Agus an ailse ar tí iompú ina príomhchúis bháis san Aontas, níl amhras ar bith ach gur tráthúil é Plean na hEorpa um Shárú na hAilse Is díol mór sásaimh do CESE an plean seo óir is cloch mhíle é sa chomhrac in aghaidh na hailse. Mar sin féin, i bhfianaise na n-éagothromaíochtaí réigiúnacha agus sóisialta nár réitíodh go fóill, is léir go bhféadfaí cúrsaí a fheabhsú tuilleadh fós.

Tacaíonn CESE go láidir le plean nua de chuid an Choimisiúin ar fiú EUR 4 bhilliún é chun gníomhaíocht i gcoinne na hailse a mhaoiniú, arb é sin an chéad doiciméad straitéise a cuireadh le chéile ó bhí 1990 ann ina ndírítear ar an gcomhrac i gcoinne an sciúirse seo.

“Tá Plean Marshall nua i leith na hoinceolaíochta de dhíth ar an Aontas agus is céim sa treo ceart é sin. Ní féidir linn an deis seo a chur amú”, a dúirt Małgorzata Anna Bogusz, rapóirtéir na tuairime ó CESE maidir le Plean na hEorpa um Shárú na hAilse.

“Tá an straitéis oiriúnach don fheidhm atá léi ós rud é go gcumhdaítear roinnt mhaith de na príomhghnéithe den chomhrac in aghaidh na hailse inti”, arsa Milena Angelova, comhrapóirtéir na tuairime.

Déantar an bhásmhaireacht agus an ghalracht ailse a chomhghaolú leis an gcineál ailse, le suíomh an othair agus lena ghrádán sóisialta. Ní mór aird a dhíriú ar na neamhréireachtaí ó thaobh bonneagar réigiúnach de agus ar na héagothromaíochtaí sóisialta ó thaobh fostaíochta agus inscne de.

Molann CESE do na Ballstáit a bheith réamhghníomhach agus é á chur i bhfáth aige an gá atá le foirmeacha den ailse cheirde a chosc go héifeachtach. Chuige sin, iarrann sé go ndéanfaí tuilleadh taighde ar nochtadh do charcanaiginí, só-ghineacha agus suaiteoirí inchríneacha agus ar na cúiseanna atá leis an ailse cheirde, go háirithe i gcás na mban.

Agus an meall mór ar deireadh, leagtar béim sa tuairim ar an bpríomhról atá ag na comhpháirtithe sóisialta agus ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta a mhéid a bhaineann le múscailt feasachta agus feachtais chun stíl mhaireachtála shláintiúil a chur chun cinn. (at)