Molann CESE sraith prionsabal coiteann do sheirbhísí poiblí chun cuidiú leis na Ballstáit cloí go hiomlán leis an daonlathas agus an smacht reachta.

Tugann CESE dá aire i dtuairim uaidh a glacadh ag an tionól iomlánach an 2 Nollaig go gcuireann seirbhísí poiblí leis an bhforbairt shóisialta agus le sochaí bhríomhar a chothú trí rochtain chomhionann uilíoch ar sheirbhísí a chinntiú do chách, lena n-áirítear grúpaí leochaileacha atá faoi mhíbhuntáiste. Bíonn tábhacht leis na seirbhísí sin le linn géarchéimeanna toisc go gcabhraíonn siad leis an mbuanseasmhacht a chinntiú, go mór mór agus méadú tagtha ar ghéarchéimeanna le blianta beaga anuas i réimsí amhail an tslándáil, an geilleagar, an tearmann, an comhshaol, an aeráid agus an tsláinte.

Dúirt Christian Moos, rapóirtéir CESE, an méid seo a leanas: “Is iad an riarachán poiblí agus na seirbhísí poiblí an nasc is tábhachtaí atá ann idir na rialtais agus an tsochaí shibhialta. Is gné lárnach iad de sheasmhacht an daonlathais áitiúil san Eoraip. Tá sásraí éifeachtacha ag teastáil ón Aontas chun a chinntiú go dtabharfar lánurraim don smacht reachta agus do neamhchlaontacht an riaracháin phoiblí sna Ballstáit go léir.”

Sraith prionsabal coiteann

Seo thíos sraith prionsabal coiteann atá sainaitheanta ag CESE do sheirbhísí poiblí agus do riaracháin phoiblí:

  • Treisíonn an ceart chun dea-rialacháin an mhuinín i measc na sochaí. A bhuí le trédhearcacht i seirbhísí poiblí, cinntítear go bhfuil maoirseacht neamhspleách ann agus cuirtear leis an gcomhrac i gcoinne an éillithe.
  • Tá feidhm chosanta ag seirbhísí poiblí i ndáil leis an smacht reachta. Is gá baill foirne atá ag obair i seirbhísí poiblí a chosaint sa chaoi is gur féidir leo diúltú do threoracha seirbhíse neamhdhlisteanacha a chomhlíonadh. 
  • Ní mór do sheirbhísí poiblí rochtain saor in aisce ar fhaisnéis a chur ar fáil agus a chinntiú go bhfuil na seirbhísí sin ar fáil do chách i gcónaí in ainneoin an digitithe.

Sa bhreis air sin, molann CESE gur cheart seirbhísí poiblí a bheith idir-inoibritheach ar an leibhéal Eorpach. Ba cheart go bhféadfaí malartuithe agus rothlú post idir seirbhísí poiblí na mBallstát a chinntiú. Ní mór do na seirbhísí poiblí uile a bhfuil baint acu le leithdháileadh chistí an Aontais prionsabail na seirbhíse poiblí a urramú agus a chur chun feidhme. (na)