European Economic
and Social Committee
An tAontas le súil ghéar a choinneáil ar chur chun feidhme Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe
Den chéad uair ó síníodh an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, chuir Michel Barnier, Ceann Thascfhórsa an Choimisiúin Eorpaigh um an gCaidreamh leis an Ríocht Aontaithe, a thuairimí in iúl go poiblí maidir leis an téacs le linn díospóireacht ag seisiún iomlánach mhí Eanáir de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.
San óráid a thug an tUasal Barnier, chur se i bhfios nach rud dearfach a bhí in Brexit: “Is colscaradh é seo, agus níor cheart go mbeadh duine ar bith sásta tar éis colscaradh. Ach táimid sásta leis an gcomhaontú seo atá bainte amach againn leis an Ríocht Aontaithe. Léiríonn sé nach bhfuil tír ar bith sáinnithe san Aontas Eorpach, cé gurb é sin an reitric ó dhéimeagógaigh áirithe ar an eite dheas agus ar an eite chlé. Is féidir le tír ar bith an tAontas a fhágáil, ach iarmhairtí a bheith i gceist leis ó thaobh saofa agus corraíolacha de”.
Ba é ba chúis leis an gComhaontú ná na gnéithe eacnamaíochta agus trádála idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe a réiteach don tréimhse tar éis Brexit, agus fios maith acu nár chríochphointe é. “Ní hamháin gur céim thábhachtach í cur chun feidhme cuí an chomhaontaithe seo, ach is cinnte go gcaithfear cur leis amach anseo, maidir le hábhair áirithe nár theastaigh ón Ríocht Aontaithe a chur san áireamh an uair seo, amhail cosaint nó beartas eachtrach”.
Chomh maith leis sin, chuir an tUasal Barnier in iúl go láidir nár cuireadh deireadh le hobair an Choimisiúin: dhéanfadh an Coimisiún monatóireacht ar chur chun feidhme an chomhaontaithe agus choinneodh sé súil ghéar ar aon togra ó thaobh na Breataine a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le héagsúlacht rialála.
Ghabh Christa Schweng, Uachtarán CESE, buíochas leis an Uasal Barnier as a chuid oibre le linn na caibidlíochta faoi Brexit agus dúirt sí go raibh a “thrédhearcacht agus an t-am a chuir sé isteach chun an tsochaí shibhialta a choinneáil ar an eolas le linn an phróisis caibidlíochta” le moladh. Labhair an tUasal Barnier ag cúig dhíospóireacht iomlánacha CESE.
Mhol Jack O’Connor, Cathaoirleach ar Ghrúpa Faireacháin Brexit in CESE, an dóigh inar láimhseáil an tUasal Barnier ceist na hÉireann le linn na caibidlíochta faoi Brexit agus thug sé chun cuimhne an gealltanas a thug CESE agus an Grúpa Faireacháin Brexit “ár ról a ghlacadh chun barr cumais an chomhaontaithe a bhaint amach”, go háirithe maidir le sochaí shibhialta na Ríochta Aontaithe. (dgf)