CESE an-sásta leis an gcéad chruinniú a bhí aige le Comhairle Eacnamaíoch agus Shóisialta na hAirgintíne

Ba iad Christa Schweng, Uachtarán CESE, agus Gustavo Beliz, Uachtarán Chomhairle Eacnamaíoch agus Shóisialta (CES) na hAirgintíne, a rinne cathaoirleacht ar an gcéad chruinniú idir CES na hAirgintíne agus CESE, cruinniú a d’eagraigh Rannóg REX.

Agus an cruinniú á oscailt ag Uachtarán CES na hAirgintíne, Gustavo Beliz, rinne sé cur síos gairid ar an gcéad 100 lá ag CES nuabhunaithe na hAirgintíne:

“In CES na hAirgintíne, tugtar le chéile daoine a bhfuil tuairimí an-difriúil acu, ina measc tuairimí idé-eolaíocha an-difriúil, taithí an-éagsúil ar an saol agus réimse mór cúlraí sóisialta. Is í an éagsúlacht sin an acmhainn is mó atá ag CES. Sa chéad 100 lá sin, léiríomar an meas mór atá againn ar ár gcuid oibre agus cé chomh tiomanta agus atáimid. Is mian linn coinneáil leis an obair sin ar an dul céanna agus CESE inár dteannta agus táimid an-sásta an deis seo a fháil.”

Rinne Christa Schweng, Uachtarán CESE, comhghairdeas leis an Airgintín as foras a bhunú trínar féidir le heagraíochtaí na sochaí sibhialta a dtuairimí a nochtadh agus moltaí a dhéanamh maidir le beartais. “Táimid an-sásta go bhfuil Comhairle Eacnamaíoch agus Shóisialta curtha ar bun san Airgintín, comhairle a dhíreoidh ar shaincheisteanna amhail an cuimsiú sóisialta, an comhshaol agus an t-athrú aeráide, cúrsaí oibre, an daonlathas nuálach agus an tslándáil bia. Tá a lán luachanna agus leasanna i gcoiteann againn leis an Airgintín, mar shampla an tuiscint go bhfuil tábhacht le rannpháirtíocht na sochaí sibhialta.”

Bhí os cionn 90 duine ón dá thoscaireacht, thar ceann earnálacha éagsúla, i láthair ag an gcruinniú agus bhí plé bríomhar eatarthu ar réimse leathan saincheisteanna agus straitéisí. Díríodh sa phlé sin ar na tosaíochtaí maidir leis an téarnamh ó COVID-19, ar an gComhaontú Glas don Eoraip, ar oideachas agus ar phoist sa todhchaí agus ar thionchar na nuatheicneolaíochtaí ar mhargadh an tsaothair.

Chuir an dá thoscaireacht béim ar a thábhachtaí atá ról na gComhairlí chun comhthoil agus réitigh ar fhadhbanna sóisialta a fhorbairt, chomh maith leis an gcur chuige is gá chun teacht ar na réitigh sin, agus conas an méid sin a dhéanamh ar bhealach atá fréamhaithe go daingean i mbunchlocha an daonlathais rannpháirtíochta. (at)