Chuir an cogadh san Úcráin i gcuimhne dúinn an fhírinne shearbh, is é sin gur síocháin bhuan a bheith againn ar mhór-roinn na hEorpa a chéadspreag bunú an Aontais Eorpaigh. Ligeamar sin i ndearmad faraor. Tharla sé, ag pointe áirithe, nach raibh scéal na síochána san Eoraip tarraingteach a thuilleadh, go háirithe don ghlúin óg. Is é a dúirt Albert Camus gurb í ‘an tsíocháin an t-aon chogadh is fiú a fhearadh’. Táimid ag cur eolais arís ar an bhfírinne atá sna focail sin agus ar an tuiscint go gcaithfimid leanúint dár n-iarrachtaí chun athrú a dhéanamh san áit a bhfuil gá leis.

Thug ionradh na Rúise ar an Úcráin chun cuimhne an tromluí is measa a bhí ann san fhichiú haois – an cogadh ar mhór-roinn na hEorpa. Mar a tharla tráth na gcogaí atá caite, tá amhras á chaitheamh ar shláine críche tíre san Eoraip. Tá baol gorta agus cinedhíothaithe i gceist leis sin freisin. Tagann iompar bagrach na Rúise salach ar an rud atá ‘Eorpach’ agus ar an rud atá ‘daonlathach’, agus ní féidir leis an Eoraip cur suas leis sin agus ní ghlacfaidh sí leis. Is í an tsíocháin an rud ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe. Is í cumhacht an dlí agus ní dlí na cumhachta is bonn leis an Aontas.

Deich mbliana ó shin, bronnadh Duais Nobel na Síochána ar an Aontas ar shon os cionn trí scór bliain de shíocháin, d’athmhuintearas agus de dhaonlathas. Beidh ar an Aontas coinneáil den ról atá aige ag cosaint na síochána agus an daonlathais san Eoraip agus níos faide i gcéin; beidh air an ról sin a neartú, fiú.

Is é an cogadh agus iarmhairtí an chogaidh – imirce, boilsciú, ardú ar phraghas an fhuinnnimh agus an gá le míleatú – an dúshlán is mó atá le sárú ag an Eoraip faoi láthair. Ach tá dúshláin eile ann freisin, mar atá, COVID-19, an t-athrú aeráide a chomhrac nó neamhspleáchas straitéiseach na hEorpa a thógáil. Beidh orainn dul i ngleic leis na dúshláin sin go léir agus leanúint de chabhair a thabhairt dár gcomharsana – muintir na hÚcráine. Sa chomhthéacs sin, is cúis áthais dom na conclúidí a bhí ar an gcruinniú mullaigh neamhfhoirmiúil a thionóil an tAontas Eorpach in Versailles, conlúidí a thagann leis na moltaí a rinne CESE – stop a chur láithreach leis na gníomhaíochtaí míleata san Úcráin, daoine san Úcráin agus teifigh na tíre a chosaint agus neamhspleáchas na hEorpa a neartú, go háirithe in earnáil an fhuinnimh.

Tréimhse dheacair atá ann faoi láthair, go háirithe agus tuirse orainn go fóill tar éis COVID-19 agus na dianghlasála a bhí ann le deireanas. Mar sin féin, is gá dúinn seasamh le chéile i gcónaí. Tá rud amháin ann a bhfuilim cinnte faoi: le go mbeidh daonlathas láidir, teastaíonn neart agus beocht ón rud ar a dtugann na Gréagaigh ‘demos’ – an pobal, bídís ina bhfostóirí, ina n-oibrithe nó ina saoránaigh eile! Mura seasaimid gualainn ar ghualainn, ní éireoidh linn an todhchaí atá uainn san Eoraip a thógáil.

Tá an nasc mothúchánach leis an tionscadal Eorpach agus an úinéireacht air, rud a bhí in easnamh le roinnt blianta, díreach aimsithe againn – AN tSÍOCHÁIN.

Christa Schweng
Uachtarán CESE