European Economic
and Social Committee
Clár oibre críochach an Aontais Eorpaigh – Ní mór iarmhairtí ghéarchéim an choróinvíris a chur san áireamh i mbeartais nua
Sa leagan nua, athbhreithnithe de chlár oibre uirbeach agus críochach an Aontais Eorpaigh, ní mór aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí na géarchéime a thionscain paindéim COVID-19, agus d’fhéadfadh sé gurb é an beartas comhtháthaithe an uirlis ab fhearr chun siúl a chur faoi théarnamh eacnamaíoch na hEorpa. In dhá thuairim a glacadh ag an seisiún iomlánach i mí Mheán Fómhair, déanann CESE beartais chríochacha an Aontais a mheas agus leagann sé amach bealach amháin chun cinn.
Sa chéad tuairim díobh sin, díríonn Petr Zahradník agus Roman Haken ar an athbhreithniú ar Chairt Leipzig um Chathracha Eorpacha Inbhuanaithe agus tacaíonn siad lenar iarradh sa Chlár Oibre Críochach nua do 2030, mar atá Eoraip chóir ghlas a chothú agus gné chríochach níos láidre a áireamh i ngach beartas agus ar na leibhéil rialachais uile.
Ar an leibhéal áitiúil, ní foláir san am atá amach romhainn béim a leagan go háirithe ar an gcomhtháthú, ar an inbhuanaitheacht agus ar athléimneacht na gcathracha agus na réigiún. Ag labhairt dó ag an seisiún iomlánach, bhí an méid seo a leanas le rá ag Petr Zahradník: "Tá scóip ollmhór ann chun tionscadail chomhtháite a chur i bhfeidhm i réimse na forbartha críochaí agus uirbí agus gabhann buntáistí ollmhóra leis an gcur chuige seo sa mhéid is gur féidir éifeachtaí a shineirgiú, costais a shábháil agus naisc fheidhmiúla a dhéanamh dá réir."
Ag caint dó ar an ábhar céanna, dúirt Roman Haken: "I bhfianaise éifeachtaí an athraithe aeráide, na húsáide a bhaintear as acmhainní agus an ghá atá ann rioscaí comhshaoil a laghdú, ní féidir aghaidh a thabhairt ar an inbhuanaitheacht agus ar athléimneacht na gcathracha agus na réigiún amhail is dá mba dhá rud ar leithligh iad. Ar an ábhar sin, ba cheart an Clár Oibre Uirbeach a chomhordú chomh dlúth agus is féidir leis an mbeartas comhtháthaithe críochach."
Mar sin, tá tábhacht thar meán leis an gcomhtháthú; tá sé de dhlúth agus d’inneach na tuairime a dhréachtaigh Gonçalo Lobo Xavier freisin, áit a n-áitíonn CESE gurbh é an uirlis ab fhearr é chun déileáil leis an iliomad dúshlán a eascraíonn as paindéim an choróinvíris agus tá sé ag iarraidh ar an gCoimisiún beart a dhéanamh ina leith. "Ní mór dúinn cur chun gnímh go práinneach agus aghaidh a thabhairt ar na dúshláin seo go gasta; caithfear leas a bhaint as na modhanna airgeadais atá ann chun cabhrú agus tacú leis na Ballstáit de réir na gcritéar ábhartha, ach freisin le teann misnigh", a dúirt Gonçalo Lobo Xavier. “Murab ionann is riamh, is cur chuige difreálach atá de dhíth ar an Eoraip fiú amháin más é an dúshlán céanna atá romhainne uile.” (mp)