Cuirfidh an Coimisiún Eorpach pacáiste d’athchóirithe reachtacha maidir le dualgais i réimse an tuairiscithe chorparáidigh (an ‘pacáiste Omnibus’ mar a thugtar air) os comhair an phobail go luath.  Is éard is aidhm don phacáiste rialacháin i réimse na hinbhuanaitheachta a shimpliú agus a chuíchóiriú, rud a shimpleoidh na hoibleagáidí tuairiscithe atá ar ghnólachtaí. Ó fógraíodh é i mí na Samhna, tá croitheadh millteanach bainte aige as an Aontas. Go deimhin, is minic a tarraingíodh anuas é mar ábhar díospóireachta ó shin agus is iomaí grúpa atá tar éis cur ina choinne. Is ábhar imní ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta (ESSanna), ceardchumainn, gnólachtaí, infheisteoirí, dlíodóirí agus scoláirí an pacáiste Omnibus ar an ábhar go bhféadfadh dírialáil teacht chun cinn dá dheasca. Tá siad ag tathant ar an gCoimisiún na hionstraimí sin a chosaint in ionad baint dá neart.  Míníonn Andriana Loredan ón gComhghuaillíocht Eorpach um Cheartas Corparáideach (ECCJ) anseo ina diaidh a bhfuil i mbaol agus cén fáth a bhfuil a bhfuil ESSanna ar nós ECCJ ag cur in éadan an phacáiste Omnibus.

Leas á bhaint as an iomaíochas mar dhea chun rialacháin inbhuanaitheachta a bhfuil géarghá leo a dhírialáil

Díríonn an pacáiste Omnibus ar thrí phríomhionstraim inbhuanaitheachta atá i gcroílár an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, mar atá an Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach, an Treoir maidir le Dícheall Cuí i ndáil leis an Inbhuanaitheacht Chorparáideach, sin agus an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht. Is toradh díreach é an pacáiste seo ar athrú treo an Choimisiúin nua. Cuireadh tús leis an athrú treo sin nuair a foilsíodh tuarascáil Mario Draghi maidir le Todhchaí Iomaíochas na hEorpa i mí Mheán Fómhair 2024. I dtuarascáil Draghi leagtar cuid den locht as marbhántacht mhargaí an Aontais ar na hualaí iomarcacha rialála a chuirtear ar ghnólachtaí. San an am céanna, tugtar neamhaird ar thosca mórthábhachtacha eile, toisc go n-oireann sin d’éirim na tuarascála, cuir i gcás an boilsciú ola, gáis agus bia a bheith ag dul in olcas de dheasca amhantraíocht na gcuideachtaí ilnáisiúnta. De réir thuarascáil Draghi, is é creat tuairiscithe inbhuanaitheachta agus díchill chuí an Aontais is cúis le cuid mhór den ualach rialála atá ann. In éagmais fianaise a nascfadh an reachtaíocht inbhuanaitheachta leis an easpa iomaíochais a mheastar a bheith san Aontas, tá glactha anois leis an dearcadh cúng seo mar leithscéal chun deireadh a chur leis an reachtaíocht inbhuanaitheachta, más féidir.

Leis an bpacáiste Omnibus áirithe seo, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún cuid de na hionstraimí is tábhachtaí dár glacadh le déanaí a shimpliú d’fhonn aghaidh a thabhairt ar thionchar na ngnólachtaí móra ar an bpobal agus ar an gcomhshaol. Áirítear leis sin an Treoir maidir le Dícheall Cuí i ndáil leis an Inbhuanaitheacht Chorparáideach, treoir a glacadh anuraidh agus nár cuireadh chun feidhme go fóill.

Cibé plé is féidir a dhéanamh ar an bpacáiste Omnibus go fóill, mar sin, plé teoiriciúil atá ann. Ina dhiaidh sin is uile, ar na rioscaí is suntasaí a bhaineann le Omnibus tá athoscailt reachtach na n-ionstraimí inbhuanaitheachta, ós amhlaidh a d’fhéadfaí a áiteamh gur mhithid roinnt de na príomhfhorálacha (pleananna dliteanais shibhialta nó pleananna aistrithe aeráide faoin Treoir réamhráite) a chaibidliú as an nua. Tá an Chomhghuaillíocht Eorpach um Cheartas Corparáideach go mór in éadan reachtaíocht inbhuanaitheachta a comhaontaíodh roimhe seo a chur faoi chaibidil athuair. Mhéadófaí ar an éiginnteacht rialála dá réir, chuirfí urraim gnólachtaí do chearta an duine agus don chomhshaol i mbaol agus ghearrfaí pionós ar na tionscnóirí tosaigh.

Tionchar díréireach gnó i lár próisis comhairliúcháin lochtaigh

Fógraíodh an pacáiste Omnibus agus d’fhorbair an Coimisiún a thogra i modh rúin, geall leis, agus gan aird ar bith aige ar dhlí conarthaí an Aontais ná ar rialacha nós imeachta an Choimisiúin féin.

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an tionscnamh Omnibus a thíolacadh laistigh de thréimhse ama an-ghearr, rud a fhágann nach féidir measúnú tionchair ná comhairliúchán poiblí leordhóthanach a dhéanamh cheal ama. Tá an cur chuige sin ag teacht salach ar an gceart chun páirt a ghlacadh i bpróisis chinnteoireachta an Aontais bíodh gur prionsabal daonlathach é sin a chosnaítear faoi dhlí conarthaí an Aontais. Tagann sé salach freisin ar Threoirlínte an Choimisiúin féin maidir le Rialáil Níos Fearr, ós amhlaidh is gá faoi na Treoirlínte sin comhairliúchán leathan trédhearcach a dhéanamh le páirtithe leasmhara le linn phróiseas ceaptha beartas an Choimisiúin.

Ina ionad sin, i mí Feabhra 2025, reáchtáil an Coimisiún comhairliúchán mar dhea, ar a dtugtar ‘seiceáil réaltachta’, le grúpa beag cúng de pháirtithe leasmhara, go príomha cuideachtaí móra agus comhlachais ghnó. I láthair na huaire, tá caingean dlí tionscanta in aghaidh go leor de na cuideachtaí sin maidir le cearta an duine nó mí-úsáid chomhshaoil ina n-oibríochtaí féin nó ina slabhra luacha féin. Dá bhrí sin, is lena leas féin, gan dabht, an reachtaíocht i réimse na hinbhuanaitheachta a lagú agus a chaolú, rud a rachadh chun dochair d’oibrithe, do phobail áitiúla agus don aeráid. Anuas air sin, ba mhór idir ionadaíocht dhíréireach na ngnólachtaí móra agus tearcionadaíocht na sochaí sibhialta le linn an chomhairliúcháin. Má bhí ESSanna, ceardchumainn agus gnólachtaí beaga áirithe i láthair, ba le teann béalghrá a tugadh cuireadh dóibh. Rud eile de, fágadh íospartaigh na mí-úsáide corparáidí agus gnólachtaí a chuir ar son rialacháin inbhuanaitheachta ar an trá fholamh.

An pacáiste Omnibus: bagairt fhéideartha ar bheartais uaillmhianacha aeráide

Is cosúil go bhfuil an tUachtarán Ursula von der Leyen agus an Coimisinéir Valdis Dombrovskis, an té a dhéanann maoirseacht ar phróiseas an ‘tsimpliúcháin’ ina iomláine, ag druidim i ngaire do chlár oibre na gcorparáidí is mó agus is cumhachtaí dá bhfuil ann. Rud is tábhachtaí fós, i measc phríomh-chomhpháirtithe an Choimisiúin dár tugadh cuireadh le haghaidh na seiceála réaltachta, mar a thugtar uirthi, bhí cuideachtaí i láthair a gcuireann a ngníomhaíochtaí gnó go mór leis an athrú aeráide, cuir i gcás cuideachtaí in earnálacha na hola, an gháis, na bpeitriceimiceán, na ngluaisteán agus an airgeadais. Is lena leas siúd é, ar ndóigh, dá laghdófaí ar na hoibleagáidí aeráide atá i bhfeidhm I bhfianaise na géarchéime aeráide atá ann faoi láthair agus an drochthionchair atá aici ar dhaoine agus ar an gcomhshaol, is cúis imní é an pacáiste Omnibus, go háirithe más céim ar gcúl do na beartais aeráide a bheidh ann.

Ba cheart don Choimisiún tús áite a thabhairt don chur chun feidhme seachas don dírialáil

Má tá imní nach beag ar an gCoimisiún i ndáiríre faoin iomaíochas agus faoi ualach laghdaithe rialála, sin agus faoi chearta an duine agus faoin gceartas aeráide, ba cheart dó machnamh a dhéanamh ar conas is féidir ionstraimí inbhuanaitheachta a chur chun feidhme go héifeachtach. Is féidir tabhairt faoi sin go héasca ach treoirlínte a cheapadh a thabharfaidh cúnamh do chuideachtaí agus d’údaráis na mBallstát, rud atá sonraithe sa Treoir maidir le Dícheall Cuí i ndáil leis an Inbhuanaitheacht Chorparáideach, chomh maith le cistiú agus fothú acmhainneachta a thabhairt chun cinn. An cáineadh a rinneadh i dtuarascáil Draghi maidir le heaspa treoraíochta a bheith ann chun cur i bhfeidhm reachtaíocht inbhuanaitheachta an Aontais a éascú, d’fhéadfaí sin a leigheas ach an cur chuige seo a leanúint.

I ndeireadh na dála, má dhéantar na rialacháin ríthábhachtacha inbhuanaitheachta seo a athscríobh faoi choim i gcomhar le cuid de na corparáidí is mó ar domhan, beidh bóthar á thabhairt air féin ag an Aontas nach é an fíor-iomaíochas a gheobhaidh sé ag ceann a riain ná baol air. 

Is oifigeach beartais í Andriana Loredan de chuid na Comhghuaillíochta Eorpaí um Cheartas Corparáideach (ECCJ). Tá sí sáite san abhcóideacht atá ar siúl faoin Treoir i maidir le Dícheall Cuí i ndáil leis an Inbhuanaitheacht Chorparáideach ó foilsíodh an togra den chéad uair in 2022. Chaith sí tamall roimhe sin ag obair do Anti-Slavery International i réimsí an ghnó agus chearta an duine ó thaobh saothar éigeantais de.