An 9 Nollaig, bhronn Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) duaiseanna ar chúig eagraíocht agus chomhlachas neamhbhrabúsacha as a gcuid tionscadal aeráide cruthaitheach agus spreagúil a bhfuil sé d’aidhm acu aistriú cothrom i dtreo geilleagar ísealcharbóin aeráid-díonach a chur chun cinn.

Roinneadh duais EUR 50 000 idir na cúig thionscadal a bhuaigh an comórtas. Is é an comhlachas Beilgeach, Grootouders voor het klimaat (Seantuismitheoirí ar son na hAeráide) a bhuaigh an chéad duais EUR 14 000. Tugadh EUR 9 000 an ceann do na ceithre chomhlachas eile.

Rangaíodh na comhlachais a bhain an dara, an tríú agus an ceathrú háit amach san ord seo a leanas: an comhlachas Spáinneach Associació Catalana Enginyeria Sense Fronteres (Innealtóirí gan Teorainneacha, an Chatalóin), an comhlachas Rómánach Ateliere Fara Frontiere (Ceardlann gan Teorainneacha), an stiúideo pleanála uirbí Prostorož ón tSlóivéin, agus líonra d’eagraíochtaí neamhrialtasacha ón Eastóin: Eesti Roheline Liikumine (Gluaiseacht Ghlas na hEastóine), Eestimaa Looduse Fond (Ciste na hEastóine don Dúlra) agus Eesti Keskkonnaõiguse Keskus (Ionad Dlí Comhshaoil na hEastóine).

Ag an searmanas bronnta a reáchtáladh ar líne agus sa Bhruiséil, rinne Uachtarán CESE, Christa Schweng, comhghairdeas leis an gcúigear buaiteoirí agus leis na hiarrthóirí uile a rinne iarratas: ‘Léiríonn na tionscadail a fuaireamar an luach agus an chruthaitheacht atá ann i réimsí éagsúla a bhaineann leis an aeráid. Creidimid go daingean go gcabhróidh tionscadail den chineál sin chun aeráidneodracht agus aistriú cothrom a bhaint amach. Ós rud é go dtacaíonn CESE go láidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, tá sé lánchinnte gur gá saoránaigh agus gnólachtaí a chur i gcroílár an aistrithe ghlais agus a áirithiú ag an am céanna nach bhfágfar aon duine ar lár.’

Dúirt Leas-Uachtarán um an gCumarsáid in CESE, Cillian Lohan: ‘Tá gá le rannpháirtíocht ghníomhach gach cuid den tsochaí chun dul i ngleic leis an athrú aeráide. Agus is gá príomhathrú ón gcomhairliúchán agus ón rannpháirtíocht ón mbarr anuas chuig an gcomhdhearadh, chuig an gcomhchruthaitheacht agus chuig an gcumhachtú. Is comharthaí dearfacha iad tionscadail ár mbuaiteoirí ar an gcomhdhearadh agus ar an gcomhchruthaitheacht seo. Éiríonn siad le daoine agus eagraíochtaí a mhealladh freisin. Tugann an saibhreas mór sna smaointe seo dóchas nach dtiocfaidh deireadh leis an gcath i gcoinne an athraithe aeráide go ceann i bhfad.’

BUAITEOIRÍ DHUAIS NA SOCHAÍ SIBHIALTA 2021
Is comhlachas de sheantuismitheoirí ó réigiún Fhlóndras na Beilge buaiteoir na bliana seo. Deir Grootouders voor het klimaat go bhfuil a ndícheall á ndéanamh acu chun domhan níos fearr agus níos inbhuanaithe a fhágáil dá ngarchlann. Spreagann feachtas an chomhlachais dar teideal ‘Ár gcoigilteas ar mhaithe lena dtodhchaí’ tuairim is 2.4 milliún seantuismitheoir Beilgeach a gcoigilteas, ar fiú sin agus EUR 910 mbilliún de shócmhainní, a atreorú chuig tionscadail níos inbhuanaithe.

Dírítear leis an bhfeachtas freisin ar an earnáil airgeadais agus ar an rialtas. Spreagann sé infheisteoirí agus institiúidí aistriú i dtreo iompar inbhuanaithe agus maoiniú inbhuanaithe. Ina theannta sin, cuireann an comhlachas litearthacht airgeadais i measc mac léinn chun cinn. Is mian leis an gcomhlachas béim a leagan ar an ról ríthábhachtach a d’fhéadfadh a bheith ag daoine scothaosta maidir le gníomhú ar son na haeráide.

Agus é ag glacadh leis an duais, dúirt urlabhraí do Grootouders voor het klimaat, Guy De Koninck:'Is onóir dúinn an duais seo a ghlacadh i dteannta le ceithre thionscadal iontacha eile. Táimid buartha faoin bpláinéad. Thugamar cluas éisteachta don óige agus bhíomar i láthair ag na mórshiúlta a d’eagraigh sí ar son na todhchaí. Más rud é gurb é an t-airgead bun agus barr an tsaoil, tá an domhan ag bogadh faoi láthair sa treo mícheart. Ní mór dúinn an treocht sin a aisiompú agus is é sin cuspóir an fheachtais. Is é an teachtaireacht atá á seoladh againn chuig na rialtais, na bainc agus seantuismitheoirí eile ná gur féidir leis an airgead atá inár seilbh an t-athrú is gá a chur i gcrích. Tá tábhacht ag baint leis an duais a bhuachan, tugann sé tacaíocht mhorálta agus airgeadais dár bhfeachtas.”

Bronnadh an dara duais ar Associació Catalana Enginyeria Sense Fronteres (Innealtóirí gan Teorainneacha, an Chatalóin). Tráth a bhfuil 11 % de theaghlaigh na Spáinne ag streachailt le bochtaineacht fuinnimh, tá an comhlachas Catalóinise seo ag comhrac ar son an cheartais aeráide bunaithe ar chearta an duine. Cuireann sé ar chumas na ndaoine atá ag dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh páirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí reatha maidir le héigeandálaí aeráide agus is é an aidhm atá aige daoine faoi mhíbhuntáiste a chumasú chun a gceart bunúsach chun rochtain a fháil ar fhóntais bhunúsacha a fheidhmiú.

Bronnadh an triú duais ar an gcomhlachas Rómánach Ateliere Fara Frontiere (Ceardlann gan Teorainneacha). Téann a thionscadal educlick i ngleic leis an éagóir shóisialta agus ardaíonn sé feasacht ar bhuntáistí an gheilleagair chiorclaigh. Fostaíonn an comhlachas daoine imeallaithe a dhéanann athchóiriú ar dhramhthrealamh leictreach agus leictreonach. I ndiaidh an athchóirithe, tugann siad an trealamh sin do scoileanna i gceantair faoi mhíbhuntáiste, agus d’eagraíochtaí a oibríonn le leanaí leochaileacha.

Bronnadh an ceathrú háit ar an stiúideo pleanála uirbí Prostorož ón tSlóivéin, a spreag cónaitheoirí phríomhchathair na Slóivéine Liúibleána chun dul i ngleic le tionchar an athraithe aeráide sa chathair sin, arb í ceann de na cathracha atá ag téamh ag an ráta is tapúla ar domhan. Tríd an tionscadal Hot Spots, tugadh cuireadh do chónaitheoirí Liúibleána na suíomhanna is teo sa chathair a aimsiú ar léarscáil dhigiteach. Fuair an eagraíocht méid ollmhór aiseolais faoin méid ba cheart a dhéanamh chun róthéamh a sheachaint.

Bronnadh an cúigiú duais ar líonra d’eagraíochtaí neamhrialtasacha ón Eastóin Eesti Roheline Liikumine, Eestimaa Looduse Fond agus Eesti Keskkonnaõiguse Keskus , ar líonra é atá ag comhrac chun dearcthaí maidir le fuinneamh in-athnuaite sa tír a athrú, atá ar cheann de na tíortha a bhfuil an lorg carbóin is mó san Aontas Eorpach aici. Chruthaigh an líonra sin ardán don idirphlé idir na páirtithe go léir maidir le saincheist an aistrithe fuinnimh in oirthuaisceart na hEastóine, áit a ndéanfar an tionscal scealla ola a chéimniú amach de réir a chéile, rud nár glacadh leis go fonnmhar.

MAIDIR LE DUAIS NA SOCHAÍ SIBHIALTA 2021
Mheall téama na bliana seo ‘Gníomhú ar son na hAeráide’ na scórtha eagraíochtaí is iarrthóirí ó 24 thír. Cuireadh raon leathan tionscadal isteach, rud a leagann béim ar na cineálacha cur chuige nuálacha a ghlac eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus daoine aonair chun aghaidh a thabhairt ar an éigeandáil aeráide.

Léirigh an duais an ról ríthábhachtach atá ag na pobail maidir le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, sprioc atá leagtha amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip. Tá súil ag CESE go spreagfaidh an duais sin an tsochaí shibhialta chun cabhrú le geilleagair áitiúla a dhéanamh níos glaise, agus chun noirm, iompar agus córais a athrú ar bhonn leanúnach, arb iad is cúis leis an ngéarchéim aeráide.

Bronntar Duais na Sochaí Sibhialta mar chúiteamh ar ‘barr feabhais i dtionscnaimh na sochaí sibhialta’. Gach bliain, díríonn an duais ar ghné dhifriúil d’obair CESE. Ba é ba théama don duais in 2019 comhionannas inscne agus cumhachtú na mban. In 2020, sheol CESE Duais na Dlúthpháirtíochta Sibhialta, ar duais aonuaire é a bhí tiomnaithe don chomhrac i gcoinne COVID-19.

Tá tuilleadh sonraí faoi Dhuais na Sochaí Sibhialta 2021 ar fáil anseo. (ll)