European Economic
and Social Committee
Níl aon chiall leis rialacháin an Aontais a chur i gcomparáid le rialacháin na Stát Aontaithe nó na Síne
Le Stefano Palmieri
Grúpa na nOibrithe
Cé go bhfuil difríocht mhór idir an anailís a dhéanann Letta agus Draghi ina dtuarascálcha faoi seach, agus go bhfuil an-difear idir na straitéisí atá molta acu, tá an iliomad pointí sa dá thuarascáil a bhfeictear forluí eatarthu freisin.
Glacaimis an beartas comhtháthaithe, mar shampla. Tugtar le fios i dtuarascáil Letta go bhfuil ról lárnach ag an mbeartas sin toisc go bhfágann sé go ndéantar buntáistí an Mhargaidh Aonair a roinnt ar shaoránaigh agus réigiúin uile an Aontais. Dírítear freisin ar an nasc idir an beartas comhtháthaithe agus na seirbhísí leasa ghinearálta, seirbhísí a bhfuil géarghá leo le go mbeidh muintir na hEorpa in ann maireachtáil agus a bheith ag obair san áit is rogha leo. Os a choinne sin, is cosúil go ndéantar beag is fiú i dtuarascáil Draghi den tábhacht atá leis an mbeartas comhtháthaithe agus le gnéithe sóisialta agus réigiúnacha den iomaíochas. Pléitear an t-iomaíochas san Eoraip gan éagothromaíochtaí idir na réigiúin a chur san áireamh, agus tugtar le tuiscint gur réiteach ar fhadhbanna na réigiún é borradh a chur faoin iomaíochas ina iomláine san Aontas. Déantar neamhaird ar an bhfírinne gurb ionann, ina lán réigiún, an t-iomaíochas íseal agus míbhuntáiste réigiúnach.
Aithnítear sa dá thuarascáil nach rogha don Aontas a thuilleadh é cloí leis an gcur chuige ‘gnó mar is gnách’. Mar gheall ar a phráinne agus a chasta atá géarchéimeanna ár linne, tá gá le hathrú mór a dhéanamh ar an gceapadh beartas san Eoraip, trí athruithe a dhéanamh ar na Conarthaí, b’fhéidir. An féidir linn an méadú a phlé i ndáiríre gan aghaidh a thabhairt ar an ngá atá le comhtháthú polaitiúil níos doimhne? Is gá an scála ar a ndéantar rudaí a athrú freisin. Ní leor an Creat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) reatha, rud atá socraithe ag beagán os cionn 1 % d’ollioncam náisiúnta an Aontais agus a bhfuil bac air ag prionsabal an bhrabúis chothroim, ar prionsabal é atá as dáta. Tá gá le cur chuige nua, agus an cur chuige sin a bheith bunaithe ar shamhail NextGenerationEU. Ní mór leas a bhaint as réitigh mhisniúla chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin neamhghnácha, agus ‘sócmhainní coiteanna sábháilte’ a eisiúint mar a tharla le linn na paindéime.
Le CAI 2028-2034, déanfar an méid atá ar intinn ag an Aontas a thástáil dáiríre, ós rud é go leagtar síos tosaíochtaí ann don tréimhse seacht mbliana atá romhainn. Sa chomhthéacs sin, tá sé réasúnta a bheith ag súil le díospóireacht oscailte faoi na dúshláin atá le sárú ag an Aontas, i bhfianaise an iliomad géarchéimeanna atá ar siúl faoi láthair, agus faoi phríomhchuspóirí an Aontais agus na hearraí coiteanna Eorpacha a bhfuil sé d’aidhm aige a chur ar fáil do na saoránaigh.
Agus athchóiriú na rialála á chur san áireamh, rud a mholtar sa dá thuarascáil, tá sé tábhachtach a mheabhrú gurb é an tAontas Eorpach an ‘geilleagar sóisialta margaidh’ is forbartha ar domhan. Tá ardchaighdeáin eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil an gheilleagair sin fíor-riachtanach chun go n-éireoidh leis an tsamhail, agus ní bac a chuirtear uirthi dá ndeasca. Dá bhrí sin, níl aon chiall leis rialacháin an Aontais a chur i gcomparáid le rialacháin na Stát Aontaithe nó na Síne. Nuair a dhéantar iarracht chun rialacha an Aontais a shimpliú, ní mór dálaí saothair, sábháilteacht oibrithe, cearta tomhaltóirí, an comhtháthú sóisialta agus eacnamaíoch agus an fás inbhuanaithe a chosaint i gcónaí.
Tá an Eoraip tar éis teacht ar an tuiscint faoi dheireadh thiar thall nach leor a thuilleadh margadh mór a bheith ann. Ar mhaithe le dul chun cinn a dhéanamh, is gá di a seacht ndícheall a dhéanamh aontacht níos fearr a bhaint amach, trí chomhtháthú polaitiúil níos doimhne, cuir i gcás, agus beartais ar a bhfuil comhaontú dáiríre maidir leis an ngeilleagar, an tionsclaíocht, an trádáil, gnóthaí eachtracha agus an chosaint. Beidh tábhacht leis an méid a tharlóidh sna míonna amach romhainn chun todhchaí na hEorpa a mhúnlú.