European Economic
and Social Committee
Sárú na hailse trí spleáchais straitéiseacha an Aontais a shárú
le Alena Mastantuono
Gach bliain, baineann níos mó ná 10 milliún othar san Eoraip tairbhe as leigheas núicléach nuair a dhéantar galair cosúil le hailse agus galair chardashoithíocha agus néarashoithíocha freisin a dhiagnóisiú agus a chóireáil.
Tá na teicneolaíochtaí raideolaíocha agus núicléacha ina n-úsáidtear raidiseatóip ríthábhachtach sa chomhrac i gcoinne na hailse ag gach céim den chúram, mar atá an luathbhrath, an diagnóis, an chóireáil agus an cúram maolaitheach.
Tá méadú ag teacht ar líon na n-othar a bhaineann tairbhe as an leigheas núicléach a bhuí sin leis na forbairtí ceannródaíocha eolaíocha thar rud ar bith eile. Tá roinnt de na teiripí nuálacha radailiogainne ailse is déanaí dá bhfuil ann forbartha ag taighdeoirí agus gnólachtaí Eorpacha, amhail táirgí cógaisíochta a dhíríonn ar shiadaí na hailse inchríní agus na hailse próstataí agus meiteastáis ionscaipthe. Mar shampla, is raidiseatóp a bhfuil an-ghealladh faoi é Lutetium-177 chun cóireáil a dhéanamh ar an ailse próstatach, galar arb é is cúis le 90 000 bás san Eoraip gach bliain. I gcomparáid le cóireálacha traidisiúnta, díríonn teiripe radanúiclídí nua-aimseartha ar bhealach éifeachtach ar chealla ailse agus is minic nach mbíonn sé chomh díobhálach céanna don chorp. Tá beatha na mílte othar ag brath ar theiripe radanúiclídí spriocdhírithe, agus is minic gurb í sin an t-aon chóir leighis atá ar fáil dóibh.
Mar sin féin, tá slabhra soláthair na míochaine núicléiche thar a bheith casta sula sroicheann sé an t-othar. Áirítear leis-sean soláthar amhábhar maille lena stóráil, a n-ionradaíocht, a bpróiseáil, a lóistíocht agus a gcur i bhfeidhm. Chomh luath agus a tháirgtear na raidiseatóip, ní foláir iad a phróiseáil, a sheoladh chun siúil agus a úsáid laistigh de thréimhse réasúnta gearr, cuid acu ar an lá céanna, cuid eile laistigh de bheagán laethanta, ag brath ar an leathré atá acu. Is earraí iad atá thar a bheith meatach agus a lobhann go tapa.
Spéisiúil go leor, ní léirítear na saintréithe sin i nósanna imeachta iompair ná custaim trasteorann. Maidir le hiompar trasteorann, cuir i gcás, tá roinnt bacainní ann as a n-eascraíonn cásanna ina bhféadfaí tosaíocht a thabhairt do shéaclaí thar raidiseatóip a d’fhéadfadh saol othair a shábháil.
Sin an fáth a bhfuil CESE ag iarraidh, sa tuairim uaidh maidir le soláthar raidiseatóp míochaine, go mbeadh comhar níos fearr ann i measc na mBallstát chun deireadh a chur leis na bacainní rialála. Féachtar sa tuairim ar gach uile chéim de shlabhra soláthair na raidiseatóp san Eoraip agus sainaithnítear inti na constaicí i seachadtaí trasteorann chomh maith le spleáchais ar thríú tíortha. Tugtar chun cinn sa tuairim freisin réitigh ar bhonneagar atá in easnamh san Eoraip agus ar an ngá atá le T&F comhordaithe.
Sna moltaí a cuireadh chun cinn sa tuairim uaidh, tá CESE ag teacht leis na conclúidí ar thángthas orthu ag cruinniú mullaigh chinn stáit an Aontais i mí Aibreáin, inar leagadh béim ar an ngá atá le spleáchais straitéiseacha na hEorpa a laghdú in earnálacha íogaire amhail an tsláinte agus teicneolaíochtaí criticiúla. Leag siadsan béim freisin, i gcomhréir le tuarascáil Enrico Letta, ar an ngá atá le díriú ar sholáthar trasteorann seirbhísí, chomh maith le gluaiseacht trasteorann earraí, lena n-áirítear earraí bunriachtanacha amhail cógais leighis.
Ní mór don Eoraip dreasachtaí táirgeachta a chur ar fáil chun neamhspleáchas straitéiseach níos fearr a áirithiú i dtaca le soláthar raidiseatóp. Cé go bhfuil sí ar thús cadhnaíochta ar an leibhéal domhanda maidir le raidiseatóip míochaine a sholáthar, braitheann an Eoraip go hiomlán ar na Stáit Aontaithe agus ar an Rúis chun úráiniam ardmheasúnachta íseal-saibhrithe miotalach a sholáthar agus chun roinnt iseatóp saibhrithe a sholáthar le haghaidh spriocanna táirgeachta raidiseatóp.
Is rímhór é, fós, spleáchas an Aontais ar an Rúis agus é ag iarraidh spriocanna cobhsaí iseatóp a sholáthar dó féin, spriocanna lenar féidir raidiseatóip áirithe a tháirgeadh a úsáidtear i radaiteiripí móilíneacha nua-aimseartha nó atá á bhforbairt, cuir i gcás Itéirbiam-176 a úsáidtear chun Lúitéitiam-177 a tháirgeadh.
Is fíordhúshlán é sin do shlabhra soláthair an raidiseatóip áirithe sin, a bhfuiltear ag súil go dtiocfaidh méadú faoi thrí ar an éileamh domhanda ina leith sna blianta amach romhainn.
Braitheann an slabhra soláthair, freisin, ar na córais táirgthe ina n-úsáidtear imoibreoirí nó luasairí, chomh maith lena bpróiseáil agus a seachadadh chuig an ospidéal. Chun rochtain chomhionann ar chúram a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit, agus go háirithe na hionaid taighde agus na hospidéil, oibriú níos dlúithe ná riamh le chéile. Fós féin, ní hionann rochtain ar radaiteiripí ó Bhallstát go chéile, go háirithe ag na céimeanna forbartha agus píolótacha. Is é an aidhm atá ann rochtain níos tapúla a fháil ar chógais ag céim an taighde nó i gcás úsáid atruach, chomh maith le tuilleadh rochtana a áirithiú do na hospidéil bheaga a bhféadfadh saineolas agus bonneagar a bheith de dhíth orthu. D’fhéadfadh an rochtain seo a bheith ríthábhachtach do roinnt othar.
Tá an cistiú Eorpach le haghaidh taighde, forbairt agus nuálaíocht sa leigheas núicléach, go háirithe sna cláir Fís Eorpach agus Euratom, ríthábhachtach má táthar chun freastal ar riachtanais na n-othar. Ba cheart tionscadail straitéiseacha leasa choitinn a bheith ag an Eoraip sa réimse seo faoin gcéad leagan eile den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) a bheidh ag an Aontas amach anseo. Is tionscadail luachmhara iad straitéis SAMIRA an Choimisiúin Eorpaigh agus an Tionscnamh Eorpach um Ghleann Raidiseatóp (ERVI) i ndáil le Plean Sáraithe Ailse na hEorpa. Ba cheart don Choimisiún Eorpach tuilleadh a dhéanamh agus an leigheas núicléach a áireamh ar bhealach níos suntasaí i bPlean Sáraithe Ailse na hEorpa agus i Misean Ailse de chuid Fís Eorpach.
Ba cheart do na Ballstáit, freisin, beartais sláinte poiblí a mhaoiniú agus béim a leagan ar theicneolaíochtaí leighis raideolaíocha agus núicléacha. Ba dhea-chomhartha é sin don tionscal agus bheifí in ann forbairt agus fás an taighde, na nuálaíochta agus an bhonneagair thionsclaíoch a chur ar aghaidh san Eoraip. D’fhéadfadh sé níos mó daoine a mhealladh chuig an earnáil freisin.
Mar fhocal scoir, ní bheimid in ann soláthar raidiseatóp níos daingne a áirithiú san Eoraip ná freastal ar éileamh méadaitheach na n-othar ach amháin má dhéanaimid cinntí misniúla polaitiúla.