Le Zsolt Kükedi, comhalta de CESE, an Ungáir  

Is toscaire mé in eagraíocht chomhshaoil agus is maith atá a fhios agam gur beag machnaimh is féidir linn a dhéanamh faoin gcomhshaol agus an tragóid dhaonna seo ar leac an dorais againn. Tuigim freisin gur cabhair mhór dóibh siúd atá ag cur cóiríocht ar fáil do dhídeanaithe fiú an comhartha is simplí spéise, comhbhá agus cúnaimh.

Toisc go mbím ag obair i réimse na forbartha réigiúnaí, tá aithne agam ar a lán méaraí áitiúla agus cathaoirleach contae a bhí sásta a n-ionaid agus a bhfoirgnimh phoiblí a thairiscint láithreach do dhídeanaithe a luaithe a bhris an cogadh amach. Bhí baile beag amháin ann nach raibh fiú 700 duine ina gcónaí ann a chuir cóiríocht ar fáil do níos mó ná céad duine. Ó shin i leith, tá bia á chur ar fáil dóibh, díon á choinneáil os a gcionn agus éadaí á ní dóibh sa bhaile beag sin. Díreach tar éis thús an chogaidh, nuair a d’fhill mé abhaile ó sheisiún iomlánach CESE, scríobh mé chuig 18 gcomhalta rialtais áitiúil, méara agus cathaoirleach contae in oirthear na hUngáire le fáil amach cad go díreach a bhí ag tarlú ina gceantair agus cad a d’fhéadfaimis a dhéanamh as Búdaipeist chun cabhrú leo. Ní raibh sé ar intinn agam dul caoldíreach chuig an teorainn, toisc gur féidir leo siúd a mbíonn díocas orthu tabhairt faoi obair dheonach a bheith ina mbac seachas ina gcabhair sna laethanta tosaigh den obair dhaonnúil.

D’fhreagair naonúr as an ocht nduine dhéag a ndearna mé teagmháil leo. Is dócha nach raibh an t-am ag na daoine eile chun ríomhphoist a léamh nó freagra a thabhairt orthu, rud a thuigfeá go hiomlán sa chás seo. Iad siúd a d’fhreagair, áfach, dúirt siad gur chuir mo litir ar a suaimhneas iad. Ní an tairiscint chabhrach féin, fiú, ach go rabhamar ag smaoineamh orthu agus gur thuig siad go raibh duine éigin ann a d’fhéadfaidís dul chuige, dá mba ghá sin, rud a thaitin liom a chloisteáil. D’iarr duine amháin airgead orm mar go raibh pluideanna agus táirgí glantacháin le ceannach. Dhírigh duine eile m’aird ar ionad a bhí ag lorg síntiús. Ach tríd is tríd, gheall siad go rachaidís i dteagmháil liom dá rachadh cúrsaí in olcas agus nach bhféadfaidís é a sheasamh níos faide ar bhonn airgeadais nó pearsanta.

Ghlacamar páirt freisin i gcineál eile cabhrach: ag bailiú soláthairtí leighis agus á seachadadh chucu siúd a bhfuil gá acu leo ach nach féidir leo teacht orthu agus cúrsaí mar atá. Rinneamar málaí stóma a sheachadadh ó ionad oibre mo mhná céile. Is coimeádáin speisialta iad do dhaoine nach féidir leo feidhmeanna an choirp a chleachtadh go nádúrtha de dheasca éalaing nó galar a théann i bhfeidhm ar chodanna áirithe de chonair an díleá nó an fhuail. Déantar fuíoll an choirp a fhearadh trí oscailt, nó stóma, in áit ar leith ar bhalla an bhoilg. Bíonn gá ag othar le mála amháin in aghaidh an lae. Ní raibh aon súil againn leis go mbeadh orainn na málaí bunriachtanacha sin a iompar. Ach tá an saol chomh casta sin anois gur féidir a thuiscint go mbeadh orainn, i gcás den sórt seo, dul i ngleic le riachtanais neamhghnácha.

I gcruinnithe ár rannóige in CESE, phléamar an cogadh idir an Úcráin agus an Rúis agus an tionchar a bheadh aige. Iarradh orm glaoch ar chainteoir a bhí i mbrollach an chatha, chomh maith le saineolaí núicléach, chun tuiscint a fháil ar an mbagairt a bhaineann le stáisiúin cumhachta núicléiche na hÚcráine. Ós rud é go bhfuil aithne agam ar roinnt mhaith daoine san Úcráin de bharr na hoibre forbartha a bhíonn ar bun agam, d’éirigh liom teagmháil a dhéanamh le Serhii Prokopenko, fear óg de bhunadh Kharkiv, speisialtóir sa nuálaíocht agus san fhiontraíocht, comhairleoir agus taighdeoir eacnamaíochta. Thug sé tuairisc dúinn díreach ó láthair an chatha as buncar in Kharkiv toisc buamáil a bheith déanta ar an gceantar a raibh sé ann go gairid sular thosaigh ár gcruinniú. Bhí air malartú ar feadh tamaill leis an saineolaí núicléach ón Ungáir a labhair ina dhiaidh, toisc gur thit an nasc idirlín san áit a raibh sé. Tá an Dr Zsolt Hetesi, Comhalta Sinsearach Taighde in Ollscoil an Riaracháin Phoiblí, ag obair ar thaighde comhshaoil, fuinnimh agus inbhuanaitheachta ó 2005 i leith. Roimhe sin, bhí sé ar cheann de cheannairí an Ghrúpa Taighde um an bhForbairt Inbhuanaithe agus Acmhainní, agus tá a lán ar eolas aige faoin ngéarchéim a thagann as an róphlódú daonra agus ró-úsáid acmhainní. Mar shaineolaí ar ídiú acmhainní, rinne sé cur síos ar an gcás, an leochaileacht agus an dóchúlacht go dtarlódh tubaiste núicléach ag ceann ar bith de na ceithre stáisiún cumhachta núicléiche san Úcráin. Rinne sé iarracht an lucht éisteachta a chur ar a suaimhneas faoi nach bhfuil an chosúlacht air faoi láthair go bhfuil an domhan i mbaol láithreach ó na stáisiúin cumhachta núicléiche sin. Thosaigh tuairisc Serhii arís ina dhiaidh sin, agus bhí an cogadh le brath mar rud beo agus é ag labhairt. Fuair sé bualadh bos mór. Bhí an-bhá ag an rannóg leis an gcuntas a thug sé, agus ba dheacair dúinn díriú ina dhiaidh sin ar an méid a bhí ar siúl ag an rannóg.

Táim den tuairim gur cúram daonnúil atá anseo freisin: nasc a chruthú leo siúd atá scoite amach de thoradh an chogaidh agus an mhuinín gan bhonn is cosúil atá againn a chaitheamh dínn le go dtuigfimid fírinní loma an tsaoil agus gur féidir linn rud éigin a dhéanamh freisin, fiú agus muid i bhfad ar shiúl ó na fírinní féin.