European Economic
and Social Committee
Tá aghaidh á tabhairt ag CESE ar easnaimh i lánpháirtiú na mban imirceach agus na leanaí imirceacha
Ní chuirtear riachtanais shonracha na mban agus na leanaí atá ag iarraidh idirdhealú nó bacainní ar a lánpháirtiú a shárú san áireamh go hiomlán i mbeartais lánpháirtíochta Bhallstáit an AE i gcónaí. Tá bealaí molta ag CESE chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh sin i dtústuairim a cuireadh i láthair ag seisiún iomlánach mhí Dheireadh Fómhair.
D’iarr Uachtaránacht na Gearmáine ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh ar CESE plé a dhéanamh ar bhealaí chun lánpháirtiú na mban, na máithreacha agus na dteaghlach ar de bhunadh imirceach iad a éascú.
Ba é an t-iarchomhalta Indrė Vareikytė a dhréachtaigh an tuairim seo agus an rapóirtéir ginearálta, Ákos Topolánszky, a thíolaic é ag an seisiún iomlánach an 29 Deireadh Fómhair.
Thug an tUasal Topolánszky rabhadh dá phiaraí nach bhfuil beartais chun tacú go sainráite le mná agus le leanaí de bhunadh imirceach agus atá ag déileáil le hidirdhealú agus le bacainní ar a lánpháirtiú, achtaithe ach ag níos lú ná leath de na Ballstáit. “Toisc go bhfuil siad scoite, is ró-mhinic a bhíonn siad thíos le huaigneas agus le foréigean,” a dúirt sé. I dtaca le réitigh, chuir an tUasal Topolánszky i bhfáth a thábhachtaí atá sé beartais lánpháirtíochta a ghlacadh ar bhealach iomlánaíoch, lena n-áirítear cuimsiú gairmiúil, oideachas, sláinte, ceartas agus tithíocht.
Creideann CESE gur cheart na himircigh a chur ar an eolas ar bhealach níos fearr faoi chuspóirí oiliúna teanga agus na tairbhí lena mbaineann dá shaol laethúil. Tá CESE ag tathant freisin go ndéanfar tuilleadh fiosrúcháin maidir leis an gCreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha a úsáid chun an próiseas oiliúna teanga d’imircigh a chuíchóiriú, rud a chinnteodh cur chuige níos saincheaptha.
Bíonn mná imirceacha ag déileáil le cineálacha iomadúla trasnacha idirdhealaithe i roinnt mhaith réimsí den saol sóisialta.
Tá CESE ag tathant, dá bhrí sin, ar na Ballstáit Coinbhinsiún Iostanbúl a dhaingniú, agus tá sé á iarraidh ar na Ballstáit uile a chinntiú go mbeidh an rochtain chéanna ag mná imirceacha atá ina n-íospartaigh fóiréigin ar sheirbhísí iomchuí, tacaíocht agus saoráidí, agus atá ag mná a rugadh san Aontas.
Toisc go raibh tionchar díréireach ag géarchéim COVID-19 ar phobail leochaileacha, amhail mná imirceacha de bhunadh mionlaigh eitnigh, tá CESE ag tathant go láidir ar an gCoimisiún, agus a thionscnamh nua ar lánpháirtiú agus cuimsiú á ullmhú aige, na ceachtanna a foghlaimíodh ón ngéarchéim seo ar fud an Aontais agus laistigh de na Ballstáit a chur san áireamh.
San aguisín a ghabhann leis an tuairim, tá liosta de na tionscadail shóisialta, spreagúla lenar tacaíodh le mná agus leanaí imirceacha maidir lena lánpháirtiú agus a n-oiliúint teanga. (ll/tk)