European Economic
and Social Committee
Gan beann ar dhúnmharú iriseora, ní bheidh ceilt ar an bhfírinne riamh
Bhí Lukáš Diko, stiúrthóir Ionad Imscrúdaithe Ján Kuciak, ar dhuine de na cainteoirí ar an bpainéal maidir le hiriseoireacht iniúchach a bhí ag ‘Connecting EU’ 2024. Labhair Diko linn faoi obair na dtuairisceoirí iniúchacha sa tSlóvaic sa lá atá inniu ann. Sna laethanta a lean dúnmharú Ján Kuciak, léiríodh tacaíocht do shaoirse an phreasa agus don chomhrac in aghaidh an éillithe. Tá athrú tagtha ar an scéal sin ó shin, áfach, agus muinín ar éigean á cur sna meáin neamhspleácha agus atmaisféar naimhdeach tagtha chun cinn i leith iriseoirí.
1. B’eachtra a bhain croitheadh ní hamháin as muintir do thíre féin, ach as muintir an Aontais trí chéile é dúnmharú do chomhghleacaí Ján Kuciak, an chéad iriseoir a feallmharaíodh sa tSlóvaic ó bhain an tír neamhspleáchas amach. Cad í an nuacht is déanaí sa chás dlithiúil faoi dhéantóirí na coire?
Tá sé bliana go leith imithe tharainn ó dúnmharaíodh Ján Kuciak agus an bhean a bhí sé le pósadh, Martina Kušnírová, mar gheall ar obair imscrúdaithe Ján. Dá fhad uainn anois é sin, tá an triail fós ar siúl agus d’fhéadfadh sé go mairfeadh sí tamall eile fós. Go dtí seo, tá téarmaí fada príosúin gearrtha ar an bhfeallmharfóir, ar a thiománaí agus ar an idirghabhálaí. Tá achomharc déanta, áfach, i gcás thrialacha sin phríomhúdair na coire, an fear gnó Marian Kočner, agus a dhlúthchomhlaigh Alena Zsuzsová. Táthar ag fanacht le cinneadh ina leith sin ón gCúirt Uachtarach. De réir an imscrúdaithe, ba iad an bheirt acu sin a d’ordaigh an dúnmharú. Tá Zsuzsová faighte ciontach agus Kočner faighte neamhchiontach ag an gcúirt chéadchéime. D’fhéadfadh atrial a bheith ann, ach braitheann sé sin ar an gcinneadh atá le teacht. Tá téarmaí fada príosúin gearrtha ar Kočner agus ar Zsuzsová cheana féin as coireanna eile. Tá súil ghéar á coinneáil againn anseo i Lárionad Imscrúdaithe Ján Kuciak (ICJK) ar an triail mar is é ceann dár bpríomhspriocanna é leagáid Ján a choinneáil beo trí leanúint dá chuid oibre imscrúdaithe.
2. Tar éis an uafáis a bhí ar dhaoine ar dtús agus na hagóidí a tháinig sna sála ar na dúnmharuithe, rud a thug ar an bPríomh-Aire ag an am éirí as a phost, cad, dar leat féin, a d’athraigh sa tuairim phoiblí a lig don Uasal Fico teacht i gcumhacht arís?
Tar éis dhúnmharú Ján agus Martina in 2018, fágadh an tsochaí ar fad trína chéile. Chuaigh na daoine i mbun na n-agóidí is mó a bhí sa tSlóvaic ó bhí Réabhlóid na Veilbhite ann in 1989, nuair a tugadh an ruaig ar an gcumannachas. Mar thoradh ar na hagóidí is déanaí sin, bhí ar an bPríomh-Aire Robert Fico agus ar an Aire Gnóthaí Baile Robert Kaliňák éirí as a bpost. Thacaigh na daoine le hiriseoirí, theastaigh ó gach mac máthar a bheith ina iriseoir iniúchach agus ba mhór i gceist an éillithe do dhaoine. Thapaigh lucht an fhreasúra an deis sin agus d’éirigh leo sa toghchán a bhí ann in 2020, agus clár oibre in aghaidh an éillithe acu. Tamall beag ina dhiaidh sin, áfach, tháinig paindéim COVID-19 ar an bhfód agus na fadhbanna, drochbhainistiú agus rí-rá polaitiúil ar fad a ghabh léi sin. Agus seantaithí ag Robert Fico ina pholaiteoir, tháinig sé i dtír ar na hagóidí in aghaidh na vacsaíní agus d’éirigh leis móiminteam nua a chruthú. Chomh maith leis sin, nuair a cuireadh tús leis an gcogadh san Úcráin, thosaigh sé ag labhairt amach mó sa mhó i bhfabhar na Rúise, rud a chuidigh lena pháirtí, Smer, tacaíocht a fháil ar ais. Is tír í an tSlóvaic atá an-leochaileach i leith bolscaireachta agus foláirimh bhréige. Is fachtóirí iad sin ar fad a chuidigh le Robert Fico agus lena pháirtí na toghcháin in 2023 a bhuachan.
3. Cé chomh dainséarach is atá sé a bheith i d’iriseoir iniúchach sa tSlóvaic sa lá atá inniu ann? Cad iad na bagairtí nua a gcaithfidh tú dul i ngleic leo i do chuid oibre?
Le blianta beaga anuas, dúnmharaíodh ceathrar iriseoirí iniúchacha i mBallstáit de chuid an Aontais: Daphne Caruana Galizia i Málta in 2017; Ján Kuciak sa tSlóvaic in 2018; Giorgos Karaivaz sa Ghréig in 2021; agus Peter de Vries san Ísiltír in 2021. Tá an iriseoireacht iniúchach tagtha chun bheith ina gairm dhainséarach san Eoraip sa lá atá inniu ann. É sin ráite, tá sé feicthe againn go dtagann an fhírinne chun solais luath nó mall, gan beann ar dhúnmharú iriseora. Sin rud a chonaiceamar sna tíortha sin go léir.
In ainneoin na ndúnmharuithe uafásacha sin, tá ionsaithe ó bhéal nó ionsaithe ar líne ar iriseoirí sa tSlóvaic fós ag dul i méid. Is minic gurb iad na polaiteoirí féin, an príomh-aire san áireamh, a tharraingíonn an ciapadh sin. Níl leisce orthu ach oiread feachtais clúmhillte in aghaidh iriseoirí a spreagadh. Ar ndóigh, bíonn impleachtaí eile ag an atmaisféar naimhdeach sin in aghaidh iriseoirí agus na meán neamhspleách. Tá méadú tagtha le déanaí ar chásanna dlí straitéiseacha i gcoinne na rannpháirtíochta poiblí. Tá cás á thabhairt, mar shampla, ag an bPríomh-Aire Fico in éadan phríomheagarthóir Aktuality.sk mar gheall ar a ghrianghraf a úsáid ar chlúdach leabhair. Ar na samplaí is déanaí de sin atá againn, baineadh mí-úsáid as forfheidhmiú an dlí chun imeaglú a dhéanamh ar iriseoirí. Duine dár gcomhghleacaithe féin ag ICJK a bhí i gceist leis sin. Mar thoradh ar na hionsaithe sin go léir, baintear an bonn de mhuinín an phobail as na meáin neamhspleácha agus cothaítear atmaisféar naimhdeach i leith iriseoirí ar an iomlán. Mar gheall ar an méid sin, tá líon na n-iriseoirí iniúchacha sa tír ag dul i laghad, agus níl fonn ar mhórán daoine óga a bheith ina n-iriseoirí iniúchacha. Rud maith amháin b’fhiú a lua ná an tionscadal Safe.journalism.sk ar chuireamar tús leis anseo in ICJK. Cuireann an tionscadal sin oiliúint ar fáil d’iriseoirí maidir le slándáil phearsanta agus slándáil dhigiteach, chomh maith le cúnamh dlíthiúil agus síceasóisialta d’iriseoirí atá ag dul i ngleic le bagairtí agus ionsaithe.
Is é Lukáš Diko príomheagarthóir agus cathaoirleach Lárionad Imscrúdaithe Ján Kuciak (ICJK). Is iriseoir iniúchach agus ceannaire meán é Lukáš a bhfuil níos mó ná 20 bliain de thaithí aige. D’oibrigh sé mar stiúrthóir nuachta, spóirt agus gnóthaí poiblí ar an gcraoltóir poiblí Slóvacach RTVS. Is comhúdar é Lukáš freisin ar Chód Eitice iriseoirí na Slóvaice a glacadh in 2011.