Comhchoiste Comhairliúcháin CARIFORUM-AE

Déantar foráil i gComhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche Cariforum-AE maidir le Coiste Comhairleach (CC) lena gcinntítear go ndéanann comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta agus ionadaithe ar eagraíochtaí sochaí sibhialta monatóireacht ar an gComhaontú sin. Is é an príomhchúram atá air moltaí a dhéanamh faoi ghnéithe eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil den chaidreamh idir an tAontas agus stáit Cariforum, de réir mar a thagann siad i gceist agus an Comhaontú á chur chun feidhme.

Is í an chomhairle chomhpháirteach a chinneann ballraíocht an Choiste Chomhairligh d’fhonn ionadaíocht leathan ar na páirtithe leasmhara uile, agus comhairliúchán leo, a chinntiú. Is éard atá ar an gCoiste sin ná ionadaithe ó Cariforum agus ón Aontas, ar comhaltaí de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa na hionadaithe sin.

Cuireann rúnaíocht CESE rúnaíocht ar fáil don Choiste Comhairleach freisin nuair is ar an Aontas Eorpach a thiteann sé í a chur ar fáil (gach re bliain)

Downloads

Rules of procedure of the CARIFORUM-EU Consultative Committee