Tá gá le hinfheistíocht san iompar ar uiscebhealaí intíre

Ní mór don Aontas an t‑iompar Eorpach a oiriúnú go leanúnach chun freastal ar na riachtanais atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, go háirithe i bhfianaise na n‑athruithe ar éileamh agus an ardaithe ar láimhdeachas na gcalafort. Caithfear díriú ar an ilmhodúlacht agus an loinseoireacht chliste. Ní mór leas a bhaint as buntáistí na modhanna éagsúla iompair chun na torthaí is fearr is féidir a bhaint amach. Ag an am céanna, tá sé tábhachtach an tsábháilteacht a fheabhsú agus an díobháil a dhéantar don chomhshaol a laghdú.

Is é sin an phríomhtheachtaireacht a chuirtear chun tosaigh sa tuairim a dhréachtaigh Mateusz Szymański agus a glacadh ag seisiún iomlánach CESE i mí Eanáir, ar freagra í ar an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le ‘NAIADES III: Boosting future-proof European inland waterway transport’ [NAIADES III: Borradh a chur faoin iompar ar uiscebhealaí intíre san Eoraip a sheasfaidh an aimsir].

Ag labhairt dó ar imeall an chruinnithe, dúirt Mateusz Szymański an méid seo a leanas: ‘Is plean gníomhaíochta tábhachtach é NAIADES III. Tacaíonn CESE leis na hiarrachtaí chun sciar an iompair ar uiscebhealaí intíre den iompar paisinéirí agus lastais a mhéadú. Tá acmhainneacht ollmhór sa limistéar sin nár baineadh leas aisti go fóill. Teastaíonn toil pholaitiúil agus tiomantas uainn ar go leor leibhéal chun bearta tacaíochta a bhunú chun bonneagar a fhorbairt agus a chothabháil agus chun deiseanna gairme a chur chun cinn in earnáil an iompair ar uiscebhealaí intíre. Ní mór gréasán TEN‑T a thabhairt cothrom le dáta freisin, chun na forbairtí is déanaí in earnáil an iompair a chur san áireamh.’ (mp)