European Economic
and Social Committee
Eagarfhocal
Leigheas ar an deighilt idir na daoine: Conas is féidir leis an tsochaí shibhialta an polarú a chomhrac agus an dochar a bhaint as
Nuair is ag dul in olcas atá an deighilt idir na daoine sa tsochaí lenár linn, agus nuair is ag dul i léig atá an mhuinín as institiúidí an daonlathais, ní mór don tsochaí shibhialta aghaidh a thabhairt ar an dúshlán. Ní rud diúltach ann féin an polarú i gcásanna áirithe Ní lia duine ná dearcadh: sin é is lón díospóireachta don daonlathas. Mar sin féin, nuair is naimhdeas, bréagaisnéis agus deighilt an toradh a bhíonn ar an deighilt, is rud í a chuireann bunchlocha an daonlathais i mbaol.
Le linn Sheachtain na Sochaí Sibhialta i mbliana, chonaiceamar samplaí maithe de thionscnaimh a théann i ngleic leis an bpolarú díobhálach. Le Duais na Sochaí Sibhialta de chuid CESE, leagadh béim ar eagraíochtaí a oibríonn ar litearthacht sna meáin, rud a chuireann i gcoinne na bréagaisnéise, agus a chothaíonn plé idir óg agus aosta. Sin iad na cineálacha tionscadal nach mór tacú leo más mian linn sochaithe athléimneacha comhtháite a thógáil.
Ar fud na hEorpa, tá an ilroinnt shochaíoch ag dul i méid. Is iomaí sin dúshlán atá le sárú: neamhionannais eacnamaíocha, eisiamh sóisialta, mífhaisnéis dhigiteach, agus antoisceachas polaitiúil. Léiríonn an méadú atá tagtha le déanaí ar ghluaiseachtaí pobalacha ar fud na hEorpa, an laghdú atá ag teacht ar iolrachas na meán, agus an laghdú atá ag teacht ar an muinín as institiúidí an chaoi a gcuireann an polarú le míshástacht. Déanann na treochtaí sin struchtúir dhaonlathacha a lagú agus an comhtháthú sóisialta a chreimeadh. I dtréimhsí den sórt sin, ní hamháin gur rannpháirtí sa phróiseas daonlathach í an tsochaí shibhialta — is caomhnóir í ar athléimneacht an daonlathais.
Tá eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar thús cadhnaíochta le fada i gcosaint luachanna an daonlathais. Feidhmíonn siad ina n-idirghabhálaithe, ag tabhairt guthanna éagsúla chun boird, ag cur i gcoinne na mífhaisnéise, agus ag cothú díospóireachtaí poiblí eolacha. Cuireann siad ardán ar fáil dóibh siúd nach n-éistear lena nglór, agus iad ag tacú le beartais chuimsitheacha a nascann le chéile iad seachas caol na dinge a chur sa deighilt. Trí bhíthin na rannpháirtíochta sibhialta, sin agus plé bunaithe ar fhíricí, mar aon le tionscnaimh a chuireann an chaoinfhulaingt chun cinn, téann an tsochaí shibhialta i ngleic go gníomhach le fórsaí na deighilte.
Creideann CESE go diongbháilte gurb é neartú na rannpháirtíochta agus an idirphlé an t-aon bhealach le dul chun cinn. Sin rud a fheicimid inár gcuid oibre lá i ndiaidh lae — glacann ár gcuid comhaltaí, ag labhairt dóibh thar ceann na bhfostóirí, na gceardchumann agus na n-eagraíochtaí neamhrialtasacha, páirt i ndíospóireachtaí láidre, ach is é is aidhm dóibh i gcónaí teacht ar chomhthuiscint. Ní neart go haontú le chéile, agus is é sin an tsamhail nach mór a leathnú ar fud na hEorpa.
Ní mór an tsochaí shibhialta a chumhachtú chun a ról iomlán a chomhlíonadh le haghaidh a thabhairt ar an deighilt. Is éard atá i gceist leis sin a áirithiú go mbeidh rochtain acu ar chistiú, a gcumas oibriú gan bhac a chosaint, agus timpeallacht a chothú ina n-aithnítear agus ina dtugtar meas ar an méid a chuireann siad leis an saol daonlathach. Más trí chomhairliúcháin leis na saoránaigh é, trí thionscnaimh ón bpobal, nó trí uirlisí daonlathais dhioscúrsaigh, ní mór na sásraí rannpháirtíochta a threisiú lena áirithiú go mbraitheann daoine go bhfuil siad san áireamh i bpróiseas na cinnteoireachta.
Tá todhchaí na hEorpa ag brath ar an dearcadh atá ag na saoránaigh go bhfuil ionadaíocht á déanamh orthu, go bhfuil siad rannpháirteach agus go gcloistear a nglór. Ní aguisín leis an daonlathas í an tsochaí shibhialta – is í is cnámh droma dó. Agus sinn ag dul i ngleic le ré na deighilte, ní mór dúinn na huirlisí, an t-aitheantas agus an spás a thabhairt dó a theastaíonn uaidh chun leanúint de chosaint ár luachanna daonlathacha. Ach idirphlé a bheith á chothú, an cuimsiú sóisialta a chur chun cinn, agus cur i gcoinne an antoisceachais, is féidir leis an tsochaí shibhialta a bheith ina fórsa a thiontaíonn an deighilt ó fhoinse coinbhleachta ina spreagadh do dhíospóireacht chuiditheach agus don dul chun cinn sóisialta.
Bímis ag obair as lámha a chéile lena chinntiú nach rachaidh an deighilt ó smacht orainn san am atá romhainn. Ina leaba sin, bímis ag tógáil na hEorpa sa riocht go neartóidh an éagsúlacht tuairimí ár n-aontacht, ina ndéanfar muinín a atógáil leis an rannpháirtíocht, agus ina mbeidh an tsochaí shibhialta ar thús cadhnaíochta chun na bearnaí a dhúnadh.
Oliver RÖPKE
Uachtarán CESE