Ón 4-7 Márta, rinne Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) Seachtain na Sochaí Sibhialta a reáchtáil den chéad uair riamh. Lena linn sin, tháinig os cionn 800 ionadaí le chéile ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus grúpaí óige agus na toghcháin atá le teacht agus todhchaí an Aontais mar ábhar plé acu. An méid a tháinig chun cinn an tseachtain sin, beidh sé ina ábhar rúin ag CESE i mí Iúil, ceann ina leagfar amach a bhfuil an tsochaí shibhialta ag súil leis ó cheannairí nua Pharlaimint na hEorpa agus an Choimisiúin.

Bhí cúig mhórthionscnamh ag baint le Seachtain na Sochaí Sibhialta, mar atá Laethanta na Sochaí Sibhialta, Lá na dTionscnamh ó na Saoránaigh, Leatsa an Eoraip, Abair leat! (YEYS), Duais na Sochaí Sibhialta, agus Seimineár na nIriseoirí, agus ba é an méid a leanas na haidhmeanna a bhí léi:

  • a chur ar chumas na saoránach dul i ngleic leis an Aontas agus a gcearta daonlathacha a fheidhmiú;
  • bagairtí ar luachanna an daonlathais a aithint agus aghaidh a thabhairt orthu, an bhréagaisnéis agus easpa spéise na vótálaithe, cuir i gcás; agus
  • moltaí de chuid na sochaí sibhialta a bhailiú lena gcur san áireamh i bpleananna an Aontais amach anseo.

Ón gcéad léargas a fuarthas ar na teachtaireachtaí a bhí ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta do cheannairí nua an Aontais, ba léir an bhéim a bhí leagtha ar an rialachas freagrúil, an beartas cuimsitheach agus an todhchaí inbhuanaithe do na hEorpaigh go léir.

An mhífhaisnéis a chomhrac

I bhfianaise na dtoghchán Eorpach atá ar na bacáin, rinne ionadaithe an aosa óig agus na n-iriseoirí a n-imní a chur in iúl faoi scaipeadh rábach na mífhaisnéise agus faoin easaontas atá ag dul in olcas ar líne, agus chuir siad i bhfáth go bhfuil gá le creata láidre dlíthiúla. D’éiligh ionadaithe na sochaí sibhialta go rachadh na rialtais, na scoileanna agus na comhlachtaí teicneolaíochta i gcomhar chun an litearthacht dhigiteach a chur chun cinn agus timpeallacht chuimsitheach lán eolais a chothú ar líne.

Geilleagar a théann chun leasa na ndaoine agus an Domhain araon

Rud eile a d’éiligh ionadaithe na sochaí sibhialta aistriú a dhéanamh ó shamhlacha atá dírithe ar an bhfás, agus air sin amháin, chuig cur chuige iomlánaíoch a thugann tús áite don fholláine, don rathúnas agus don chomhshaol le chéile. Chuige sin, bhí na heagraíochtaí óige i bhfabhar Treoir maidir leis an Inbhuanaitheacht Chorparáideach agus mhol siad cánacha ar leith a ghearradh ar earraí atá díobhálach don chomhshaol.

Leag na rannpháirtithe béim freisin ar an ról atá ag an Aontas sa chlaochlú digiteach. Iarradh ar an Aontas a bheith ar thús cadhnaíochta ó thaobh eitic an Intleachta Saorga agus oideachas na saoránach de. Leis na bearta sin, táthar ag iarraidh a chinntiú gur fás freagrach an fás eacnamaíoch a dhéanfar agus a chur ar chumas na saoránach dul i ngleic leis an gcomhthéacs teicneolaíochta a bhfuil athruithe móra ag teacht air.

Cumhacht a thabhairt don aos óg

Bhí sé ina éileamh ag lucht na sochaí sibhialta an chumhacht a thabhairt don aos óg a chruth féin a chur ar thodhchaí na hEorpa. Moladh ‘tástáil na hóige’ a dhéanamh ar gach beartas Eorpach lena thionchar ar na glúnta óga a mheas. Thar aon rud eile, mhol na grúpaí óige cuótaí óige a thabhairt isteach le haghaidh thoghcháin na Parlaiminte Eorpaí d’fhonn an ionadaíocht a dhéantar dóibh a fheabhsú.

An daonlathas a neartú

Theastaigh ó na rannpháirtithe an daonlathas Eorpach a dhéanamh níos athléimní agus níos cuimsithí fós, agus leag siad béim ar thábhacht an idirphlé shibhialta struchtúrtha ar gach leibhéal den rialachas. An t-idirphlé sin, in éineacht leis an bhfothú acmhainneachta, is é is aidhm leis an tsochaí shibhialta a neartú sna tíortha is iarrthóirí, agus timpeallacht shábháilte fhabhrach a chothú le go mbeidh rath ar an tsochaí shibhialta ar fud na hEorpa.

Taobh anonn don bhosca moltaí

Maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, tháinig idir na buanna agus na laigí chun tosaigh le linn na seachtaine. Cé gur tugadh aitheantas don mhéid a baineadh amach, ba léir gur údar mór frustrachais a laghad a thugann institiúidí an Aontais aird ar an sásra. Éilíodh go dtabharfaí freagraí substainteacha ar na tionscnaimh, go gcothófaí comhpháirtíochtaí ní ba shuntasaí agus go gcuirfí le rannpháirteachas na saoránach tríd an dea-chleachtas a roinnt.

Súil chun tosaigh

Cuirfear na moltaí sin san áireamh i rún atá le teacht ó CESE, ina leagfar amach a bhfuil an tsochaí shibhialta ag súil leis ó chéad téarma eile Pharlaimint na hEorpa agus an Choimisúin. (gb)