Ó bhí 2008 ann, táimid buailte ag géarchéimeanna, ceann i ndiaidh a chéile, rud ar a dtugtar “géarchéim iomadúil”. Ní haon ionadh go bhfuil ceisteanna á gcur ag daoine faoi céard eile atá i ndán dúinn, rud a léiríonn go bhfuil méadú tagtha ar an eagla agus an éiginnteacht i measc an phobail. Is fíor go n-allmhairítear formhór na ngéarchéimeanna. Ina ainneoin sin, sháraigh an tAontas na constaicí contúirteacha sin a bhí ina mbagairt don Aontas féin ag amanna éagsúla. Is maith is féidir linn aghaidh a thabhairt ar na constaicí sin ach, san am céanna, tá dúshláin dhearfacha romhainn freisin. An bhfuilimid chomh cumasach céanna agus aghaidh á tabhairt againn orthu sin?

Tugtar misneach dom nuair a fheicim an chaoi a bhfuil leas á bhaint ag an Aontas as an gCiste Téarnaimh, rud atá ceaptha chun comhrac i gcoinne thionchar sóisialta agus eacnamaíoch na paindéime ar mhaithe le dlús a chur leis an aistriú comhshaoil agus leis an aistriú digiteach. Tá an bainistiú géarchéime agus fís fhadtéarmach á dtabhairt le chéile againn, agus tá sé sin ar cheann de na rudaí is déine chun tabhairt faoi sa réimse polaitiúil sa lá atá inniu ann, réimse ina bhfuiltear róthógtha leis an smaointeoireacht ghearrthéarmach agus leis an ngníomhaíocht ghearrthéarmach.

Ní hamháin go bhfuil sé ríthábhachtach chun go mairfimid an neodracht carbóin a baint amach faoi 2050 ach ba cheart go gcuideodh sé freisin leis an ngeilleagar a choinneáil iomaíoch. Níor cheart na botúin chéanna a dhéanamh agus a rinneadh i gcás na réabhlóide digití. Ba bheag gur ligeamar an fhaill sin tharainn.

Bheadh fíor-bheartas aeráide ina chuidiú againn freisin chun príomhchuspóir eile a bhaint amach, is é sin neamhspleáchas straitéiseach an Aontais nó cineál éigin de cheannasacht Eorpach. A bhuí le beartas aeráide, d’fhéadfaí allmhairí breosla iontaise, amhail gás ón Rúis, a laghdú agus a sheachaint. Cuideoidh an Comhaontú Glas le saincheisteanna aeráide agus eacnamaíocha agus beidh an tAontas níos neamhspleáiche dá bharr. Ní leor ceann amháin de na gnéithe sin ann féin: tá gach ceann acu ag brath ar a chéile.

Rachaidh mé níos faide fós. Más mian leis an Aontas ról geopholaitiúil a bheith aige, ní mór dó a bheith iomaíoch, de bhrí go bhfuil cothromaíocht na cumhachta sa domhan ag brath ar an ngeilleagar. Sin an fáth a bhfuil an t-aistriú comhshaoil agus an t-aistriú digiteach chomh tábhachtach sin. Ar an gcúis sin, ní mór dúinn leanúint de bheith ag labhairt d’aon ghuth amháin i dtaca leis an trádáil - faoi mar a rinneamar i gcás Brexit agus i gcás sraith na gComhaontuithe Saorthrádála atá curtha i gcrích againn leis an tSeapáin agus leis an tSín maidir le hinfheistíocht. Go fiú le linn ré Trump, d’éirigh le hUachtarán an Choimisiúin cogadh trádála a sheachaint óir gur sheasamar le chéile. Mar sin féin, ó thaobh na geopholaitíochta de, ní féidir leis an Aontas a bheith ábhartha i ndáiríre ach amháin má laghdaíonn sé a spleáchas ar ghníomhaithe domhanda eile i gcuid mhór réimsí: an teicneolaíocht dhigiteach, an fuinneamh, an imirce, seirbhísí airgeadais (áirítear leis sin an spleáchas ar chathracha agus ar dhollar na Stát Aontaithe a laghdú), an bia, an tsláinte phoiblí, etc. Ní féidir linn é sin a dhéanamh ach amháin má théimid i gcomhar le chéile ar an leibhéal tionsclaíoch. Tá tábhacht ag baint le méid. Tá tábhacht ag baint le scála. Tá dul chun cinn á dhéanamh againn sna réimsí sin go léir ach, in amanna, tá an dul chun cinn sin rómhall. Ní mór dúinn smaoineamh ar dhóigh níos straitéisí, níos críonna agus níos Eorpaí.

Tá súil agam go ndíreofar ar na dúshláin inmheánacha atá romhainn sa Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa. Tá cónaí orainn i ndomhan atá nua ó thaobh na teicneolaíochta, na déimeagrafaíochta, an gheilleagair, an chomhshaoil agus na geopholaitíochta de. Tá na forbairtí sin go léir ag tarlú níos tapa ná mar a bhí coinne leo nó mar a tuaradh. Ní féidir a shéanadh go bhfuil práinn le gach rud anois.

Laistigh den Aontas, ní mór dúinn a bheith aireach agus an chobhsaíocht shóisialta agus pholaitiúil a chothabháil nó a athghabháil. De deasca na paindéime, tá éagothromaíochtaí nua tagtha chun cinn agus is measa anois na cinn a bhí ann cheana féin. Is mó an deighilt atá sna margaí saothair idir daoine ar bheagán oideachais agus daoine ardoilte agus, dá thoradh sin, tá an baol ann go mbraithfidh grúpaí áirithe go bhfuil siad á dtréigean, go háirithe anois agus tús curtha leis an réabhlóid dhigiteach. Léiríonn an Ciste Téarnaimh agus ceannach comhpháirteach na vacsaíní gurb ann don dlúthpháirtíocht Eorpach. Tá neart oibre le déanamh ar an leibhéal náisiúnta chomh maith chun cur leis an gcomhtháthú sóisialta. Tá ardú ollmhór tagtha ar líon na ndaoine bochta i ngeall ar an bpaindéim, agus tháinig méadú ar an bhfíorbhochtaineacht ar fud an domhain tar éis di dul i laghad le blianta fada anuas. Is mór ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an comhtháthú sóisialta agus tá an ceart ar fad aige. Ó thaobh na polaitíochta de, de dheasca gníomhaíochtaí a rinneadh i dtíortha áirithe, baineadh an bonn den smacht reachta, den tsaoirse cainte agus de shaoirse na meán agus, dá bhrí sin, de na toghcháin iad féin. Cuireadh in éadan na ngníomhaíochtaí sin.

Is cinnte go bhfuil ár seacht sáith de dhúshláin romhainn, mar sin, ní mór dúinn a chinntiú go mbeimid ullamh, toilteanach agus ábalta aghaidh a thabhairt orthu i dteannta a chéile. Ní hé seo an t-am le drochscéalaithe ach le daoine, rialtais agus eagraíochtaí atá lán dóchais.

Herman van Rompuy, Uachtarán Ionad Beartais na hEorpa