European Economic
and Social Committee
Má tá rath le bheith ar straitéis inbhuanaithe tionsclaíochta don Eoraip, ní mór di a bheith cuimsitheach agus na tionchair shóisialta a thomhas
Tá sé curtha i dtábhacht ag CESE i dtuarascáil a foilsíodh le déanaí maidir le dréachtstraitéis nua tionsclaíochta an Aontais nach mór an tsochaí shibhialta a áireamh má táthar chun téarnamh láidir a áirithiú le straitéis tionsclaíochta iarphaindéimeach. Ní mór di díriú ar an inbhuanaitheacht agus ar an bhfolláine, na tionchair shóisialta a thomhas agus córas sláinte éifeachtúil inrochtana a chur chun cinn.
De dheasca phaindéim COVID-19, nochtadh laigí i dtimpeallacht eacnamaíoch na hEorpa, go háirithe éagothromaíochtaí réigiúnacha, bearnaí scileanna agus rioscaí don mhargadh aonair agus do sholáthairtí earraí straitéiseacha. I bhfianaise na gceachtanna sin, tá nuashonrú déanta ag an gCoimisiún Eorpach ar an treoirphlean le haghaidh tírdhreach tionsclaíoch atá níos glaise, níos digití agus níos iomaíche — an Straitéis Tionsclaíoch Nua don Eoraip.
Tá tuarascáil maidir leis na nuashonruithe mar aon le tuairim fhorlíontach tarraingthe suas ag CESE ina leagtar béim ar na dálaí le haghaidh éiceachóras cúraim sláinte a bheadh cuimsitheach agus nuálach agus a bheidh mar bhonn taca le hearnáil na tionsclaíochta san Aontas Eorpach.
Sa tuarascáil sin, iarrann CESE ar na grúpaí uile a bhfuil baint acu le geilleagar na hEorpa todhchaí an gheilleagair a mhúnlú, idir cheardchumainn, thionscail agus FBManna, eagraíochtaí eile de chuid na sochaí sibhialta agus na húdaráis phoiblí. Díríonn an straitéis reatha ar an ngnó, ach áitíonn CESE go bhfuil sé ríthábhachtach go n-áireofaí léargais na gcomhpháirtithe sóisialta agus na cuspóirí, na spriocanna agus na táscairí is gá chun athrú rathúil a bhaint amach á ndearadh. Cuireann sé in iúl freisin nach féidir gurb é an t-iomaíochas an t-aon táscaire amháin a bheidh ann maidir le straitéis fhadtéarmach inmharthana. Tá gá le tacar níos leithne d’Eochairtháscairí Feidhmíochta (KPInna) ná mar atá sa straitéis atá beartaithe. Creideann CESE nach leor an t-iomaíochas ná an infheistíocht. Ina theannta sin, ní mór do KPInna an fholláine shóisialta agus an fás inbhuanaithe a chur chun cinn má tá tionscail na hEorpa le bheith inbhuanaithe i ndáiríre.
Tá sé tábhachtach an tionchar a bhíonn ag dálaí oibre agus táirgthe ar an tsochaí, ar an gcomhshaol agus ar cháilíocht na bpost a mheas.
Ba cheart do thacar eile de tháscairí measúnú a dhéanamh ar an aistriú chuig geilleagar ciorclach ‘gan dramhaíl’. Ar deireadh, ba cheart faireachán a dhéanamh freisin ar ghnéithe a bhaineann le gach tionscal, amhail infheistíocht T & F, lena chinntiú go mbíonn saolré fhada ag cuideachtaí agus ag poist.
Tionscadail ar fud an Aontais a thacaíonn le forbairt nuálaíochtaí atá ríthábhachtach do na haistrithe glasa agus digiteacha is ea na tionscadail thábhachtacha ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne (IPCEInna). Áitíonn CESE, ar an gcéad dul síos, go bhfuil saineolas ar eagraíochtaí na n-oibrithe riachtanach chun na tionscadail sin a chur chun feidhme i gceart. Ar an dara dul síos, ní mór IPCEInna a mheas i dtaca leis an luach agus na poist a chruthaíonn siad agus i dtaca leis na scileanna atá de dhíth ar oibrithe agus gnólachtaí sna tionscail nuachóirithe.
Uirlis thábhachtach eile chun ceannaireacht na hEorpa i dtáirgeadh tionsclaíoch a athbhunú is ea caighdeáin. Áitíonn CESE nár cheart na caighdeáin arna bhforbairt ag cuideachtaí Eorpacha a scaipeadh ag na cuideachtaí sin amháin: ba cheart don Choimisiún a bheith taobh thiar díobh agus iad a scaipeadh freisin.
Dírítear sa tuairim fhorlíontach ar conas a d’fhéadfadh an straitéis feabhas a chur ar rochtain ar chúram sláinte níos cothroime agus níos comhordaithe san Eoraip.
Molann CESE go ndíreofaí ar rialachas, ar éagsúlú an tsoláthair agus ar chúram sláinte digiteach, ar rudaí iad ar fad atá nasctha le chéile. Dá reachtálfaí gnólachtaí ar bhealach níos fearr, bheadh an margadh aonair in ann feidhmiú ar bhealach níos réidhe, rud a chothódh gnólachtaí nua. Dá réir sin, bheadh rochtain níos iontaofa ar earraí agus ar sheirbhísí cúraim sláinte mar gheall ar líon méadaithe na dtáirgeoirí, faoi mar a bheadh freisin le dreasachtaí chun monarú na n-ábhar agus na dtáirgí riachtanacha a thabhairt ar ais go dtí an Eoraip.
Neartófaí an margadh aonair don tionscal agus chuirfí feabhas ar chúrsaí cúraim le bearta lena ndéantar córais cúraim sláinte dhigiteacha a oibríonn idir eagraíochtaí agus thar theorainneacha a chumasú. Ar na cúiseanna céanna, iarrann CESE go ndéanfaí beart chun borradh a chur faoi shineirgí idir an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach, idir cuideachtaí móra agus FBManna agus borradh a chur faoi infheistíochtaí i dtaighde agus forbairt agus faoi oiliúint na n-oibrithe uile a bhfuil baint acu le cúram sláinte. (dm)