Irini Pari: "Chuir an ghéarchéim ar ár súile dúinn go bhfuil todhchaí an uile dhuine againn fite fuaite le chéile”

Agus mé á scríobh seo, tá geataí na dianghlasála á n-oscailt go cáiréiseach agus tá ceisteanna áirithe ag teacht chun cinn: cén sórt saoil úrnua atá i ndán dúinn? Cén sórt lorg a fhágfaidh an phaindéim seo ar ár ngeilleagair, ar ár sochaithe agus ar an saol? An bhfuil aon rud foghlamtha againn? An ndéanfaimid rudaí ar bhealach difriúil amach anseo?

Ghoill sé orm mar Ghréagach mo thír féin a fheiceáil agus í ag tabhairt aghaidh ar ghéarchéim nua, tráth atá géarchéim eile díreach curtha di aici, ceann a mhair ar feadh deich mbliana uafásacha. Bhraith mé gur éagóir a bhí ann. Bhí orainn aghaidh a thabhairt ar an bpaindéim nua seo agus ár gcóras sláinte mar aon lenár ngeilleagar lagaithe cheana féin ag an ngéarchéim a bhí ann roimhe seo. Tá bród orm inniu a rá gur dhéileáil an Ghréig leis an gcéad chéim go tapa, go réalaíoch agus go rathúil. Sheasamar ar fad gualainn ar ghualainn le chéile agus thuigeamar go raibh an aidhm chéanna againn ar fad.

Agus muid inár n-ionadaithe ar na fiontair, ba é an chéad chúis imní a bhí againn ná beatha daoine a shábháil. Chuaigh gnólachtaí i mbun gnímh go han-tapa agus rinne siad síntiúis thábhachtacha d’fhonn trealamh leighis agus cliniciúil a cheannach. Ag an am céanna, b’éigean dúinn an obair a eagrú ó chian agus oibrithe a choinneáil slán san ionad oibre, scrúdú a dhéanamh ar bhearta chun cuideachtaí agus poist a shábháil, leachtacht a éascú, na slabhraí luacha a choimeád i bhfeidhm agus muid féin a eagrú don chéad chéim eile.

Rinne an rialtas seo againn féin cinntí, ach bhí a fhios againn go maith nach bhféadfaimis aghaidh a thabhairt ar an suaitheadh neamhshiméadrach seo inár n-aonar. Bhí an tionscadal Eorpach níos tábhachtaí ná riamh! Thosaigh an Eoraip ag tabhairt aghaidh ar an ngéarchéim - “más go déanach féin é” a déarfaidh roinnt daoine - ach mar sin féin, thug sí aghaidh uirthi, agus sílim gur féidir linn, mar Eorpaigh, a bheith bródúil as an méid sin. Arís, sílim gurb é seo an chéad cheacht atá le foghlaim againn as an ngéarchéim seo: tá todhchaí an uile dhuine againn fite fuaite le chéile.

Is é an dara ceacht, sílimse, ná nach féidir linn ár n-iarrachtaí a chaitheamh in aer chomh luath agus a bheidh bagairt an choróinvíris curtha dínn againn, agus nach mór dúinn leanúint ar aghaidh le lánpháirtiú na hEorpa, go háirithe i bhfianaise a bhfuil tarlaithe idir an tSín agus SAM. Ní mór dúinn cloí leis an bplean a chuireamar le chéile agus a leagamar amach le linn na géarchéime roimhe seo chun comhtháthú níos doimhne a dhéanamh san Eoraip ó thaobh an gheilleagair de, ó thaobh airgeadais de, go fioscach, ó thaobh an chomhshaoil de, ó thaobh cúrsaí sóisialta de agus ó thaobh na polaitíochta de. Tá muinín agam go gcoinneoimid orainn lenár n-iarrachtaí an geábh seo.

Ar an tríú dul síos, roimh an bpaindéim seo fiú, chuir sé iontas orm i gcónaí an chaoi nach ndéantaí dóthain infheistíochta in dhá réimse bhunriachtanacha den saol: an tsláinte agus an t-oideachas, agus an chaoi nach dtuigtí cé chomh luachmhar agus cé chomh tábhachtach a bhí na réimsí sin. Táimid ag déileáil leis na hiarmhairtí a bhaineann leis sin - tá daoine ag fáil bháis agus tá an pobalachas ag dul ó neart go neart. Dá bhrí sin, tá sé níos tábhachtaí fós sa lá atá inniu ann go mbeadh an Eoraip níos láidre ó thaobh na sláinte agus an oideachais de.

I dtaca liom féin, le linn na géarchéime seo bhí an t-am agam roinnt téacsanna fealsúnachta a léamh agus ba mhaith liom smaoineamh álainn a roinnt libh. Chreid na Gréagaigh anallód i "gcosmas ina maireann gach rud le chéile faoi shíocháin". Bhí an dearcadh seo bunaithe ar dhá luach: αιδώς, meas a bheith agat ar dhaoine eile agus ar na dúile uile - idir phlandaí, ainmhithe agus daoine - agus δίκη, an ceartas. Mar sin, go spreaga an coincheap seo muid agus go gcothaímid an “cosmas” seo dúinn féin!