Ozlem Yildirim: An ceart chun comhshaoil fholláin a aithint mar cheart bunúsach

 Agus é á chur san áireamh go bhfuil tionchar díreach agus indíreach ag díghrádú an chomhshaoil agus ag an suaitheadh aeráide ar chearta bunúsacha éagsúla (amhail an ceart chun na beatha, an ceart chun sláinte nó an ceart chun oideachais), d’fhéach CESE den chéad uair riamh ar an idirnascacht shoiléir sin a d’fhéadfadh an dul chun cinn atá déanta le blianta beaga anuas maidir le forbairt, sláinte dhomhanda agus laghdú na bochtaineachta a chur ó rath.

Leis an tuarascáil faisnéise Cosaint an chomhshaoil mar réamhriachtanas chun cearta bunúsacha a urramú, bhí an deis ann aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna tábhachtacha agus, go háirithe, ar an gceart chun comhshaoil fholláin mar cheart bunúsach. Ós údar na tuarascála seo mé, ba mhian liom aird a tharraingt air go measann an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil gurb é an truailliú aeir an riosca is mó don tsláinte ón gcomhshaol san Eoraip. Ní hamháin go gcuireann an truailliú sin sláinte an duine i mbaol, tá costais mhóra eacnamaíocha i gceist leis chomh maith toisc go n-eascraíonn costais leighis níos airde as, táirgiúlacht níos ísle, go háirithe mar gheall ar laethanta oibre a bheith caillte, agus táirgeacht talmhaíochta níos ísle. Ina fhianaise sin, is geal linn go bhfuil ceart nua de chuid chearta an duine ag teacht chun cinn, is é sin an ceart chun comhshaoil fholláin, shábháilte agus inbhuanaithe.

De réir na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) tá 1.2 billiún post (40 % de líon iomlán na bpost ar domhan) ag brath ar chomhshaol folláin a bheith ann. I ngeall ar an strus teirmeach, tiocfaidh laghdú 2 % ar líon na n-uaireanta oibre ar domhan faoi 2030, i.e. 72 mhilliún post. Beidh tionchar ag an truailliú agus ag díghrádú an chomhshaoil ar tháirgiúlacht, sláinte, ioncaim agus slándáil bia na n-oibrithe.

Sin é an fáth a dtugtar an méid seo a leanas le fios sa tuarascáil faisnéise: ‘Ní mór don Aontas a léiriú gur comhpháirtí iontaofa é ar an leibhéal idirnáisiúnta ach reachtaíocht a neartú agus a chur chun feidhme ina gcomhtháthaítear cur chuige cuimsitheach atá bunaithe ar chearta an duine maidir leis an ngníomhú ar son na haeráide agus an chomhshaoil chun beartais agus bearta um maolú an athraithe aeráide a threorú agus cearta an uile dhuine á gcosaint. Ní mór don Aontas, thar aon rud eile, a bheith comhsheasmhach agus aird níos mó a thabhairt ar chomhaontuithe trádála.’

Ar na tograí éagsúla atá sa tuarascáil seo maidir le gníomhaíochtaí aeráide an Aontais a dhíriú ar na cearta bunúsacha, leagtar béim faoi leith ar straitéis idirdhisciplíneach shoiléir chomhordaithe a ghlacadh agus ar an ngá atá le próiseas aontachais an Aontais Eorpaigh leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine a thabhairt chun críche. Ar deireadh, tá CESE á iarraidh go nglacfaidh dlí Eorpach ar a dtabharfar ‘an dlí maidir le cásanna dlí straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí’ d’fhonn ardleibhéal cosanta aonfhoirmeach a bhaint amach ar fud na hEorpa trí dhul i ngleic le nósanna imeachta breithiúnacha mí-úsáideacha arb é is aidhm dóibh sceithirí eolais, iriseoirí, cosantóirí cearta agus forais faire phoiblí a chur ina dtost.

Ozlem Yildirim, comhalta de CESE agus leaschathaoirleach ar an nGrúpa um Chearta Bunúsacha agus an Smacht Reachta