Baineann gné eacnamaíoch leis an smacht reachta freisin!

Tá géarchéim an smachta reachta san Aontas Eorpach ag doimhniú. Tá taobh na polaitíochta tugtha isteach sa scéal, rud a spreag díospóidí dlíthiúla a bhainfeadh an bonn de bhunchlocha an Aontais Eorpaigh. Cé go dtarraingítear aird ar leith sa dioscúrsa poiblí ar ghnéithe polaitiúla agus dlíthiúla an smachta reachta, is beag aird fós a thugtar ar an ngné eacnamaíoch. Is botún é sin, i mo thuairimse, toisc go bhfuil an-tionchar ag an smacht reachta ar chobhsaíocht shóisialta agus eacnamaíoch.

Má urramaítear an smacht reachta, cuirfear borradh faoin bhfás trí infheisteoirí a mhealladh, ar mór acu cúrsaí sábháilteachta, slándála agus trédhearcachta. Is mór ag na hinfheisteoirí freisin na dálaí cobhsaí a chruthaíonn rialtais chóir agus eiticiúla, mar aon le breithiúna cothroma neamhspleácha. Dá bhrí sin, tá urraim don smacht reachta ina ghné ríthábhachtach don infheistíocht agus don trádáil.

Creidim féin gur cheart ról níos láidre a bheith ag prionsabal an smachta reachta sa mhargadh inmheánach. Ní féidir iomaíocht chóir a bheith againn má tá bearta idirdhealaitheacha (amhail maorlathas breise nó cánacha nach bhfuil feidhm acu ach i dtaca le hinfheisteoirí coigríche amháin) á dtabhairt isteach ag níos mó agus níos mó ballstát. Ní mór cearta áirithe, amhail an ceart chun maoine agus saoirse fiontraíochta a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr.

Tá gné eacnamaíoch an smachta reachta soiléir go háirithe i gcomhthéacs an mhéadaithe. I gcás tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha iad, is é an deis d'aontachas leis an Aontas an dreasacht is mó chun athchóirithe eacnamaíocha a chur i bhfeidhm agus an smacht reachta a neartú. Ní mór don Aontas Eorpach dea-shampla a thabhairt chun na tíortha sin a choinneáil ar bhóthar an aontachais agus chun a gcórais dhaonlathacha a fhorbairt bunaithe ar an tsamhail Eorpach. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin anois, i gcás go bhfuil tíortha eile, na Balcáin Thiar mar shampla, ag cur dlús lena n-iarrachtaí tionchar a bheith acu.

Níl iontu sin ach roinnt de na cúiseanna nach mór faireachán níos fearr a dhéanamh ar ghnéithe eacnamaíocha an smachta reachta. Ní mór dúinn díriú níos mó ar ghné eacnamaíoch an smachta reachta. Is ról é sin do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus tá sé ag tabhairt aghaidh ar an gcúram sin sna misin aimsithe fíoras maidir leis an smacht reachta. Mholfainn féin go láidir don Choimisiún Eorpach go n-áireofaí caibidil ar leith maidir leis an ngné eacnamaíoch i dtuarascáil 2022 maidir leis an smacht reachta. Is cinnte gur fiú machnamh fadtéarmach agus infheistíocht fhadtéarmach a dhéanamh sa réimse seo.

Christa Schweng
Uachtarán CESE