European Economic
and Social Committee
Córais cosanta sóisialta na hEorpa faoi bhrú: éachtaint tugtha ar na dúshláin reatha atá rompu sa tuarascáil ‘Faire na Bochtaineachta 2024’
le Grúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta in CESE
An 8 Aibreán, sheol an Líonra Eorpach um Fhrithbhochtaineacht (EAPN) an tuarascáil is déanaí dá chuid sa tsraith Faire na Bochtaineachta dar teideal Towards a systemic approach to social protection (I dtreo cur chuige sistéamach i leith na cosanta sóisialta).
Cuireadh an tuarascáil i láthair den chéad uair le linn imeacht sa Bhruiséil a eagraíodh i gcomhar le Grúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta in CESE agus dírítear inti ar na dúshláin is gá a shárú d’fhonn córais láidre athléimneacha cosanta sóisialta a áirithiú. Baineann an téarma sin le hábhar go mór sa chomhthéacs reatha, tráth atá stáit leasa an Aontais ar a dteanndícheall ag iarraidh dul i ngleic le srianta airgeadais, srianta a bhfuil méadú orthu de dheasca teorainneacha caiteachais náisiúnta, sin agus de dheasca caiteachas cosanta agus slándála a bheith ag dul i méid.
Ag tarraingt do EAPN ar thorthaí ó 19 n-eagraíocht náisiúnta is comhaltaí dá chuid, is follas ón tuarascáil a réitigh sé go bhfuil gá le beartais atá fite fuaite i straitéisí comhtháite fadtéarmacha lena gcuirtear na diminsin eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil ar aon líne, más áil leis an Aontas cur chuige córasach maidir le cosaint shóisialta chuimsitheach agus éifeachtach a chur i bhfeidhm. Caithfidh na beartais sin a bheith bunaithe ar fhianaise láidir, ar shonraí agus ar rannpháirtíocht fhóinteach na ndaoine atá faoi bhráca na bochtaineachta.
Tá líonraí náisiúnta EAPN ag iarraidh an imní atá orthu faoi chiorruithe ar chaiteachas sóisialta a chur in iúl. Fairis sin, is ábhar imní inniu, faoi mar ba ea roimhe seo, táscairí áirithe ar nós ardleibhéil neamhghlactha na sochar sóisialta, ós léiriú iad ar easpa éifeachtúlacht na mbeartas i leith na bochtaineachta ar an ábhar nach sroicheann na sochair sin na daoine atá ina ngátar in ainneoin iad a bheith incháilithe ar shochair shóisialta a fháil.
Ní leor an chaoi a ndearnadh dúshláin an lae inniu (an domhan a bheith ag athrú go tapa, an digitiú, an cogadh, an daonra a bheith ag dul i gcríonnacht agus an t-athrú aeráide) a fhreagairt go dtí seo, rud a léiríonn a mhéid is gá cur chuige córasach a chur i bhfeidhm feasta i leith beartais shóisialta.
Sa ráiteas seo a leanas, leag Juliana Wahlgren, Stiúrthóir EAPN, béim ar a phráinní atá an tsaincheist seo: ‘Ní foláir don Aontas Eorpach an stát leasa a chosaint agus tús áite a thabhairt don chaiteachas sóisialta. Chuige sin, cuirtear moltaí ar fáil sa Tuarascáil ‘Faire na Bochtaineachta’ maidir leis an ioncam íosta, géarchéim na tithíochta agus an t-aistriú fuinnimh, i measc nithe eile. Tá riachtanas nach beag leis an éifeachtúlacht agus an leordhóthanacht. An bhliain seo chugainn, seolfaidh an Coimisiún Eorpach Straitéis Frithbhochtaineachta an Aontais, ach ní bheidh rath uirthi mura nglaca na Ballstáit cur chuige fíorshistéamach i leith na cosanta sóisialta chucu féin. Ós rud é go bhfuil corradh le 20 % de dhaonra an Aontais i mbaol na bochtaineachta, ní hacmhainn dúinn leanúint orainn mar atá agus sinn i dtaobh le beartais ilroinnte. Caithfidh an chosaint shóisialta a bheith láidir, comhordaithe agus éifeachtach.’
Seo mar a labhair Séamus Boland, Cathaoirleach Ghrúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta: ‘Má theastaíonn uainn deireadh a chur leis an mbochtaineacht, ní mór do na Ballstáit uile saothrú gan staonadh sa treo sin. Cuid mhaith de bhoicht an Aontais, is as an mbochtaineacht a fáisceadh iad, agus na glúnta rompu, agus, rud eile, is minic leanaí agus daoine scothaosta go háirithe i lúb an angair sin. I réimsí an oideachais, na tithíochta agus an fhuinnimh ardchostais, is gá sainbhearta a thabhairt isteach a bheidh dírithe ar laigí an chórais. Mura ndéanfar amhlaidh, rachaidh sé dian ar an Aontas, mar eintiteas polaitiúil, muinín a chuid saoránach a choinneáil.’
Seo mar a labhair Krzysztof Balon, Leaschathaoirleach Ghrúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta agus rapóirtéir na tuairime ó CESE maidir leis an gcéad Straitéis Frithbhochtaineachta riamh de chuid an Aontais, straitéis a fógraíodh sna Treoirlínte polaitiúla don Choimisiún Eorpach 2024-2029: ‘Beidh éifeacht le Straitéis Frithbhochtaineachta an Aontais má tharraingíonn sí ar thaithí na ndaoine a bhfuil an bhochtaineacht ag fáscadh orthu agus má thugann sí aghaidh ar a gcuid riachtanas siúd. Ba cheart di tacú freisin le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus páirt a thabhairt dóibh i ndearadh agus i gcur chun feidhme na dtionscadal agus na mbeart iomchuí chun an t-eisiamh sóisialta a chomhrac.’
Cuirfear an tuairim seo ó CESE i láthair ag seisiún iomlánach CESE an 16-17 Iúil.