CESE info: I bhfianaise chogadh na Rúise san Úcráin, tá iarrachtaí nach bhfacthas riamh roimhe seo á ndéanamh ag an tsochaí shibhialta chun cabhrú le muintir na hÚcráine. Cad iad na gníomhaíochtaí is suntasaí a bhaineann leis an tacaíocht mhór dhaonna a chuirtear ar fáil don Úcráin (cabhair dhaonnúil, iompar, oideachas, cóiríocht, scoileanna agus foghlaim teangacha iasachta)? Cad iad na ceachtanna ar féidir linn foghlaim ón tragóid dhaonna seo?

David Stulík: Ní fhacthas riamh roimhe seo an dlúthpháirtíocht agus an tacaíocht a chuirtear ar fáil san Aontas don Úcráin. Dá bhrí sin, táimid níos dóchasaí go mbeidh forlámhas ag luachanna an Aontais ar bharbarachas agus úsáid chruálach fhorneart brúidiúil na Rúise.

Is díol mór áthais an chabhair dhaonnúil atá á cur ar fáil ag muintir na hEorpa don Úcráin. Mar sin féin, ní mór dúinn aird a thabhairt ar roinnt saincheisteanna nach mór do shochaí shibhialta an Aontais a chur san áireamh.

Ar an gcéad dul síos, ní mór cabhrú le dídeanaithe na hÚcráine chun freastal ar a riachtanais uile (maidir le cóiríocht, oideachas do leanaí, poist). Táimid ag dul i ngleic le hiarmhairtí na ngníomhaíochtaí cruálacha agus na gcoireanna cogaidh arna ndéanamh ag Putin. Mar sin féin, is gá dúinn dul i ngleic le cúis na n-ainghníomhartha sin. Is é sin le rá go bhfuil réimeas Putin fós ann agus go dtacaíonn roinnt mhaith daoine sa Rúis leis.

Má éiríonn linn deireadh a chur leis sin, cuirfimid stop freisin le sreabhadh na ndídeanaithe ón Úcráin chun na hEorpa. Bheadh muintir na hÚcráine an-sásta fanacht ina dtír dhúchais agus cónaí inti faoi shíocháin.

Agus anois, dírím ar an dara gné ar cheart do shochaí shibhialta na hEorpa aghaidh a thabhairt uirthi, dar liom féin. Ní mór stop a chur le gníomhaíochtaí gan chiall cheannaireacht na Rúise.

Is gá tabhairt faoi deara go bhfuil ionsaí á dhéanamh orainn chomh maith, agus ní hamháin ar an Úcráin. Léirítear le bolscaireacht na Rúise gur muidne, an tAontas Eorpach agus NATO, an namhaid mhór agus go n-úsáidimid an Úcráin mar phuipéad i gcoinne na Rúise.

Agus an méid sin ráite, ní mór machnamh a dhéanamh ar conas is féidir deireadh a chur le réimeas Putin ar an Rúis. Ní thiocfaidh athrú ar réimeas na Rúise mar thoradh ar smachtbhannaí eacnamaíocha amháin.

Tá eagla orm gurb é an t-aon réiteach chun stop a chur le Putin ná a airm atá san Úcráin a threascairt. Ba cheart é sin a bheith ina phríomhthosaíocht faoi láthair chun go gcuirfí stop le sibhialtaigh neamhurchóideacha a mharú san Úcráin agus le leathnú amach an chogaidh chuig áiteanna eile san Eoraip. Níl aon amhras ach go mbaineann iompar ionsaitheach agus pleananna na Rúise linne chomh maith, le roinnt Ballstát ar a laghad, go háirithe iad siúd in Oirthear agus i Lár na hEorpa. Is cinnte go n-aithníonn ginearáil na Rúise muid mar ghrúpa eile ‘ar cheart ionsaí a dhéanamh air’.

Mura gcuirfear stop leis an gcogadh san Úcráin, is muidne a bheidh thíos leis go luath. Ní mór dúinn a admháil go bhfuilimid páirteach cheana féin sa chogadh sin i ndáiríre. Ar a laghad, sin an chaoi a gcuirtear ról an Aontais agus NATO in iúl i meáin na Rúise (a ndéantar cinsireacht orthu).

Dá bhrí sin, ba cheart do mhuintir na hEorpa a dhícheall a dhéanamh chun rannchuidiú le bua na hÚcráine ar an láthair chatha. Mar aon le smachtbhannaí eacnamaíocha agus smachtbhannaí eile i gcoinne na Rúise a ghéarú, ní mór dúinn a bheith réidh chun na hacmhainní míleata uile is gá a sholáthar d’arm na hÚcráine.

Is síochánaí mé féin, ach is tréimhsí cinntitheacha iad seo inar nach mór do dhaonlathais liobrálacha iad féin a chosaint i gcoinne iad siúd a bhfuil sé ar intinn acu iad a scriosadh. Ní thuigeann na naimhde seo ach teanga an fhornirt agus an chumhacht mhíleata amháin. Níor cheart eagla ná náire a bheith orainn an méid céanna a dhéanamh, ós rud é go bhfuil ár sochaithe daonlathacha i mbaol.