European Economic
and Social Committee
Tá todhchaí na hEorpa ag brath ar an gcaoi a gcaithimid le limistéir thuaithe
Ba cheart limistéir thuaithe níos tarraingtí a fhorbairt do dhaoine óga agus do ghnólachtaí. Ar an gcaoi sin, d’fheabhsófaí cáilíocht saoil an uile shaoránaigh san Eoraip agus bheidís in ann cinneadh a dhéanamh maidir leis an áit inar mhaith leo cur fúthu agus post a bheith acu. Bhí sé sin ar cheann de na príomhchonclúidí ón díospóireacht I dtreo straitéis iomlánaíoch maidir le forbairt inbhuanaithe tuaithe/uirbeach, a reáchtáladh in CESE an 8 Márta.
Níl limistéir thuaithe agus uirbeacha na hEorpa á bhforbairt ar bhonn cothrom. Tá sé ríthábhachtach go gcothófaí beartais lena gcuirtear srian leis an treocht seo, lena gcinntítear aistriú cóir agus inbhuanaithe i dtreo gheilleagar na dea-bhaile i ngach limistéar, agus lena gcuirtear athchothromú an daonra chun cinn. Ba cheart, go háirithe, limistéir thuaithe níos tarraingtí a fhorbairt do dhaoine agus do ghnólachtaí i bhfianaise ról ríthábhachtach na limistéar sin sa chomhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta, in athléimneacht na réigiún, agus san iliomad seirbhísí atá ann, táirgeadh bia san áireamh, a bhuí sin le héiceachórais áitiúla éagsúla.
Dúirt Peter Schmidt, Cathaoirleach ar an Rannóg um Thalmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol (NAT) in CESE: “Is é téarnamh iar-COVID-19 an deis thráthúil a bhí uainn straitéisí a ullmhú lena gcinnteofar nach bhfágfar aon limistéar ná aon duine ar gcúl san aistriú cóir i dtreo Aontas Eorpach atá aeráidneodrach, inbhuanaithe agus rathúil.”
“Tá gá ann, i bhfianaise an phacáiste téarnaimh dhiongbháilte atá ag an Aontas anois, na bearnaí idir na críocha san Aontas a chur san áireamh agus na cistí á leithdháileadh,” arsa Stefano Palmieri, Cathaoirleach ar an Rannóg um Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus um Chomhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta in CESE, agus a chuid argóintí féin á ndéanamh aige.
Chuir Deša Srsen, ó oifig Dubravka Šuica, Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin, aidhm na físe fadtéarmaí don tuath i bhfáth: “Leis an bhfís fhadtéarmach don tuath a bhfuil an Coimisiún ag ullmhú dá glacadh i mí an Mheithimh, is é an aidhm atá ann meanman nua a chruthú do na limistéir thuaithe.”
Ba é Josep Puxeu Rocamora, rapóirtéir na tuairime ó CESE maidir le Cur chuige comhtháite i ndáil le limistéir thuaithe an Aontais Eorpaigh, a chuir i bhfáth go bhfuil comhtháthú na limistéar tuaithe agus na limistéar leochaileach an-chasta toisc go mbaineann sé le gach uile bheartas atá san Aontas cheana féin: “Chun na limistéir sin a fhorbairt, molaimid ‘conradh críochach’ ar cheart é a bheith rannpháirteach, curtha in oiriúint le go mbeidh sé ag teacht le tréithe na gcríoch agus ina ndéanfar an oidhreacht stairiúil, chultúrtha agus nádúrtha a bhaineann leo a chaomhnú.” (mr)