European Economic
and Social Committee
An iomarca den iomaíochas
Karel Lannoo a scríobh
Tá sé go mór san fhaisean sa lá atá inniu ann an Eoraip a cháineadh as a neamhiomaíche atá sí agus feachtas ollmhór dírialála a éileamh ar leibhéal an Aontais. Mar sin féin, más mian leat riocht an gheilleagair a mheas i gceart, tá cuid mhór den scéal ag brath ar mar a shainmhínítear an rud is iomaíochas ann, ar an táscaire a úsáidtear, ar an tagarmharc atá i gceist, mar aon leis na dálaí mar atá.
Lena chois sin, samhlaítear gur ionann an t-iomaíochas agus an dírialáil, rud nach bhfuil fíor, amhail is go ndéanfadh feachtas ollmhór simpliúcháin gach fadhb a réiteach. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach na paraiméadair a leagan síos i gceart leis an bplé a rialú, sin nó d’fhéadfadh sé imeacht ó smacht agus cur leis an Eoraisceipteachas.
Tá an t-iomaíochas ina chuspóir beartais an athuair, cé go raibh sé ina chuspóir beartais i gcónaí: tá sé tábhachtach cuimhneamh ar an méid atá déanta go dtí seo. An aidhm a bhí le Conradh Liospóin, a ghlac an Chomhairle Eorpach i Liospóin i mí an Mhárta 2000, ‘an geilleagar eolasbhunaithe is iomaíche agus is dinimiciúla ar domhan ina mbeadh fás inbhuanaithe agus ina mbeadh níos mó post, poist níos fearr agus comhtháthú sóisialta níos mó ar fáil’ a dhéanamh den Aontas Eorpach. Aimsir Delors, fiú, bhí an t-iomaíochas ina ábhar imní ag an gCoimisiún Eorpach – féach, mar shampla, an t-alt cáiliúil a scríobh Paul Krugman in 1994, inar dúradh go raibh sé contúirteach tábhacht rómhór a chur leis an iomaíochas. Bhí an tUas. Delors buartha an t-am sin faoin dífhostaíocht a bhí ag dul in olcas san Eoraip, i gcomhthéacs an iomaíochais leis na Stáit Aontaithe agus an tSeapáin, agus is é an réiteach a mhol sé clár infheistíochta a dhíriú ar an mbonneagar agus an ardteicneolaíocht. Seanscéal agus meirg air.
Is le fada an lá freisin, atá simpliú na reachtaíochta ar an gclár oibre. Cuireadh tús le bearta an tionscadail ‘Reachtaíocht Níos Simplí don Mhargadh Inmheánach’ chomh fada siar le 1996, tráth nach raibh san Aontas Eorpach ach 15 Bhallstát. An Coimisinéir Cathal Mac Riabhaigh (2004-2009), bhí seisean i bhfabhar ‘sosanna’ rialála in 2005-06, sular thit an ghéarchéim airgeadais amach. In aimsir Choimisiún Juncker, rinneadh clár maidir leis an rialáil is fearr a chur de chúram ar an Leas-Uachtarán Frans Timmermans. Cé go bhfuil na pleananna sin go léir le moladh, b’fhearr i bhfad dul i ngleic le bhunchúiseanna na castachta rialála – an próiseas cinnteoireachta agus forfheidhmiú lag – in áit aghaidh a thabhairt ar na comharthaí sóirt. Mar sin féin, agus 27 mBallstát ag an Aontas, is fusa a leithéid a rá ná a dhéanamh.
Is mó a bhaineann an t-iomaíochas, de réir mar a sainmhíníodh é i dtuarascáil Draghi, pé scéal é, leis an táirgiúlacht agus le fás na holltáirgeachta intíre, rud ar féidir leis torthaí an-éagsúil a thabhairt ag brath ar an táscaire a úsáidtear. Ach tá bealaí eile ann leis an iomaíochas a thomhas. D’fhéadfaí an t-iomaíochas inmheánach a chur i gcomparáid leis an iomaíochas seachtrach. Ón taobh inmheánach de, tá cuma lag ar an Aontas, mar a bhfuil an táirgiúlacht ag dul i léig i gcomparáid leis na Stáit Aontaithe. Ón taobh seachtrach de, áfach, tá barrachas trádála agus farasbarr sa chuntas reatha ag an Aontas, i gcodarsnacht leis na Stáit Aontaithe a bhfuil easnamh ollmhór sa trádáil agus sa chuntas reatha acu – ach, ina dhiaidh sin féin, ní cosúil gur fadhb an méid sin (ach amháin don Uachtarán Trump).
Is fearr i bhfad freisin an seasamh fioscach atá ag an Aontas ná an ceann atá ag na Stáit Aontaithe nó, fiú, ag an tSeapáin. Níl na sonraí beachta againn, áfach, le comparáid chruinn a dhéanamh leis an tSín. An t-easnamh i mbuiséad an Aontais, bhí sé thart ar 3.5 % den olltáirgeacht intíre in 2024, ach bhí sé beagnach a dhá oiread sin (6.4 %) sna Stáit Aontaithe. Is féidir leis na Stáit Aontaithe an t-easnamh sin a mhaoiniú trí bhíthin na margaí idirnáisiúnta a bhuí le stádas domhanda an dollair, cé go bhfuil na rátaí úis meántéarmacha san Aontas agus sna Stáit Aontaithe ag scaradh óna chéile, rud a léiríonn imní an mhargaidh faoi gheilleagar na Stát. Ráta iasachta sé mhí an mhargaidh inniu ná 4.8 % i gcás an dollair, i gcomparáid le 2.5 % sa limistéar euro (Euribor).
De bhreis air sin, is airde i bhfad na praghsanna fuinnimh san Aontas ná sna Stáit Aontaithe ó lár 2021, tráth ar thosaigh Vladimir Putin ar phraghsanna a chúbláil, rud a chuireann isteach ar iomaíochas thionscal na déantúsaíochta, agus ar an nGearmáin go háirithe. Inniu, tá costas an fhuinnimh san Aontas ar a laghad 50 % níos airde ná mar atá sna Stáit.
An beartas fuinnimh, sin ábhar eile ab fhiú a chíoradh sa díospóireacht faoin rialáil: an í an ró-rialáil an fhadhb? A mhalairt ar fad, cé go bhfuil aon mhargadh fuinnimh amháin ag an Aontas le haghaidh dáileacháin, is faoi rialú na mBallstát atá táirgeadh an fhuinnimh i gcónaí. Cruthaíonn sé sin fadhbanna sna tíortha a mbíonn farasbarr táirgeachta acu, ó tagann méadú ar na praghsanna mar gheall ar ghanntanais fuinnimh i dtíortha eile, rud a tharlaíonn sa tSualainn agus sa Ghearmáin.
Lena chois sin, san earnáil dhigiteach, d’fhéadfadh sé gurbh fhearr an rialáil a fhágáil ar lár amach is amach. An dteastaíonn saoirse cainte uainn ar nós na Stát Aontaithe, gan modhnóireacht inneachair ar bith? An dteastaíonn margadh olagaplach uainn mar atá againn faoi láthair?
Sa phlé gairid seo, léiríodh gur gá an-aire a thabhairt i ndíospóireacht ar bith faoin iomaíochas agus an dírialáil ar fhaitíos go dtitfeadh sí chun róshimplíochta, rud a d’fhéadfadh drochthionchar a imirt ar cheapadh na mbeartas.