Tatjana Babrauskienė: “Má tá aon rud tagtha as an tréimhse coraintín seo, thug sé an t-am agus an deis do dhaoine a scíth a ligean agus machnamh a dhéanamh ar cé chomh tábhachtach is na caidrimh atá againn”

Is comhalta de CESE í Tatjana Babrauskienė, arb as an Liotuáin di, agus tá sí ina bhall de Cheardchumann Oideachais agus Eolaíochta na Liotuáine chomh maith. D’iarr CESE Info uirthi a cuid smaointe maidir le COVID-19 a roinnt, ó thaobh a tír féin de.

Cén sórt taithí a bhí agat le linn na dianghlasála?

Ba eispéireas ar leith a bhí ann, lenar bhain roinnt mhaith imní agus taomanna sceimhle de bharr go raibh nuacht faoin víreas seo, a bhí ag leathadh ar luas lasrach ar fud an domhain, go mór i mbéal an phobail.

Ach ag an am céanna, shílfeá go raibh an saol ag gluaiseacht go han-mhall, go rabhamar ag maireachtáil i ndomhan a bhí tar éis athrú thar oíche, agus bhí orainn dul i dtaithí ar an ngnáthshaol nua seo.

Bhí m’eagraíochtsa plúchta le ríomhphoist ó chomhaltaí agus ó mhúinteoirí a bhraith go raibh siad caillte dá bharr agus a raibh cúnamh ag teastáil uathu. Chruthaíomar leathanach gréasáin maidir le COVID-19 trína gcuirtear moltaí, comhairle dhlí agus eolas úsáideach eile ar fáil, chomh maith le "leathanach maidir le moltaí don chianfhoghlaim trína gcuirtear leideanna agus uirlisí teagaisc don ríomhtheagaisc agus don ríomhfhoghlaim ar fáil.

Choinnigh an méid seo ar fad muid ag imeacht agus spreag sé muid chomh maith mar gur thuigeamar go raibh roinnt mhaith daoine ag brath orainn.

Céard a bhraith tú uait le linn na tréimhse corraí seo?

Bheith ag bualadh le cairde agus comhghleacaithe, agus thar aon rud eile, le mo dhaoine muinteartha.

An Cháisc, mar shampla. De ghnáth, déanaimid an Cháisc a cheiliúradh lenár muintir. I mbliana, phéinteálamar uibheacha agus réitíomar béilí speisialta, mar a dhéanaimid i gcónaí, ach ní raibh spiorad na féile inár gceiliúradh ar chor ar bith.

Buíochas le Dia, bhí cead againn an teach a fhágáil le dul ar shiúlóid nó le píosa aclaíochta a dhéanamh, inár n-aonar nó le daoine eile ón teaghlach, agus bhain mé féin an-leas as an deis seo. 

Céard iad na ceachtanna atá le foghlaim ón dianghlasáil?

Le linn na tréimse coraintín, thosaíomar ag déanamh rudaí ar bhealach eile agus tháinig nósmhaireachtaí nua chun cinn de réir mar a thosaíomar ag déanamh beagnach gach uile shórt ar líne. Beidh le feiceáil an leanfaimid orainn leis na nósmhaireachtaí nua seo nó nach leanfaidh agus an mbeidh siad mar dlúthchuid dár saol oibre agus den chaoi a ndéanfaimid cumarsáid lena chéile amach anseo, agus má thagann athrú ar cé chomh minic agus a thagann muid le chéile lenár gcuid comhghleacaithe agus ár gcuid cairde agus cé chomh fada agus a mhaireann na cruinnithe sin.

Bhí an tréimhse dianghlasála ina thurgnamh oideachais go pointe áirithe chomh maith, agus baineadh triail as teagasc ar líne le fáil amach cén chaoi a n-éiríonn le daltaí leis an modh teagaisc sin i gcomparáid leis an teagasc agus daoine os comhair a chéile sa seomra ranga. Faraor, tá méadú tagtha ar neamhionannas dá bharr, agus beidh le feiceáil an mbeifear in ann filleadh ar an status quo sna scoileanna tar éis na géarchéime seo.

Tá fianaise ann go mbaineann idirdhealú bunaithe ar aois, scaipeadh teoiricí comhcheilge agus ardú ar líon na scéalta bréagnuachta leis an aistriú digiteach de réir mar a dhéanann daoine iarracht freagraí a fháil ar na ceisteanna tábhachtacha: céard atá ag tarlú, cé atá freagrach agus céard iad na cúiseanna atá leis? Ar an taobh eile den scéal, a bhuí leis an teicneolaíocht, is féidir súil a choinneáil ar gach uile dhuine an t-am ar fad sa lá atá inniu ann. Mar sin, cén sórt tionchar a d'fhéadfadh sé seo a imirt ar ár saol pearsanta? Níor cheart iachall a bheith orainn rogha a dhéanamh idir an príobháideachas agus an tsláinte.

An dea-scéala a tháinig as an dianghlasáil ná, de bharr gur cuireadh stop leis na rudaí a bhíonn ar siúl ag daoine de ghnáth, go ndeachaigh sé sin chun sochair mhaolú an athraithe aeráide agus tá níos mó seans ann anois go ngearrfar siar ar astaíochtaí carbóin agus go dtiocfaidh athrú ar mheon na ndaoine.

Cén údar dóchais atá acu siúd a bhfuil a bpost curtha i mbaol anois aige seo ar fad?

Ní raibh an tionchar céanna ag an dianghlasáil ar gach uile oibrí. B’iad siúd, ar measadh go raibh post neamhriachtanach acu agus/nó post nárbh fhéidir a dhéanamh ón mbaile, a bhí thíos leis an gcaillteanas ioncaim is mó agus a chaill a bpost níos minice ná aon ghrúpa eile.

Tá gaol ann idir an éiginnteacht fostaíochta agus an méid a shaothraíonn duine agus an t-oideachas atá orthu. Mar sin, ní mór dúinn ár gcuid córas oideachais agus oiliúna a neartú agus an t-uas-sciliú agus an t-athsciliú is gá a chur ar fáil do gach duine ar a bhfuil sé dhíth. Ní mór dúinn a chinntiú go dtagaimid slán as an ngéarchéim seo agus muid níos láidre agus níos ullmhaithe don am atá le teacht, pé cruth nó cuma a bheidh air.

An bhfuil daoine ann ar mhaith leat a fheiceáil ach nach raibh tú in ann a fheiceáil go fóill?

Tá. Mo chuid cairde agus comhghleacaithe nach Liotuánaigh iad. Is fada liom go mbeidh mé in ann bualadh leo agus a bheith ag obair leo arís, gan aon imní orainn faoi mhascanna, an scaradh sóisialta agus díghalrán láimhe.

Tá jab iontach déanta ag an Liotuáin, ní hamháin ó thaobh an chuair a chothromú, ach fáil réidh leis ar fad. Tá ár saol sóisialta (beagnach) ar ais mar a bhí sé. Ach tá an chuma air nach bhfuil cúrsaí chomh seasmhach céanna i roinnt tíortha eile. Tá súil agam go n-éireoidh cúrsaí níos fearr dóibh go luath.

Má tá aon rud tagtha as an tréimhse coraintín seo, thug sé an t-am agus an deis do dhaoine a scíth a ligean agus machnamh a dhéanamh ar cé chomh tábhachtach is atá na caidrimh atá againn.