Grúpa Staidéir Sealadach um Intleacht Shaorga

Baineann an-acmhainneacht leis na teicneolaíochtaí intleachta saorga ó thaobh réitigh nua agus nuálacha a chruthú chun feabhas a chur ar shaol an duine, chun fás an gheilleagair a chinntiú agus chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin i dtaca le sláinte agus folláine, an t-athrú aeráide agus an tslándáil.

Mar sin féin, cosúil le gach teicneolaíocht bhunathraitheach, tá rioscaí ag gabháil leis an intleacht shaorga agus baineann dúshláin shochaíocha chasta léi i roinnt réimsí amhail saol na hoibre, an tslándáil, an saol príobháideach, eitic, scileanna, etc.

Tá sé fíorthábhachtach go mbeidh cur chuige cuimsitheach ann i leith na hintleachta saorga, a chumhdóidh a cuid éifeachtaí uile, ar an tsochaí ina hiomláine, go háirithe tráth atá athruithe ag teacht ar luas lasrach.

Bunaíodh an Grúpa Staidéir Sealadach um Intleacht Shaorga d'fhonn a ráthú go leanfaí d'obair CESE sa réimse seo.

Downloads

End of mandate report - GEP AI