European Economic
and Social Committee
“Tá na Ballstáit ag obair go dian, ach tá go leor fós le déanamh sula mbeidh na pleananna náisiúnta réidh.”
I ndíospóireacht a reáchtáladh le linn sheisiún iomlánach CESE an 25 Márta, dúirt Valdis Dombrovskis, an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Gheilleagar a Fhóireann do Dhaoine sa Choimisiún Eorpach, go bhfuil an chuid is mó de na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta fós sna chéad chéimeanna agus go bhfuil “go leor fós le déanamh sula mbeidh na pleananna aibí go leor”. Luaigh sé freisin go bhfuil ról lárnach ag an mbeartas trádála maidir le geilleagar an Aontais a chur ar bhóthar a leasa athuair.
Chuir Christa Schweng, Uachtarán CESE, tús leis an díospóireacht trína rá go ndeachaigh an tAontas agus a Bhallstáit i ngleic leis an ngéarchéim go pras agus go fuinniúil, agus go raibh CESE ag brath anois ar chur chun feidhme tapa agus éifeachtúil na hionstraime téarnaimh “NextGenerationEU” agus na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta.
Rinne an tUachtarán tagairt freisin don mhéid atá iarrtha ag CESE, is é sin creat rialachais eacnamaíoch a bheith ann lena ndéanfaí an téarnamh eacnamaíoch a éascú, a bheadh dírithe ar an bhfás agus ina léireofaí staid an gheilleagair de réir mar atá sé i ndáiríre tar éis na géarchéime. Bhí CESE réidh an t-athbhreithniú ar an rialachas eacnamaíoch a phlé agus mhol sé comhdháil na ngeallsealbhóirí a sheoladh a dhéanfadh CESE a óstáil i gcomhpháirt leis an gCoimisiún.
Maidir leis na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta, mhínigh an tUas. Dombrovskis go raibh faisnéis faighte ag an gCoimisiún ó 23 de na 27 dtír maidir leis an méid atá beartaithe acu a chur san áireamh iontu. “Cé go mbaineann tábhacht le luas chun na cistí sin a chur chun feidhme a luaithe is féidir, is í an cháilíocht an rud is tábhachtaí thar aon ní eile, áfach.” Thug sé foláireamh go bhfuil go leor fós le déanamh sula mbeidh na pleananna aibí go leor le go bhféadfar iad a chur isteach agus glacadh leo. Rinne sé trí phríomhréimse a thabhairt chun léire a bhfuil obair fós le déanamh iontu: córais iniúchta agus seiceála; meastacháin ar chostais inchreidte agus caiteachas aeráide agus digiteach a rianú; agus an urraim don phrionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’.
Dúirt an tUas. Dombrovskis freisin nach mór do na comhpháirtithe sóisialta agus don tsochaí shibhialta tacú le cur chun feidhme na bpleananna ag gach céim. Ghabh sé buíochas le CESE as athbhreithniú tráthúil agus ábhartha a dhéanamh mar chuid dá rún maidir le rannpháirtíocht na sochaí sibhialta sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta.
Maidir le trádáil idirnáisiúnta, dúirt an tUachtarán Schweng nach mór córas iltaobhach trádála atá bunaithe ar rialacha, mar aon le timpeallacht idirnáisiúnta trádála atá oscailte, cothrom, cuimsitheach agus intuartha, a bheith ina dtreoirphrionsabail i gcónaí don Aontas Eorpach. Tá CESE ag tnúth le rannchuidiú leis an anailís ina sainaithneofar na dea-chleachtais i réimse na trádála idirnáisiúnta trí thuairim féintionscnaimh atá le glacadh faoi Mheán Fómhair.
Ar deireadh, maidir le cúrsaí a bhaineann le trádáil agus infheistíocht, obair chuibhiúil, cearta sóisialta agus cearta an duine, agus an t-athrú aeráide, dúirt an tUachtarán Schweng go raibh CESE ag súil le go mbeadh an tAontas in ann comhar nua agus níos mó comhsheasmhachta a spreagadh sna cúrsaí sin idir an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT) agus eagraíochtaí idirnáisiúnta eile, amhail an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS).
Maidir le conas tacú leis an téarnamh agus rathúnas na hEorpa a chinntiú, d’aontaigh an tUas. Dombrovskis gurb é an freagra ceart leanúint de bheith ag trádáil le comhpháirtithe domhanda. I dtaobh an athchóirithe institiúidigh ar EDT, chuir Dombrovskis in iúl go bhfuil sé de chuspóir ag an gCoimisiún athmhúnlú a dhéanamh air le go mbeadh sé ina fhóram chun dul i ngleic leis na fadhbanna is práinní dá bhfuil sa domhan inniu, ar nós dul i ngleic le tionchar COVID‑19, tacú leis an inbhuanaitheacht comhshaoil agus shóisialta, na rialacha maidir leis an trádáil dhigiteach a nuashonrú, agus aghaidh a thabhairt ar chleachtais trádála mhíchothroma. (na)