Tá sé iarrtha ag CESE go mbeadh cánachas níos simplí agus cothrom san Aontas agus níos faide i gcéin

Tacaíonn Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) go ginearálta le tograí reachtacha an Choimisiúin maidir le cánachas níos éifeachtúla agus níos cothroime agus tá sé an-sásta leis an gcaoi a bhfuiltear á gcomhordú ar an leibhéal domhanda.

Sa tuairim uaidh a glacadh ag an tionól iomlánach an 24 Feabhra, tacaíonn CESE go hiomlán leis an bpacáiste ón gCoimisiún Eorpach maidir le cánachas cothrom simplí. Dúirt rapóirtéir na tuairime, Krister Andersson, gur cheart na tograí sin a bheith ag teacht leis an bplé domhanda a rinneadh in OECD faoi chuimsiú an Chreata Chuimsithigh maidir le Creimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis. “Tá an méid sin ríthábhachtach chun comhthoil dhomhanda a bhaint amach, agus bearta aontaobhacha á seachaint,” a mhínigh sé.

Tá CESE ag teacht leis an tuairim gur tábhachtaí fós i ndiaidh phaindéim COVID-19 cánachas cothrom agus éifeachtúil a bhaint amach. Sa tuairim uaidh, chuir sé a fhís i láthair maidir le príomhábhair amhail dea-rialachas cánach san Aontas Eorpach, an chalaois chánach agus an imghabháil cánach a chomhrac, ceanglais maidir le tuairisciú cánach, cóireáil CBL maidir le seirbhísí airgeadais agus rialacha cánach agus fostaíochta maidir le hardáin dhigiteacha. I measc tograí eile a chuir CESE i láthair, tá an comhshocrú Eorpach chun an chalaois chánach, an imghabháil agus seachaint cánach agus sciúradh airgid a chomhrac go héifeachtach. (na)