European Economic
and Social Committee
Conas a rachadh sé i gcion ar an ngeilleagar dá gcinnteofaí íoschaighdeáin chomhchoiteanna le haghaidh sochair dhífhostaíochta ar fud na hEorpa?
Le Grúpa na nOibrithe in CESE
D’fhág paindéim an choróinvíris gur iompaíodh an ghéarchéim a bhí ag bagairt orainn ina cúlú eacnamaíoch iomlán, inar tháinig na laghduithe is mó ar OTI dár tharla in aimsir na síochána le céad bliain anuas, agus a chuir iallach ar na milliúin daoine dul ar iontaoibh scéimeanna éagsúla dífhostaíochta nó páirtaimseartha. In ainneoin an róil atá acu i dtaca leis an gcuid is mó den tionchar a mhaolú, tá ár gcórais shóisialta chomh neamh-ullmhaithe go ginearálta agus a bhí ár gcórais sláinte don phaindéim, ós rud é gur baineadh an bonn go mór díobh le blianta fada de dhéine ó bhí géarchéim 2008 ann.
Sa bhreis air sin, tá na bearta a cuireadh ar bun chun na hoibrithe agus a bpoist a chosaint míchothrom, agus is minic a bhíonn na hoibrithe is neamhbhuaine eisiata ó na scéimeanna cosanta traidisiúnta – cuir i gcás na hoibrithe a bhfuil conarthaí mar sheachadóirí nó “cineálacha nua oibre” acu.
Ní hé amháin go bhfuil córas na sochar dífhostaíochta ilroinnte laistigh de thíortha, ach tá sé ilroinnte eatarthu freisin: is mór iad na difríochtaí ó thaobh fad agus cumhdach sochar chomh maith le hathsholáthar - an sciar a fuarthas den tuarastal roimhe sin. Rinneadh anailís sa staidéar a choimisiúnaigh Grúpa na nOibrithe ar an gcaoi a rachadh sé i gcion ar an ngeilleagar ina iomláine san Aontas, agus i dtíortha aonair, dá mbeadh caighdeán comhchoiteann ag na córais dífhostaíochta i dtaca le cumhdach, fad agus athsholáthar, rud a chinnteodh íoschaighdeán comhchoiteann d’oibrithe san Eoraip. Trí leas a bhaint as samhaltú maicreacnamaíoch, rinneadh an hipitéis sin a thástáil i bhfianaise ghéarchéim 2008, timthriall buiséadach iomlán, agus, rud atá níos ábhartha faoi láthair, i bhfianaise shleabhcadh eacnamaíoch na paindéime.
Is ríléir ó na torthaí go mbeadh tionchar dearfach ar an ngeilleagar, agus níos dearfaí fós in úsáid in éineacht le beartais shóisialta eile, rud a chinnteodh cosaint post agus a sheachnódh cúlú eacnamaíoch eile. Beidh an staidéar iomlán agus sonraí ar fáil ag an nasc seo.