European Economic
and Social Committee
Cruinniú Comhchéime AE-na Brasaíle
Le fiche bliain anuas, tá an Bhrasaíl tagtha chun cinn mar cheann de thíortha Mheiriceá Laidinigh a bhfuil an caidreamh is dinimiciúla agus is mó tionchar aici le CESE. Is é is príomhthréith den chaidreamh sin malartuithe rialta cuiditheacha lena leagtar béim ar thábhacht straitéiseach na Brasaíle sa réigiún.
Go stairiúil, ba í an Chomhairle um an bhForbairt Eacnamaíoch agus Shóisialta (CDES), a bunaíodh in 2003 faoi cheannaireacht an Uachtaráin Luiz Inácio Lula da Silva, príomh-chontrapháirt CESE sa Bhrasaíl, agus atá bunaithe ar an tsamhail Eorpach den idirphlé leis an tsochaí shibhialta. Rinneadh an chomhpháirtíocht sin a dhoimhniú le síniú an Mheabhráin Tuisceana idir CESE agus CDES in 2003, rud a leag síos an bonn don Chruinniú Comhchéime idir an tAontas agus an Bhrasaíl. De réir mar a leathnaíodh an caidreamh déthaobhach, bunaíodh Comhpháirtíocht Straitéiseach AE-na Brasaíle in 2007, lenar cumasaíodh Cruinniú Comhchéime AE-na Brasaíle um an tSochaí Shibhialta a chruthú in 2009. D’éascaigh an t-ardán sin idirphlé agus comhar idir ionadaithe na sochaí sibhialta ón dá réigiún, a tháinig le chéile ocht n-uaire agus a raibh Uachtarán CESE agus ceann CDES ina gcomhchathaoirligh air. Mar sin féin, mar thoradh ar dhíscaoileadh CDES in 2019, cuireadh comhar rialta ar fionraí go sealadach.
D’ainneoin an bhriste sin, tá an Bhrasaíl fós ina Comhpháirtí Straitéiseach ríthábhachtach don Aontas. I mí an Mhárta 2023, rinne an tUachtarán Lula da Silva rannpháirtíocht shochaí shibhialta na Brasaíle a athbheochan trí Chomhairle na Brasaíle um an bhForbairt Eacnamaíoch, Shóisialta agus Inbhuanaithe (CDESS) a bhunú. Tá an chomhairle nua seo, ina bhfuil 243 chomhalta, níos cuimsithí fós, agus cuireann sí comhairle ar fáil maidir le saincheisteanna criticiúla amhail an daonlathas, laghdú na bochtaineachta, an t-aistriú fuinnimh, an straitéis theicneolaíoch, an t-athrú aeráide agus an fhorbairt inbhuanaithe.
Nuair a cruthaíodh CDESS, cuireadh dlús arís leis an idirphlé idir an tsochaí shibhialta agus CESE. I mí Aibreáin 2024, thug toscaireacht ó CESE, faoi stiúir an Uachtaráin Oliver Röpke, cuairt ar Brasília chun an chomhpháirtíocht sin a athnuachan. Le linn na cuairte, shínigh an tUachtarán Röpke agus an tAire Alexandre Padilha Meabhrán Tuisceana nua, lena leagtar síos an bealach le haghaidh comhar níos doimhne maidir le tosaíochtaí comhroinnte amhail inbhuanaitheacht chomhshaoil, forbairt eacnamaíoch agus ceartas sóisialta.
Chun an Meabhrán Tuisceana sin a chur chun feidhme agus chun an Chomhpháirtíocht Straitéiseach idir an tAontas agus an Bhrasaíl a neartú, rinne CESE an taobh Eorpach de Chruinniú Comhchéime AE-na Brasaíle um an tSochaí Shibhialta a athbhunú in 2024. Tá an struchtúr athnuaite sin comhdhéanta d’ionadaithe fostóirí, oibrithe agus eagraíochtaí sainleasa éagsúla ón dá thaobh, agus tá Uachtaráin an dá institiúid ina gcomhchathaoirligh air. I dteannta a chéile, díríonn siad ar dhul i ngleic le dúshláin phráinneacha dhomhanda agus dhéthaobhacha, lena n-áiritheofar go leanfaidh an tsochaí shibhialta de ról ríthábhachtach a bheith aici maidir leis an idirphlé idir an tAontas agus an Bhrasaíl a mhúnlú