Le Marcin Nowacki

Agus an Eoraip ag dul i ngleic le timpeallacht gheopholaitiúil atá ag síorathrú, tagann an phríomhcheist seo a leanas chun cinn: conas is féidir leis an Aontas Eorpach an tslándáil a chinntiú i ndomhan atá ag éirí níos éiginnte? Sa tuairim Maoiniú na cosanta san Aontas Eorpach, cuireann CESE treochlár cuimsitheach i láthair chun slándáil na hEorpa a neartú agus chun ullmhú do na dúshláin atá ann faoi láthair agus a bheidh ann san am atá romhainn.

Tagann an tuairim seo chun cinn tráth a bhfuil méadú ag teacht ar bhagairtí slándála. Is é atá i gcroílár sheasamh CESE éileamh go mbeidh sásra maoiniúcháin cosanta ann ar leibheál an Aontais a bheidh aontaithe agus láidir. Ní leor na struchtúir chistiúcháin atá ann faoi láthair, agus is gá athrú a dhéanamh. Mura nglacfar cur chuige níos comhordaithe maidir le maoiniú na cosanta, tá baol ann go dtitfidh an tAontas ar gcúl maidir lena leasanna a chosaint. I measc na n-ábhair imní a luaitear sa tuairim, cuirtear in iúl go ndeachaigh 78 % den EUR 75 bhilliún a chaith tíortha an Aontais ar sholáthar trealaimh cosanta chuig soláthraithe nach soláthraithe de chuid an Aontais iad, rud a shonraítear sa tuarascáil ón gCoimisiún maidir le Todhchaí Iomaíochas na hEorpa. Ní féidir neamhaird a dhéanamh den spleáchas méadaitheach sin ar sholáthraithe seachtracha.

Ní leor tuilleadh airgid a chaitheamh, óir is fearr leas a bhaint as an mbuiséad atá againn ar shlí eagnaí agus éifeachtúil. Molann CESE an comhordú idir an tAontas agus Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT) a neartú, maoiniú a mhéadú do thionscnaimh amhail an Ciste Eorpach Cosanta agus an tSaoráid Eorpach Síochána, agus díriú ar éadálacha comhpháirteacha chun acmhainní a chuíchóiriú agus chun costais a laghdú. Thairis sin, tá CESE ag iarraidh ar bhaill Eorpacha de ECAT 2.5 % ar a laghad dá OTI a ghealladh don chosaint, céim a neartódh freagairt na hEorpa ar bhagairtí geopholaitiúla atá ann faoi láthair. A bhuí leis an sprioc chaiteachais níos airde sin, cinnteofar go rannchuideoidh comhaltaí ECAT de chuid an Aontais ar bhealach níos éifeachtaí leis an gcomhshlándáil, agus ceannasacht iomlán ar a bhfórsaí armtha á coimeád acu ag an am céanna.

Ina theannta sin, tá tionscnaimh amhail an Gníomh chun Tacú le Táirgeadh Armlóin (ASAP) agus an Gníomh um Thionscal Cosanta na hEorpa a Atreisiú trí Sholáthar Comhoibríoch (EDIRPA) ríthábhachtach chun cumais chosanta an Aontais a neartú. A bhuí leis na hiarrachtaí seo féadfaidh an Eoraip acmhainní a chomhthiomsú go héifeachtach, rud a chinnteoidh an ullmhacht mhíleata agus shibhialta.

Is ríthábhachtaí ná riamh é an dul chun cinn teicneolaíoch, lena n-áirítear an intleacht shaorga, ladrainn agus an chibearshlándáil, a mhéid a bhaineann leis an tslándáil náisiúnta. Cuireann CESE béim ar a thábhachtaí atá sé infheistíocht a dhéanamh sna réimsí sin chun fanacht chun tosaigh ar bhagairtí atá le teacht. Tá ríthábhacht ag baint leis an gcomhar idir an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach chun an nuálaíocht a spreagadh, go háirithe maidir leis an intleacht shaorga , na ladrainn agus córais chibearshlándála.

Iarrtar sa tuairim freisin go mbeadh éiceachóras tionsclaíoch cosanta Eorpach athléimneach ann, lena spreagfar comhar níos láidre idir na fiontair, na FBManna agus na rialtais. Tríd an nuálaíocht a chothú agus trína áirithiú go leanfaidh an Eoraip de bheith iomaíoch, laghdófar an spleáchas ar sholáthróirí seachtracha, rud a thógfaidh tionscal cosanta a bheidh níos neamhspleáiche.

Ina theannta sin, níor cheart dúinn dearmad a dhéanamh ar na tionscnaimh réigiúnacha atá ann laistigh den Aontas. Trí chomhar réigiúnach a neartú, cuideofar le straitéisí cosanta a oiriúnú chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin shonracha slándála a bhíonn roimh na Ballstáit éagsúla. Cinntíonn an cur chuige sin go dtugtar aghaidh ar ábhair imní réigiúnacha laistigh de chreat leathan an Aontais.

Ní leis an tslándáil amháin a bhaineann neartú chumais an Aontais i réimse na cosanta ach le luachanna an Aontais a chaomhnú. Tríd an treochlár a leagtar amach sa tuairim a leanúint, creidimid gur féidir leis an Aontas a bheith slán i bhfad na haimsire agus gur féidir an tsíocháin agus na leasanna eacnamaíocha atá aige a chur ó bhaol.