Action Plan to implement the European Pillar of Social Rights and the Social Summit in Porto

Le Grúpa na nOibrithe in CESE

I seimineár gréasáin arna reáchtáil ag Grúpa na nOibrithe in CESE i mí Eanáir cuireadh i bhfáth gur ghá conradh sóisialta nua a thabhairt i gcrích ag Cruinniú Mullaigh Porto a bheidh ann amach anseo.

Táimid ag maireachtáil tríd an ngéarchéim sláinte agus eacnamaíoch is measa i stair an Aontais Eorpaigh. Os a choinne sin, cé gur chuir an phaindéim leis an mbochtaineacht, leis an dífhostaíocht agus leis an neamhionannas, ní haon rud nua atá sna saincheisteanna sin.

D’fhonn na saincheisteanna sin a phlé bhí seimineár gréasáin ag Grúpa na nOibrithe in CESE, déanach i mí Eanáir le Nicolas Schmit, an Coimisinéir Eorpach um Poist agus um Chearta Sóisialta, Ana Mendes Godinho, an Aire Fostaíochta, Dlúthpháirtíochta agus Slándála Sóisialta sa Phortaingéil, (arna hionadú ar chúiseanna sláinte ag Miguel Cabrita, an Aire Stáit Saothair agus Gairmoiliúna, Iratxe García Pérez, Uachtarán ar ghrúpa S&D i bParlaimint na hEorpa, agus Oliver Röpke, Cathaoirleach Ghrúpa na nOibrithe in CESE.

Thug na cainteoirí le fios go raibh na huirlisí chun cuidiú le daoine ann agus gur gá a áirithiú go dtarlódh amhlaidh. Beartais éifeachtacha, seachas spriocanna, a bhí ag teastáil chun Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur i bhfeidhm ar bhealach inbhraite do shaoránaigh. Níor mhór bearta agus tionscnaimh reachtacha ghearrthéarmacha, mheántéarmacha agus fhadtéarmacha a áireamh sa Phlean Gníomhaíochta, chomh maith le buiséad leordhóthanach.

Áitíodh nár mhór fíorathrú cúrsa a theacht as cruinniú mullaigh Porto, i bhfianaise nach mbeadh aon téarnamh ann gan téarnamh sóisialta agus nach mbeadh aon inbhuanaitheacht ann d’uireasa inbhuanaitheacht shóisialta. D’fhéadfaí an méid sin a bhaint amach ach an tsochaí shibhialta agus na comhpháirtithe sóisialta a rannpháirtiú sa phróiseas, fóram ceart a bhunú do thuairimí agus rannpháirtíocht oibrithe agus cur le cómhargáil agus comhaontuithe comhchoiteanna.

I gClár Oibre Porto 2030 a thiocfaidh as an gcruinniú mullaigh, ní mór níos mó ná COVID a bheith ar áireamh, ní mór dul i ngleic ann le saincheisteanna struchtúracha a bhaineann leis an domhandú, athdháileadh maoine, cosaint an mhargaidh saothair, infheistíocht shóisialta sa Chomhaontú Glas Nua, an Seimeastar Eorpach agus deireadh a chur le beartais déine, as measc neart ábhar eile. Ba cheart tús a chur le conradh sóisialta nua, rud lena seachnófar an cathú dul ar ais go dtí cás ‘gnó mar is gnách’ agus ina gcuirfear in iúl an cineál todhchaí ar mhian linn a thógáil. Chuir na cainteoirí i bhfios go láidir nár mhór dúinn a áirithiú, go mbeadh na rialacha atá ann faoi láthair á gcur i bhfeidhm agus go mbeadh na rialacha ba ghá curtha ar bun, sa phróiseas chun daoine agus Ballstáit a thabhairt le chéile, go mbeadh dlúthpháirtíocht, comhionannas agus inbhuanaitheacht ann, má táthar chun infheistíocht shóisialta láidir a dhéanamh inár dtodhchaí. (prp)