Jože Smole: "Tiocfaimid slán as an ngéarchéim agus beimid aontaithe agus láidir, murab ionann is riamh”

Bhí cás romhainn nár theagmhaigh linn riamh roimhe sin. Gan choinne bhí an víreas inár measc agus bhí sé ag leathadh leis ar luas lasrach, rud a thug orainn an tír ar fad a chur faoi choraintín iomlán. Ó tharla nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo, níorbh eol dúinn conas déileáil leis ar an mbealach ab éifeachtaí. “Cad eile atá romhainn?”, a d’fhiafraíomar dínn féin. Ag an tús bhíomar sceimhlithe agus gan ar ár gcumas dada a dhéanamh faoi. Maidir le cúrsaí gnó, thit gach plean don bhliain reatha (2020) as a chéile ar an toirt, agus mar gheall ar a éiginnte a bhí an scéal, bhí cuid mhaith éiginnteachta ann chomh maith i dtaca leis na pleananna uile a bhí beartaithe don todhchaí.

Is é an cheist a bhí á cur againn uile orainn féin ná: cad eile a bhí romhainn? Conas ba chóir dúinn gníomhú sa saol nua seo: coraintín i bhfeidhm mar aon le leithlisiú iomlán agus gan a fhios againn ó thalamh an domhain cathain a thiocfadh deireadh leis? Na hábhair imní agus na húdair bhuartha ba mhó a bhí ag déanamh tinnis dúinn, is éard ba chúis leo ná nárbh fhéidir dúinn a thuar cad a tharlódh ina dhiaidh sin. B’amhlaidh sin do lucht gnó freisin: bhí an imní chéanna orthu. Is éard a bhí uathu go léir ná go n-inseoimis dóibh cé chomh fada is a mhairfeadh an staid sin, conas a rachadh an rialtas i ngleic léi agus cén cineál cúnaimh a bheadh ar fáil dóibh. Cheana féin, ag céim an-luath, ba léir nár mhar a chéile dúinn uile: i gcás earnálacha eacnamaíocha áirithe, amhail an turasóireacht agus an lóistíocht, creachadh agus milleadh a bhí i ndán dóibh de dheasca na géarchéime, ach i gcás earnálacha eile, amhail earnáil na teicneolaíochta faisnéise agus tionscal an bhia, tháinig deiseanna agus dúshláin nua chun cinn.

Cé nach raibh an rialtas rófhada ar an bhfód, bhí an t-ádh linn gur thug sé aghaidh go tapa agus go leordhóthanach ar an éigeandáil agus chuir sé sinn i mbun cláir ghníomhaíochta, cláir thacaíochta, dreasachtaí etc. a dhréachtú. Chun na críche sin, bhí teagmháil dhíreach chomhsheasmhach againn le líon mór dár mbaill ó earnálacha éagsúla, ionas go mbeimis chomh heolach agus ab fhéidir ar an staid mar a bhí in earnálacha aonair, ionas go bhféadfaimis an oiread smaointe a bhailiú agus ab fhéidir faoin gcineál cabhrach ab éifeachtúla, agus ionas go bhféadfaimis faisnéis a sholáthar d’ionadaithe ón rialtas.

Is éard is mó a mhothaím uaim ná an chumarsáid phearsanta le daoine agus an teagmháil dhíreach leo. Is é fírinne an scéil gur ar líne, a mhéid is féidir, a dhéanann daoine cumarsáid le chéile le linn na tréimhse seo, agus gur beag cumarsáid a dhéantar ar bhonn pearsanta. An borradh ollmhór a tháinig ar an digiteáil i réimse na cumarsáide leictreonaí i measc gnólachtaí, idir an stát agus gnólachtaí, agus leis an bpobal agus leis na húsáideoirí, is féidir a áitiú go bhfuil sé ar cheann de na tairbhí is mó a bhaineann le COVID-19.

Is follas anois gurb é is tábhachtaí ná go mbeadh an dea-eagar le sonrú ar na saoránaigh agus an féinsmacht á chleachtadh acu, rud a chinnteoidh go nglacfaidh siad agus go n-urramóidh siad na treoracha agus bearta, óir ní féidir déanamh dá gceal agus sinn sa tóir ar na réitigh chearta.

Tarlóidh go leor athruithe in go leor réimsí de thoradh COVID-19; níl séanadh air sin. Mar sin féin, níl a fhios againn fiú cá fhad a mhairfidh eipidéim COVID-19, ná níl a fhios againn ach oiread an amhlaidh, i ndiaidh na heipidéime, a thosóimid ar na tréimhsí idir tonn amháin de COVID-19 agus an chéad tonn eile a chomhaireamh, óir ní bheimid in ann bheith réidh leis an víreas go huile is go hiomlán. Tá comharthaí sóirt na géarchéime le sonrú i ngach réimse, ó earnálacha an oideachais agus na sláinte go dtí na hearnálacha airgeadais agus eacnamaíocha, gan ach an méid sin a lua. Níl a fhios againn conas mar a bheidh cúrsaí nuair a thiocfaidh deireadh leis an ngéarchéim nó cé mhéad cur isteach a dhéanfar ar an ngeilleagar.

Is mó athrú a tharlóidh nach léir dúinn faoi láthair; dá bhrí sin, ní ceart dúinn a bheith ag fiafraí dínn féin cé na poist a ghearrfar. Ní mór dúinn ár ndícheall a dhéanamh lena chinntiú go mbeidh ár ngnólachtaí agus ár bpoist chomh hiomaíoch agus is féidir nuair a bheidh an ghéarchéim seo thart. Ní le státchabhair amháin a dhéanfaimid amhlaidh ach trí oideachas leanúnach ar gach leibhéal a chur ar fáil freisin.

Is léir dúinn tar éis an ama a thugamar ár leithlisiú féin nach leor dul i muinín na cumarsáide digití in áit teagmháil phearsanta a dhéanamh le daoine, pé acu a bhaineann sin leis na scoileanna, le daoine atá i mbun gnó nó le gníomhaíochtaí eile. Dá bhrí sin, is é an sprioc atá againn, ní nach iontach, ná dul i muinín na cumarsáide pearsanta le daoine athuair, laistigh dár gcomhlachas agus leo siúd go léir lena ndéanaimid cumarsáid faoi láthair trí uirlisí ar líne.