Ag deireadh a théarma oifige, tá breithniú déanta ag CESE ar a rannchudiú leis an tionscadal Eorpach

An 17 Meán Fómhair, reáchtáil Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) a shearmanas deireadh téarma le linn an tseisiúin iomlánaigh dheireanaigh roimh an gcéad téarma eile i mí Dheireadh Fómhair. Ghabh Luca Jahier, Uachtarán CESE ó mhí Aibreáin 2018 i leith, buíochas leis na comhaltaí go léir agus leag sé béim ar rannchuidiú tábhachtach eagraíochtaí na sochaí sibhialta a ndéantar ionadaíocht orthu ag CESE leis an tionscadal Eorpach.

San óráid deiridh uaidh mar Uachtarán, labhair Luca Jahier faoi phríomhthosaíochtaí a théarma, eadhon, forbairt inbhuanaithe, treisiú chaidreamh AE-na hAfraice, méadú an Aontais Eorpaigh, agus cultúr mar ghné aontach san Eoraip. Leag sé béim freisin ar rannchuidiú CESE le blianta beaga anuas chun dul i ngleic leis na dúshláin atá roimh an Aontas: mar shampla, ba é CESE an chéad institiúid Eorpach a mhol Aontas Eorpach um an tSláinte. Chuir sé in iúl go bhfuil súil aige go bhféadfadh CESE páirt ghníomhach a ghlacadh sa Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa arna mholadh ag an gCoimisiún Eorpach agus ag Parlaimint na hEorpa.

Sheol Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, teachtaireacht físeáin inar mhol sí an sárobair a rinne CESE le cúig bliana anuas agus a rannchuidiú tábhachtach le nós imeachta reachtach an Aontais. Sheol David Sassoli, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, teachtaireacht fiseáin freisin inar léirigh sé a thoilteanas oibriú níos dlúithe le CESE chun idirphlé struchtúrtha a chruthú leis an tsochaí shibhialta eagraithe. Labhair Klara Dobrev, Leas-Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, ag seisiún iomlánach CESE chun a chur i bhfáth “nach féidir aon rud a athrú ar domhan mura bhfuil na daoine taobh thiar dínn, agus gurb é ról CESE dul i dteagmháil leis an tsochaí shibhialta eagraithe, leis na daoine féin, iad uile ó chúlraí éagsúla agus riachtanais éagsúla acu”. (dgf)