Tá diúltaithe ag Cónaidhm Eorpach na gCeardchumann (CEC), príomheagraíocht ceardchumainn na hEorpa a dhéanann ionadaíocht ar 45 mhilliún oibrí ar an leibhéal Eorpach, tacú leis an gcompás iomaíochais –– treoirphlean an Choimisiúin Eorpaigh chun dlús a chur le geilleagar an Aontais Eorpaigh. De réir mar a fheictear do CEC é, ní féidir glacadh leis an gcompás mar atá sé faoi láthair. Labhraíomar le hArdrúnaí CEC, Esther Lynch, faoi phríomhagóidí na n-oibrithe atá i gcoinne an chompáis agus faoina bhfuil i ndán do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, tráth atá éilimh nua ag teacht chun cinn an rialáil mhaolú agus díriú níos mó ar an iomaíochas. Tá sé curtha in iúl cheana féin ag ceardchumainn an Aontais nach mó ná sásta atá siad faoin bplean is déanaí ón gCoimisiún Eorpach chun athbheocht a chur i ngeilleagar an Aontais. I do thuairimse, cad é an locht is mó atá ar chompás iomaíochais an Choimisiún? An bhfuil aon togra nó tograí ar leith sa phlean a chuireann imní ort?
An fhadhb is mó a bhaineann le compás iomaíochais an Choimisiúin Eorpaigh ná go dtugtar tús áite don díriailáil, seachas do na hinfheistíochtaí is gá chun poist ardcháilíochta a chruthú, beartas tionsclaíoch Eorpach láidir a fhorbairt agus seirbhísí poiblí ar ardchaighdeán a chinntiú. Ar an gcaoi chéanna, cé go n-aithnítear sa chompás cé chomh tábhachtach agus atá poist ardcháilíochta do gheilleagar iomaíoch, ní mholtar an reachtaíocht ba ghá chun cearta a threisiú, dálaí oibre a fheabhsú agus cómhargáil a chur chun cinn. Ina áit sin, is í an díríaláil a chuirtear san áireamh ann, rud atá ar neamhréir lena bhfuil ag teastáil agus a d’fhéadfadh dálaí oibre ní ba mheasa agus neamhdheimhneacht post a chruthú.
Ar na tograí is mó a chuireann imní orm, tá an ceann chun an 28ú córas cuideachtaí a thabhairt isteach. Chuirfeadh sé sin ar a gcumas do chuideachtaí feidhmiú taobh thall de dhlíthe saothair náisiúnta. Tá an baol ann go ndéanfadh sé sin an bonn a bhaint go mór ó reachtaíocht fostaíochta ar fud na hEorpa agus go gcruthódh sé an sodar go grinneall ó thaobh cearta agus cosaintí oibrithe de.
Ar an dul céanna, is rud é a chruthódh an t-uafás fadhbanna cosc a chur ar an ‘rórialáil’ – cumas na rialtas breis reachtaíochta a thabhairt isteach thar na híoschaighdeáin a socraítear le treoracha AE. Murab ionann agus rialacháin AE, is é an smaoineamh atá taobh thiar de threoracha AE ná go leagann siad íoschaighdeáin síos do gach tír. Má tharlaíonn go ndéanfaí uasteorainn de na híoschaighdeáin sin, ní hamháin go mbainfí an bonn den smaoineamh sin atá taobh thiar de threoracha AE, ach ba bhuille thubaisteach é don lucht oibre. Scriosfaí gach aon dul chun cinn atá déanta, dá dheacra a bhí sé, i réimsí amhail an cúram sláinte, an t-oideachas, sláinte agus sábháilteacht ag an obair agus pá cothrom
Anuas air sin, iarrtar sa chompás go ndéanfaí athchóiriú ar chóras na bpinsean chun an saol oibre níos faide a chur sa mheá. Cruthaíonn sé sin fadhbanna eile mar cuireann sé ualach míchuí ar oibrithe gan aghaidh a thabhairt ar an ngá atá le córais pinsin atá inbhuanaithe agus cothrom.
Rud eile de, is compás é atá go mór le leas na ngnólachtaí sa chaoi go ndéantar a lán gealltanas do ghrúpaí gnó gan aon tiomantas nithiúil reachtaíocht a thabhairt isteach a bheadh le leas an lucht oibre. Áirítear leis sin easpa beart chun a chinntiú go n-úsáidfear infheistíochtaí poiblí le poist ardcháilíochta a chruthú seachas díreach brabúis chorparáideacha a mhéadú.
A fhad ar a ghiorracht, tá teipthe ar an gcompás iomaíochais an dá thrá a fhreastal, is é sin le rá riachtanais gnólachtaí agus cearta oibrithe. Fágann sé sin nach féidir glacadh leis mar atá sé faoi láthair.
An ndéarfá go bhfuil cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta i mbaol mar gheall ar an méid sin?
Go teoiriciúil, tá an Coimisiún tiomanta do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, rud a chuir sé ar pár arís eile i gClár oibre an Choimisiúin le haghaidh 2025 a d’fhoilsigh sé le déanaí. Go praiticiúil, áfach, murab ionann agus gach clár oibre a bhí ann ó 2019, níl aon tionscnamh reachtach sóisialta sa chlár oibre le haghaidh 2025.
I gcontrárthacht leis sin, tá ocht bpíosa reachtaíochta ‘simpliúcháin’ molta ag an gCoimisiún don bhliain amach romhainn. Ní maith le duine ar bith a bheith ag plé leis an iomarca riaracháin agus tá réitigh ar an scéal sin á moladh go gníomhach ag ceardchumainn, cuir i gcás na rialacha maidir le soláthar poiblí.
Mar sin féin, is léir nach n-éireoidh linn na fadhbanna atá os comhair na hEorpa a fhuascailt trí dhul i muinín an tsimpliúcháin.
Is é an bhagairt is mó atá ar chur chun feidhme Cholún na gCeart na fógraí ar fud na hEorpa go bhfuil na sluaite daoine le scaoileadh as a bpost. Cuirfidh sé sin pá agus slándáil poist i mbaol, chomh maith le pinsin, cosaint shóisialta agus prionsabail go leor eile den Cholún.
Is gá infheistíochtaí a chinntiú chun poist ardcháilíochta a chosaint agus a chruthú. Áirítear air sin ionstraim SURE 2.0 maille le hionstraim láidir infheistíochta AE. Caithfear freisin na tionscnaimh reachtacha is gá a thabhairt isteach chun poist ardcháilíochta a ráthú.
Más rud é nach é réiteach na faidhbe ualaí rialála a laghdú, cad ba cheart don Aontas a dhéanamh chun go mbeadh a thuilleadh tábhachta leis sa chomhthéacs eacnamaíoch domhanda atá ann faoi láthair?
Easpa infheistíochta, sin is cúis le daoine do bheith á scaoileadh as a bpost. Is fíor an méid sin i gcás infheistíocht phríobháideach agus infheistíocht phoiblí araon.
Seachas infheistíochtaí a úsáid le hoibrithe a íoc nó leis an taighde agus an fhorbairt a bhfuil géarghá leo a dhéanamh, tá siad á n-úsáid ag corparáidí chun íocaíochtaí amach díbhinne – nach ngineann mórán brabúis – nó chun scaireanna a aischeannach. Is cleachtas é sin a chuireann bac ar fhorbairtí glasa agus teicneolaíochta san Eoraip.
Le blianta beaga anuas, tá na Stáit Aontaithe agus an tSín tosaithe ar an uafás infheistíochtaí poiblí a dhéanamh. San Aontas Eorpach, áfach, bhíothas gafa le gnó eile: rialacha nua a ghlacadh le hiallach a chur ar na Ballstáit ciorruithe déine a dhéanamh.
Tá sé thar a bheith tábhachtach go n-athródh an tAontas an scéal sin gan mhoill. Réamhchoinníoll chun Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme is ea infheistíocht phoiblí a dhéanamh ar mhórscála, agus ceanglais shóisialta a leagan síos chun a chinntiú go gcruthódh na hinfheistíochtaí sin poist ardcháilíochta.
Is í Esther Lynch Ardrúnaí Chónaidhm Eorpach na gCeardchumann (CEC). Tá taithí fhairsing aici ar bheith ag obair le ceardchumainn in Éirinn, san Eoraip agus go hidirnáisiúnta agus chaith sí seal ina Leas-Ardrúnaí agus ina Rúnaí Cónaidhme ag CEC. Sna róil sin, d’oibrigh sí chun cearta oibrithe agus cearta ceardchumann a neartú. Bhí tionchar aici ar phríomhthreoracha maidir le pá íosta leordhóthanach, dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha, agus sceithireacht. Bhí sí i gceannas ar fheachtais ar son Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus pá chothroim. A bhuí lena hobair, d’éirigh léi 15 theorainn nochta atá ceangailteach ó thaobh dlí de a leagan síos maidir le carcanaiginí, chomh maith le comhaontuithe comhpháirtíochta sóisialta maidir le digiteáil agus tocsain maidir le hatáirgeadh. Agus í ina feimineach amach is amach, oibríonn Esther chun nach ndéanfaí beag is fiú arís eile ar an obair a dhéanann mná den chuid is mó.
Déanann CEC ionadaíocht ar 45 mhilliún ball ó 94 eagraíocht ceardchumann in 42 thír Eorpacha, sa bhreis ar 10 gcónaidhm Eorpach na gceardchumann.