinte sin go mbeadh na Ballstáit i riocht iad féin a ullmhú chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna sláinte a bheadh ann amach anseo agus iad a bhainistiú i gcomhar le chéile. I gcás gníomhaíochtaí sa réimse seo, ba cheart tuairimí na sochaí sibhialta agus na gcomhpháirtithe sóisialta a chur san áireamh freisin, ráite go raibh ról ríthábhachtach acu maidir le cearta a chosaint agus a chur chun cinn le linn na paindéime.”

Seo mar a labhair an rapóirtéir, Ioannis Vardakastanis, faoin ábhar: “Tá teachtaireacht shimplí le cur in iúl againn, is é sin le rá, is dóigh le saoránaigh an Aontais gur cheart tosaíocht a thabhairt don tsláinte phoiblí ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon, agus ní mór dúinn ról an Aontais ina leith sin a threisiú.” Thug sé le fios freisin gur léirigh an phaindéim gur gá athrú a dhéanamh ar an gcaoi a smaoinímid ar chúram sláinte agus gur léir anois nach féidir déileáil leis mar a bheadh tráchtearra ann.

Faoi mar a d’áitigh CESE i dtuairim dá chuid, má tá rath le bheith ar Aontas Sláinte na hEorpa amach anseo, is gá feabhas a chur ar dhálaí oibre oibrithe cúraim sláinte, lena n-áirítear pá agus dreasachtaí le gur féidir iad a choinneáil ag obair san earnáil seo, agus is gá feabhas a chur ar a sláinte agus a sábháilteacht freisin.

Ba cheart san Aontas Sláinte díriú ar ghalair neamhtheagmhálacha ós rud é gur léirigh an phaindéim reatha an “gaol tocsaineach” atá acusan le galair theagmhálacha. Ba cheart béim a leagan freisin ar an meabhairshláinte. (ll)