European Economic
and Social Committee
Breadcrumb
- Home
- Current: Janusz Pietkiewicz: Seirbhísí Leasa Ghinearálta agus an Phaindéim
Janusz Pietkiewicz: Seirbhísí Leasa Ghinearálta agus an Phaindéim
Janusz Pietkiewicz: Seirbhísí Leasa Ghinearálta agus an Phaindéim
Bhí an Feabhra thart agus an Márta linn, bhí grúpaí staidéir i mbun oibre agus díospóireachtaí ar siúl, agus bhíomar ag glacadh páirt i bhféile Martenitsa a bhí á ceiliúradh ag ár gcairde Bulgáracha, mar a dhéanaimid gach bliain an tráth sin den bhliain. Bhí bráisléid thanaí de shnáitheanna bréadaithe dearga agus bána á gcaitheamh againn agus babóga beaga ceirteacha déanta as olann á dtabhairt dá chéile againn mar chomhartha áidh. Bhí sé le brath go raibh an t-earrach ar an tairseach agus bhí dóchas againn. Ghuíomar gach rath ar a chéile don chuid dheireanach de théarma oifige cúig bliana CESE.
Níor lig an nádúr dúinn aon bhaint a bheith againn leis an mbagairt a d’fhéadfadh an víreas a bhí ag scaipeadh san Áise a dhéanamh dár saol dea-eagraithe anseo i lár na hEorpa. Is fíor go raibh comharthaí agus rabhaidh thromchúiseacha ag teacht chugainn ó dheisceart na hEorpa cheana féin, ach bhí orainn imeachtaí na n-institiúidí Eorpacha a chosaint ón bpaindéim. Agus, ar aon nós, mar a bhí á rá mar ábhar magaidh ag ár gcomhbhádóirí ar an taobh thall den Danóib, b’fhéidir nach dteastódh i ndeireadh na dála ach beagán leighis baile – i.e. biotáille nó rakia Martenitsa. Dar ndóigh, tugadh an chluas bhodhar dóibh siúd a d’iarr seomraí cruinnithe a dhí-ionfhabhtú, ach tugadh le tuiscint dúinn i gcónaí go raibh súil ghéar á coinneáil ar an mbaol agus b’fhaoiseamh dúinn sin a chloisteáil.
Dé Céadaoin, an 11 Márta, bhí mé fós ag plé moltaí maidir le plean infheistíochta d’Eoraip inbhuanaithe i ngrúpa staidéir ECO/505. Sna rannóga, d’ullmhaíomar pleananna gníomhaíochta agus chuireamar ár gcéad turas eile in áirithe, ach ansin go tobann, seachtain ina dhiaidh sin, thit an tóin as an saol. An Dianghlasáil ! An t-aon chomparáid a thagann liom is ea traein ina mbrúitear go tobann ar na coscáin, agus go léimeann spréacha agus splancacha dearga amach ó bhun na rothaí.
Ní raibh súil ar bith ag éinne leis na bearta sriantacha a bhí ag éirí níos déine in aghaidh an lae. Cuireadh an saol bunoscionn thar oíche. Ba shúnámaí síceolaíoch a bhí ann, rud neamhghnách, agus mar a déarfadh an file Ildefons Gałczyński, “brón ag dul tríd an aigne”. Ba chúis iontais é go raibh gá fanacht sa bhaile agus go raibh eagla ar dhaoine. Bhí a lán ceisteanna againn faoin gcaoi le cabhair nó táirgí riachtanacha a fháil; bhí orainn smaoineamh as an nua ar ár gcuid nósanna.
Ní raibh súil ar bith agam leis nach bhfillfinn ar an mBruiséil go dtí mí an Mheithimh, mé ag taisteal sa charr ar na mótarbhealaí folmha, toisc nach raibh aon eitiltí ag imeacht go fóill. Is cuimhin liom nuair a phriontáil mé mo “cheadúnas” taistil a fuair mé ar ríomhphost ón ardrúnaí – laissez-passer COVID-19 a eisíodh an 29 Bealtaine 2020 i gceithre theanga agus a raibh stampa mór ciorclach air. Barántas a bhí ann nach mbeadh orm dul ar coraintín.
Ar eagla na heagla, chuir mé glaoch gutháin ar oifigí na n-údarás sláinte sna réigiúin sin den Ghearmáin a mbeadh orm dul tríothu. An 8 Meitheamh sa Bhruiséil, ghlac mé páirt sa chéad chruinniú hibrideach ag grúpa staidéir ECO/510 agus, ina dhiaidh sin, sa seisiún iomlánach an 10 agus 11 Meitheamh.
Bhí na meáin phoiblí agus shóisialta breac cheana féin le tuairimí agus teachtaireachtaí amhrais maidir le cé i ndáiríre a samhlaíodh a chruthaigh an víreas. Is mór an trua nár tháinig as, ar feadh tamaill ar a laghad, mórshaothar comhaimseartha ar nós Decameron na 14ú haoise le Giovanni Boccaccio nó úrscéal Albert Camus La Peste ón mbliain 1947, dhá shaothar a léiríonn go fírinneach na laigí atá i nádúr an duine agus an cine daonna ag troid i gcoinne galair.
Maidir leis an taithí ar an dianghlasáil dhomhanda agus an rabhadh go mbrisfeadh ráig eile de SARS-CoV-2 amach, anois agus an fliú geimhridh ar na bacáin freisin – lena bhfaigheann a lán daoine bás gach bliain in a lán tíortha, fiú níos mó ná atá ag fáil bháis le COVID-19 faoi láthair – smaoinigh mé ar an gciall atá le “seirbhísí leasa ghinearálta”, a bhfuil neamart á dhéanamh iontu le fada.
Léirigh paindéim COVID-19 an ról thar a bheith tábhachtach agus cobhsaí atá ag soláthraithe na seirbhísí sin ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus Eorpach. Tuigeann an earnáil shóisialta faoi dheireadh go bhfuil ról ríthábhachtach aici mar chnámh droma shamhail shóisialta na hEorpa agus go bhféadfadh an earnáil sin cabhrú le téarnamh dearfach an gheilleagair faoi chuimsiú Next Generation EU agus an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip.
Le linn na géarchéime chinntigh na seirbhísí fuinnimh agus uisce, na seirbhísí dramaíola agus an t-iompar poiblí gur lean roth mór an tsaoil ag casadh agus go raibh seasmhacht inár bpobail. Tar éis an tsaoil, gan an infheistíocht a rinneadh roimhe seo sna hearnálacha sin, ní fhéadfaí déileáil leis an ngnáthshaol, m.sh. cithfholcadh na maidine a ghlacadh, caife a dhéanamh nó dul chun na hoibre nó chuig an ospidéal in am. Baineann sé seo freisin le saincheisteanna cúraim sláinte, leis an gcúram do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine scothaosta. Gan nósanna imeachta bainistithe géarchéime, nó gan tacaíocht an phobail agus tuiscint na bpolaiteoirí a bheith ag na seirbhísí leasa ghinearálta, ní fhéadfadh an gnáthshaol bogadh ar aghaidh.
Ar an gcaoi chéanna, is gá amharc ar réimsí tábhachtacha an oideachais, an taighde agus an chultúir i gcoitinne, sula dtosaímid ag clamhsán faoi na deacrachtaí a bhí againn le linn na géarchéime.