European Economic
and Social Committee
Blianta fada d’obair chrua ab ea é dul chun cinn comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha a dhéanamh – níor cheart sin a chur i mbaol
Dar le Danny Jacobs, ardstiúrthóir líonra comhshaoil Fhlóndras, Bond Beter Leefmilieu – BBL, ní mór don Aontas diúltú don dírialáil óir ní dhéanfadh sí ach éiginnteacht a chruthú do ghnólachtaí, an t-iomaíochas atá dírithe ar an inbhuanaitheacht a lagú agus folláine agus muinín na saoránach a laghdú. Labhair sé linn faoi na hábhair imní atá ag eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil maidir leis an togra is déanaí ón Aontas maidir le rialacháin a shimpliú. Is eagal leo go bhféadfadh sé príomhuaillmhianta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a chur i leataobh.
Cad é do bharúil faoi na tionscnaimh is déanaí ón gCoimisiún maidir leis an dírialáil, amhail an Compás Iomaíochais nó pacáiste Omnibus?
An clár oibre dírialála agus simplithe atá curtha i láthair ag an gCoimisiún Eorpach, tugtar tús áite leis do chúrsaí eacnamaíocha, rud a d’fhéadfadh an dul chun cinn comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha atá bainte amach againn le dua a chur i mbaol. Is deacair don Aontas cúrsa soiléir a stiúradh toisc a dhúshlánaí atá sé acquis an Aontais a oiriúnú agus a chaomhnú san am céanna.
Léirítear le Compás Iomaíochais an Choimisiúin, a cuireadh i láthair go déanach i mí Eanáir, ábhair imní corparáidí maidir le costais fuinnimh agus dúshláin eacnamaíocha ach tugtar neamhaird ar phríomhthosaíochtaí amhail truailliú nialasach agus folláine na saoránach, rud a chuireann bac ar gheilleagar na hEorpa aistriú i dtreo todhchaí ghlan, rathúil agus chiorclach. Tá an baol ann go gcuirfidh an Compás an Eoraip ar strae. Trí dhícharbónú iomaíoch a chur chun cinn gan cuspóirí sóisialta agus comhshaoil a chur san áireamh, baintear an bonn den chuspóir atá ag institiúidí an Aontais, mar atá, leas an phobail a chosaint agus a chur chun cinn.
Rud is ábhar imní d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta an sprioc chontúirteach maidir le simpliú 25 % a leagtar amach sa Chompás. Bíodh is gur dhíol sásaimh é rialacháin a chuíchóiriú, má shimplítear iad gan measúnuithe críochnúla a dhéanamh d’fhéadfaí an bonn a bhaint de chosaintí ríthábhachtacha sláinte, sóisialta agus comhshaoil. Ní hí an rialáil a chuireann bac ar nuálaíocht ghnó, ach an easpa rialacha soiléire. Dá mhéad dírialála a dhéanfar is éiginnte a bheidh an timpeallacht, rud a chuirfidh gnólachtaí ar thús cadhnaíochta faoi mhíbhuntáiste agus a chuirfidh an dul chun cinn agus an inbhuanaitheacht i mbaol san am céanna.
Is baolach go ndéanfaidh an simpliú sin dochar do chuspóirí comhshaoil agus sóisialta freisin. Is iomaí locht sa Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach, sa Treoir maidir le dícheall cuí i dtaca le hinbhuanaitheacht chorparáideach agus sa Rialachán maidir le Tacsanomaíocht agus níor bhain siad amach an méid a rabhthas ag súil leis. Dá ndéanfaí iad a lagú a thuilleadh, agus iad lag cheana féin, ní bheadh éifeacht ar bith leis na treoracha sin.
Is sampla eile é sin den mhéid atá ag titim amach i láthair na huaire. Is suntasach an fhadhb atá roimh Fhlóndras le blianta beaga anuas ó thaobh substaintí sárfhluarailcile agus pholafluarailcile (PFASanna) de. Tá cuid mhór den chríoch á dtruailliú ag na ceimiceáin sin agus na céadta mílte saoránach thíos leis. Srian nó toirmeasc a chur i bhfeidhm faoin reachtaíocht maidir le ceimiceáin (REACH), meastar gurb é sin an dóigh is éifeachtaí chun na rioscaí a bhaineann le substaintí, amhail PFASanna, a úsáidtear i bpróisis thionsclaíocha agus i dtáirgí (meascáin agus earraí) a rialú. Dá dtréigfeadh an Coimisiún Eorpach rialachán dian REACH, a bhfuil tábhacht leis, mhéadódh sé sin an neamhchosaint ar cheimiceáin chontúirteacha, rud a bheadh díobhálach don tsláinte phoiblí. Ba lú na hoibleagáidí a bheadh ar chuideachtaí roghanna malartacha sábháilte a lorg, rud a chuirfeadh bac ar an nuálaíocht sa cheimic inbhuanaithe. Dá scaoilte na rialacha is ea is guaisí a bheidh an sceitheadh agus an dramhaíl, rud a chiallaíonn go bhféadfadh méadú teacht ar thruailliú comhshaoil. Ba leochailí a bheadh na tomhaltóirí toisc nach ndéanfaí táirgí a sheiceáil le haghaidh substaintí tocsaineacha ar dhóigh chomh críochnúil céanna. Dá dheasca sin, d’fhéadfadh cuideachtaí Eorpacha titim chun deiridh san aistriú domhanda chuig táirgí atá níos sábháilte agus níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol agus a sciar den mhargadh a ghéilleadh d’iomaitheoirí a bhaineann leas as nuálaíochtaí a sheasfaidh an aimsir.
An bhfuil tú dóchasach faoi chinniúint an Chomhaontaithe Ghlais i bhfianaise an phlean nua a d’fhógair an Coimisiún chun borradh a chur faoi gheilleagar na hEorpa?
Tá idir dheiseanna agus dhúshláin ag baint le Clár Oibre 2025 an Choimisiúin Eorpaigh. Tugtar gealltanais ann maidir le dícharbónú agus fuinneamh inacmhainne d’fhonn Eoraip níos glaine agus níos athléimní a chothú. San am céanna, áfach, tá an baol ann go gcuirfear príomhuaillmhianta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip i leataobh. Is mó an imní atá ann maidir le Rialachán Omnibus atá beartaithe, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúldoras chun freagracht chorparáideach a dhírialáil faoi scáth ‘an tsimplithe’. Léiríodh le treochtaí le déanaí gur rómhinic a úsáidtear an simpliú chun coimircí riachtanacha a lagú, ó reachtaíocht maidir le ceimiceáin go reachtaíocht maidir leis an talmhaíocht. Sampla cruthanta is ea an t-athchóiriú a rinneadh faoi dheifir ar an gComhbheartas Talmhaíochta i mí an Mhárta 2024, lenar baineadh amach cosaintí glasa. Anois, agus athbhreithniú á dhéanamh ar Rialachán REACH (a leagadh amach tráth mar uirlis chun an tsláinte phoiblí agus an comhshaol a chosaint), tá an baol ann go ndéanfar é a athphacáistiú mar bheart simpliúcháin chun rialacha tionscail a mhaolú.
Cúpla mí ó shin, gheall an tUachtarán von der Leyen go seasfaí le spriocanna uile an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. Mar sin féin, tugtar a mhalairt le fios sa Chlár Oibre reatha. Is lú tosaíocht a thugtar ann do na spriocanna is práinní atá ann, go háirithe an uaillmhian maidir le truailliú nialasach.
An measann tú go bhféadfadh tionchar diúltach a bheith ag an dírialáil atá á moladh ar an inbhuanaitheacht agus ar an dul chun cinn atá déanta go dtí seo?
Ní mór don Aontas diúltú don dírialáil óir ní dhéanfadh sí ach an bonn a bhaint den chinnteacht rialála agus den intuarthacht do ghnólachtaí, an t-iomaíochas atá dírithe ar an inbhuanaitheacht a lagú agus folláine agus muinín na saoránach a laghdú.
Ní mór don Aontas a chinntiú nach ionann deireadh a chur leis an rómhaorlathas agus laghdú a dhéanamh ar chosaintí don chomhshaol agus don tsláinte phoiblí. Le cur chun feidhme cliste, ba cheart an Comhaontú Glas don Eoraip a neartú, seachas an bonn a bhaint de. Ní chuirfear leis an neart eacnamaíoch má dhéantar príomhchosaintí comhshaoil agus sóisialta a lagú, ag ligean orainn gur ag laghdú an rómhaorlathais atáimid. Céim mhístuama ar gcúl atá ann a chuirfidh na rialacha atá ceaptha chun an geilleagar a dhéanamh slán i bhfad na haimsire ó rath. Ina fhianaise sin ar fad, is mó an baol atá ann go gcuirfí deich mbliana de dhul chun cinn i réimse na hinbhuanaitheachta ó mhaith.
San am céanna, is ag dul i méid an brú ar an tsochaí shibhialta ar fud an Aontais agus tá dlíthe sriantacha maidir le gníomhairí eachtracha, bearta dianteannta i gcoinne agóidí agus ciorruithe ar mhaoiniú ag bagairt ar chearta bunúsacha. Ní mór don Eorpach Sciath don Daonlathas agus do Straitéis an Aontais maidir leis an tSochaí Shibhialta atá ar na bacáin níos mó ná gealltanais shiombalacha a thabhairt. Ní mór dóibh cosaintí dlíthiúla, cistiú inbhuanaithe agus idirphlé sibhialta struchtúrtha le hinstitiúidí an Aontais a chinntiú. Ní mór tús áite a thabhairt i gClár Oibre an Choimisiúin do chosaint an daonlathais tríd an tsochaí shibhialta a neartú. Gan sochaí shibhialta neamhspleách a bhfuil acmhainní maithe aici, tá daonlathas na hEorpa féin i mbaol.
Tá Danny Jacobs ina ardstiúrthóir ar Bond Beter Leefmilieu – BBL (cónaidhm de 135 eagraíocht neamhrialtasach comhshaoil i bhFlóndras na Beilge) agus ina ionadaí thar cheann na Beilge sa Bhiúró Eorpach Comhshaoil (an líonra is mó san Eoraip d’eagraíochtaí saoránach comhshaoil, a dhéanann ionadaíocht ar thart ar 30 milliún comhalta aonair agus tacadóir).