European Economic
and Social Committee
Trí bhealach chun muintir na hEorpa a thabhairt níos gaire don Eoraip trí bhíthin an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh
Le Daniela Vancic
Rud fíoruathúil is ea an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh: ní hann d’uirlis eile áit ar bith eile ar domhan a ligeann do na saoránaigh fíorthionchar a imirt ar an reachtaíocht. Mar sin féin, ní leor an t-aitheantas a thugtar dó, ná baol air, dar le Daniela Vancic, an ceannasaí um beartas Eorpach agus um abhcóideacht in Democracy International. Roinn sí trí smaoineamh linn chun tionchar an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh a mhéadú.
Tá an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ar cheann de na huirlisí daonlathacha is cumhachtaí atá ag an Aontas; is iad na toghcháin Eorpacha an t-aon rud a bhfuil barr bua aige air. Tá páirt glactha ag 20 milliún saoránach sa Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ó bunaíodh é 13 bliana ó shin, mar sin, is léir gur ardán fíor-riachtanach rannpháirtíochta atá ann. In ainneoin na bhféidearthachtaí a bhaineann leis, áfach, is annamh a fhaigheann sé an t-aitheantas atá tuillte aige.
Here’s why the ECI matters - and three ideas for making it even more impactful.
Ról an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh i ndomhan deighilte
Cad a fhágann go bhfuil an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh fíor-uathúil? Ní hann d’aon uirlis den chineál céanna áit ar bith eile ar domhan. Leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, tugtar de chumhacht do na saoránaigh tionchar díreach a imirt ar an reachtaíocht trí thacaíocht a bhailiú i seacht mBallstát den Aontas ar a laghad. Agus an deighilt pholaitiúil ag dul i méid, is nasc ríthábhachtach é an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh idir na saoránaigh agus an lucht ceaptha beartas, trínar féidir comhar a chothú, naisc a thógáil agus fíorathrú a spreagadh.
Go bunúsach, is éard atá i gceist leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh daoine a spreagadh lámh a bheith acu sa mhúnlú beartais. Tugtar grúpaí éagsúla le chéile leis, spreagtar díospóireacht phoiblí agus tugtar cluas éisteachta do na saoránaigh ar an leibhéal Eorpach. Mar shampla, leis an tionscnamh Mo Ghuth, Mo Rogha, a fuair breis agus milliún síniú le déanaí, tugadh le chéile líonra gníomhaithe, eagraíochtaí agus daoine poiblí (lena n-áirítear pearsana idirnáisiúnta amhail Barack Obama) agus spreagadh comhrá níos leithne faoi luachanna bunúsacha. Cuireann an cineál sin gníomhaíochta go mór leis an daonlathas féin agus leis an gcúis atá i gceist.
Is ríthábhachtach beart a dhéanamh go tráthúil
Is suntasach an acmhainneacht dhaonlathach atá ag an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ach, más uainn leas iomlán a bhaint as, is ríthábhachtach go ngníomhóidh institiúidí an Aontais go tráthúil. Cé go bhfuil athruithe dearfacha tagtha ar bheartais an Aontais mar thoradh ar roinnt tionscnamh, amhail an feachtas End the Cage Age, is minic a bhíonn bearna shuntasach ann idir tacaíocht an phobail do Thionscnamh ó na Saoránaigh agus an obair leantach reachtach ina leith. D’fhéadfadh sé sin a bheith ina údar frustrachais do na saoránaigh agus don tsochaí shibhialta araon, agus tá an baol ann go gcaillfidís muinín sa phróiseas.
Chun an móiminteam a choinneáil ag imeacht, ba cheart don Aontas féachaint le dlús a chur le Tionscnaimh Eorpacha ó na Saoránaigh a fhaigheann tacaíocht ollmhór ón bpobal. Glacann sé tamall reachtaíocht an Aontais a cheapadh ach, nuair a bhíonn tacaíocht shoiléir fhorleathan ag tionscnamh áirithe, ba cheart cúram agus aire faoi leith a thabhairt dó. Trína áirithiú go n-iomprófar smaointe na saoránach ina ngníomhaíochtaí go tapa, bhreathnófaí ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh mar spreagadh d’athrú tráthúil agus mar uirlis tionchair.
Ról eagraíochtaí na sochaí sibhialta maidir le hathchóiriú Eorpach a éileamh
Bhí eagraíochtaí na sochaí sibhialta i gcroílár an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh i gcónaí, trí na saoránaigh a shlógadh agus trí fheasacht a mhúscailt faoi acmhainneacht na huirlise. Ón tús, ba ríthábhachtach an ról a bhí ag eagraíochtaí amhail Democracy International maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a fhorbairt agus tacú leis. Mar sin féin, tá i bhfad níos mó i gceist le ról na sochaí sibhialta ná sin.
Ní mór do na heagraíochtaí sin leanúint d’athchóirithe a mholadh lena bhféadfar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a neartú mar ionstraim dhaonlathach. Mar shampla, ba cheart a bheith in ann athruithe ar chonarthaí an Aontais a mholadh tríd an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh – rud nach bhfuil indéanta faoi láthair ach a bhféadfadh tionchar mór a bheith aige ar thodhchaí na hEorpa. Tá na comhráite maidir le hathchóiriú na gconarthaí ag athrú agus glactar leis, murab ionann is riamh, go bhfuil conradh de dhíth ar an Aontas trínar féidir aghaidh a thabhairt ar dhúshláin agus ar dheiseanna an lae inniu. Mar sin is tábhachtaí ná riamh an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a leathnú chun go mbeidh na saoránaigh rannpháirteach sa phróiseas sin.
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ina fhoinse inspioráide do bheartais
Ba cheart cur le leibhéal uaillmhéine an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh. Smaoineamh amháin chun leas iomlán a bhaint as an acmhainneacht lena mbaineann is ea tionscnaimh a chur san áireamh fiú mura gcomhlíonann siad critéir fhoirmiúla an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh. Ní féidir aon mhilliún síniú a bhailiú le haghaidh gach smaoinimh, dá fheabhas é, ach ní hionann sin agus a rá nach fiú aird a thabhairt air. Ní furasta feachtas faoi Thionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a reáchtáil, go háirithe nuair atá iarrachtaí trasnáisiúnta, ilteangacha agus ilnáisiúnta i gceist leis. Is cuma cé chomh maith agus atá an smaoineamh, d’fhéadfadh sé nach mbeadh na hacmhainní is gá ar fáil dó chun na dianchritéir a leagtar síos leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a chomhlíonadh.
Mar shampla, ní raibh an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh dar teideal Single Communication Tariff Act ó 2012 ‘rathúil’ sa chiall traidisiúnta. Mar sin féin bhí sé ina spreagadh don bheartas ‘Fánaíocht ar Tháillí Baile’ a tháinig i bhfeidhm cúig bliana ina dhiaidh sin, rud a chuaigh chun tairbhe do na milliúin Eorpach ar féidir leo leas a bhaint as fánaíocht sonraí thar theorainneacha anois, saor ó tháillí. Léiríonn sé sin gur féidir le Tionscnaimh Eorpacha ó na Saoránaigh nach mbaineann an tairseach sínithe amach athrú beartais a spreagadh. Ba cheart don Aontas gach smaoineamh ó na saoránaigh a mheas, fiú iad siúd nach bhfuil aon mhilliún síniú faighte acu, agus iad a úsáid mar fhoinse inspioráide don reachtaíocht a bheidh ann amach anseo.
Na príomhthátail
Is uirlis thar a bheith luachmhar é an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh chun an daonlathas a neartú san Eoraip, go háirithe tráth atá luachanna daonlathacha faoi bhagairt ar fud an domhain. Tugann sé de chumhacht do na saoránaigh a gcuid smaointe a chur in iúl ar leibhéal an Aontais, tacaíocht phoiblí a shlógadh agus tionchar fóinteach a imirt ar chúrsaí. Agus an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ar an bhfód le 13 bliana anuas anois, is mithid machnamh a dhéanamh ar conas an uirlis uathúil seo a fheabhsú agus nasc níos láidre agus níos dírí a chruthú idir na saoránaigh agus na hinstitiúidí.
Le tacaíocht leanúnach ón tsochaí shibhialta, is féidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh cuidiú le hAontas Eorpach níos rannpháirtí agus níos freagrúla a chothú, rud a threiseoidh an ról atá aige mar cheannaire domhanda i réimse an daonlathais.
Is í Daniela Vancic an ceannasaí um beartas Eorpach agus um abhcóideacht in Democracy International, áit a bhfuil an daonlathas rannpháirteach díreach á chur chun cinn aici ó bhí 2017 ann. Tá níos mó ná deich mbliana de thaithí aici i bpróisis rannpháirtíochta na saoránach agus is saineolaí aitheanta í ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh. In 2022, rinne sí comheagarthóireacht ar an leabhar ‘Complementary Democracy: The Art of Deliberative Listening’.