Leis an treoirphlean nua, léiríonn an Coimisiún Eorpach go bhfuil sé diongbháilte nach mbeidh an lámh in uachtar ag na Stáit Aontaithe agus an Áise ar an Eoraip sa taighde bunúsach agus sa taighde feidhmeach, i bpaitinní, agus i dtáirgí agus seirbhísí ardteicneolaíochta. Sin an méid a chuir CESE in iúl i dtuarascáil a glacadh ag an seisiún iomlánach i mí an Mhárta.

Tá sé á chur i bhfáth ag CESE gurb í an phríomhláidreacht atá ag an Limistéar Eorpach Taighde nua atá beartaithe ná go ndíríonn sé ar thorthaí sa taighde agus sa nuálaíocht (T&N) a aistriú go gnó inbhuanaithe agus poist inbhuanaithe.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag rapóirtéir na tuairime, Paul Rübig: “Tá sé fíor-riachtanach nach mbeidh an seanscéal céanna i gceist leis an Limistéar Eorpach Taighde nua. Cuirfidh an Comhaontú Nua seo borradh faoi thioncar T&N, tráth atá ról cinntitheach ag an nuálaíocht, ní hamháin maidir le geilleagair na hEorpa atá buailte go dona ag COVID, ach le marthanas an phláinéid freisin.”

San Eoraip, tá an dul chun cinn atá déanta sa taighde maidir le táirgí agus seirbhísí nuálacha a dhéanamh de thorthaí T&F i bhfad níos moille i gcomparáid leis na Stáit Aontaithe agus an Áise. Tá an Eoraip chun deiridh ar an Áise ó thaobh feidhmíocht paitinní de (chuir an Áise 65 % d’iarratais ar phaitinn domhanda isteach in 2019 agus is ionann sciar an Aontais agus 11.3 %) agus go háirithe ó thaobh gnólachtaí a sholáthraíonn seirbhísí digiteacha agus “nuálaíochtaí i dteicneolaíocht an bhrú”, i.e. táirgí nua arna spreagadh ag taighde agus forbairt i dteicneolaíocht nua. Ar bhonn níos ginearálta, chuir an Áise, go háirithe an tSín agus an Chóiré, feabhas ollmhór ar a feidhmíocht sa taighde, teicneolaíocht agus nuálaíocht le 20 bliain anuas. Ba chóir don Limistéar Eorpach Taighde nua cabhrú leis an Eoraip breith suas ar na tíortha sin trí infheistíocht agus trí shoghluaisteacht mhéadaithe.

Cé go dtacaíonn CESE le treoirphlean an Choimisiúin, tarraingíonn sé aird ar chúig phríomhearnáil nach bhfuil le feiceáil ar a liosta de theicneolaíochtaí straitéiseacha d’ainneoin a riachtanaí atá siad do rath na hEorpa:

  • samhlacha gnó digiteacha;
  • teicneolaíochtaí monaraíochta earraí agus bia;
  • taighde cliniciúil, earnáil na cógaisíochta agus earnáil na biteicneolaíochta;
  • teicneolaíochtaí spáis;
  • uisce glan agus sláintíocht.

Príomhphointe eile a dhéanann CESE sa tuairim uaidh ná gur gá cothromaíocht a aimsiú idir “sármhaitheas” agus “luas” agus torthaí T&F á n-aistriú go táirgí agus seirbhísí nuálacha. In earnáil an ghnó, is é an luas an rud is tábhachtaí, ach, i measc na n-eolaithe, déantar iarracht sármhaitheas a bhaint amach agus iarrtar níos mó ama agus airgid a chur ar fáil do T&N. Ba cheart an dá rud sin a chur ar comhchéim i mbeartas an Choimisiúin don taighde, teicneolaíocht agus nuálaíocht. (dm)