B’éifeachtúla agus b’éifeachtaí a bheadh Pleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta ach eagraíochtaí na sochaí sibhialta a bheith rannpháirteach sa phróiseas ag céim níos luaithe agus ar bhonn níos forleithne. B’in í príomhtheachtaireacht an rúin “Rannpháirtíocht na Sochaí Sibhialta Eagraithe sna Pleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta – na nithe a oibríonn agus na nithe nach n-oibríonn”, rún a glacadh ag seisiún iomlánach CESE i mí Feabhra agus a cuireadh i láthair le linn díospóireacht le Christa Schweng, Uachtarán CESE, agus Johannes Hahn, An Coimisinéir Eorpach um Buiséad agus um Riarachán.
Ag trácht di ar an toradh, seo mar a labhair an tUacharán Schweng: “A bhuí leis an rún seo, agus leis an anailís a dhéantar mar chuid de ar réimse leathan gnéithe eacnamaíocha agus sochaíocha, táimid in ann teachtaireacht láidir a sheoladh lena gcuirtear in iúl go soiléir go bhfuil tábhacht nach beag le rannpháirtíocht na sochaí sibhialta eagraithe. Ní mór pleananna téarnaimh tairbhiúla a bheith ann chun tacú i ndáiríre leis an téarnamh ón ngéarchéim reatha agus aistriú glas agus aistriú digiteach atá cóir agus cothrom a bhaint amach. A luaithe a bheidh na cistí i bhfeidhm, mar dhara céim, is maith is féidir le comhaltaí CESE a mheas an bhfuil an t-airgead á chaitheamh ar bhealach atá éifeachtach agus an féidir leis na gnólachtaí, na hoibrithe, agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta atá i ngátar leas a bhaint as an airgead”.
Ó thaobh an Choimisinéara Hahn de, dúirt sé go raibh rialacha i bhfeidhm, agus go leanfadh an Coimisiún de bheith ag iarraidh ar son rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí sna próisis athchóiriúcháin sin: “Leis an Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, spreagtar comhairliúcháin leathana, idirghníomhaíochtaí láidre agus cumarsáid leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ag gach céim den chur chun feidhme. Ar an gcaoi sin, spreagtar na geallsealbhóirí le seilbh a ghlacadh ar na pleananna, agus, a bhuí leis sin, éascaítear cur chun feidhme rathúil na bpleananna. Go sonrach, ní mór do na Ballstáit a chur in iúl dúinn cén chaoi a léirítear ionchur ionadaithe ón tsochaí shibhialta sna pleananna”.
Ba iad na comhaltaí seo a leanas ó CESE a dhréachtaigh an rún: Gonçalo Lobo Xavier (Grúpa na bhFostóirí), Javier Doz Orrit (Grúpa na nOibrithe) agus Luca Jahier (an grúpa "Éagsúlacht Eoraip"). Rinne an triúr comhaltaí seo obair na 27 dtoscaireacht a chomhordú (tá triúr comhaltaí i ngach toscaireacht). Is é atá i gceist leis an obair sin monatóireacht a dhéanamh ar rannpháirtíocht na sochaí sibhialta eagraithe maidir le dréachtú, cur chun feidhme agus measúnú na bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta. (mp, na)