Is comhaltaí nua in CESE iad 137 as na 329 gcomhalta de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus é ag cur tús le téarma oifige 2020-2025 i mí Dheireadh Fómhair.

Beidh na comhaltaí nua ag cur tús lena dtéarma faoi shrianta COVID-19, toisc go bhfuil scaradh sóisialta agus cruinnithe hibrideacha fós i bhfeidhm sa Bhruiséil agus méadú ollmhór tagtha ar na rátaí ionfhabhtaithe ar fud na hEorpa.

Deantar 329 gcomhalta CESE a nuacheapadh gach cúig bliana. An uair seo is comhaltaí nua breis is 40 % díobh, rud a fhágann go dtabharfaidh siad leo dearcadh úr, smaointe nua agus fuinneamh nua agus iad i mbun na hoibre in éineacht leis na comhaltaí atá ag filleadh.

Is mná iad 33 % de na comhaltaí sa téarma nua, méadú ó 27.30 % an uair dheireanach agus ó 24.70 % in 2010-2015. Is iad an Eastóin, le 85.71 %, agus Poblacht na Seice agus an Chróit le 66.67 % na tíortha a bhfuil an líon is mó comhaltaí ban acu. Ag an taobh eile den scála, níl aon chomhaltaí ban ag an bPortaingéil ná ag an gCipir. Tá an chothromaíocht inscne thar barr sa tSualainn.

Tá 27 mbliana d’aois ag an gcomhalta is óige, agus tá an duine is sinsearaí, a bheidh ina chathaoirleach ar an seisiún iomlánach a roghnóidh ceannairí nua CESE, 76 bliana d’aois.

Is í an Chomhairle a cheapann na comhaltaí ar feadh tréimhse cúig bliana, ar bhonn ainmniúcháin ó na Ballstát. Beidh liosta iomlán na gcomhaltaí don téarma nua – a rithfidh ó 2020 go 2025 – ar fáil gan mhoill ar shuíomh gréasáin CESE.

Tá sé beartaithe go dtiocfaidh na 329 gcomhalta nuacheaptha nó athdhearbhaithe le chéile den chéad uair sa Bhruiséil ar an 27 Deireadh Fómhair. An 28 Deireadh Fómhair, toghfaidh siad Uachtarán nua agus beirt Leas-Uachtarán (beidh na Leas-Uachtaráin freagrach as an gCumarsáide agus as an mBuiséad faoi seach) ar feadh téarma dhá bhliain go leith. 

Déantar uainíocht ar phost an Uachtaráin idir trí ghrúpa an Choiste (Fostóirí, Oibrithe agus Éagsúlacht Eoraip). Toghadh an dá Uachtarán roimhe seo ó Ghrúpa na nOibrithe agus ón nGrúpa “Éagsúlacht Eoraip”.

Beidh gach comhalta ina bhall de cheann amháin de na trí Ghrúpa, agus toghfaidh an Grúpa sin a nUachtarán féin ar feadh téarma dhá bhliain go leith ar féidir é a athnuachan.

Is é príomhról CESE comhairle a thabhairt do reachtóirí an Aontais (an Coimisiún Eorpach, Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle) maidir le dréachtreachtaíocht agus dréachtbheartais trí obair na sé rannóg agus an choimisiúin chomhairligh amháin, lena gcumhdaítear raon leathan de réimsí beartais, amhail saincheisteanna sóisialta, eacnamaíocha, talmhaíochta, comhshaoil agus iompair. (dm)