European Economic
and Social Committee
Tá iarrtha ag CESE go ndéanfaí athchóirithe ar rialacha an Aontais maidir leis an státchabhair chun tacú le heintitis an gheilleagair shóisialta
D’iarr Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) go ndéanfaí athruithe ar rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le státchabhair chun riachtanais eintitis an gheilleagair shóisialta, a bhfuil ról ríthábhachtach acu maidir le dul i ngleic le dúshláin shochaíocha, a aithint agus freastal ar bhealach níos fearr orthu.
Sa tuairim uaidh Mar is féidir tacú le heintitis an gheilleagair shóisialta i gcomhréir leis na rialacha maidir le státchabhair: lón machnaimh i bhfianaise mholtaí thuarascáil Enrico Letta, a glacadh ag an seisiún iomlánach i mí Eanáir, tugann CESE rabhadh nach bhfuil na rialacha reatha ag éirí leo tacaíocht leordhóthanach a chur ar fáil do na fiontair sin, rud a fhágann go ndéanann siad an brabús a athinfheistiú chun cuspóirí sóisialta a bhaint amach seachas é a dháileadh ar na hinfheisteoirí.
‘Ba mhaith linn tuilleadh daoine a chur ar an eolas faoi na buntáistí a bhaineann le rialáil éifeachtach maidir le hiomaíocht agus státchabhair d’fhiontair an gheilleagair shóisialta agus do chóras iomlán na seirbhísí leasa ghinearálta araon’, a dúirt rapóirtéir na tuairime, Giuseppe Guerini.
Tá breis agus 11 mhilliún duine, i.e. 6.3 % den lucht saothair, fostaithe in eintitis an gheilleagair shóisialta – idir chomharchumainn agus chumainn agus fhondúireachtaí frithpháirteacha – ar fud an Aontais. Oibríonn siad i réimsí amhail seirbhísí sóisialta agus sláinte, fuinneamh in-athnuaite agus laghdú na bochtaineachta. In ainneoin a rannchuidithe, bíonn bacainní sistéamacha roimh go leor acu maidir le caipiteal infheistíochta fadtéarmach a dhaingniú agus maidir le dul i ngleic le próisis soláthair phoiblí faoin gcreat rialála atá ann faoi láthair, ós minic nach dtugtar aird chuí ar a ngné neamhbhrabúis nó dlúthpháirtíocht-bhunaithe.
I measc nithe eile, tugtar chun suntais sa tuairim ó CESE go bhfuil tearcúsáid á baint ag na húdaráis phoiblí as uirlisí atá ann cheana amhail an Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine (GBER) agus an creat le haghaidh seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta (SGEInna).
Is é sin an fáth a bhfuil an Coiste ag iarraidh go ndéanfaí simpliú agus nuachóiriú ar na rialacha faoi GBER atá róchasta agus as dáta chun tacú le fostú oibrithe faoi mhíbhuntáiste agus oibrithe faoi mhíchumas, i gcomhréir le cuid de na moltaí ó Thuarascáil Letta maidir leis an margadh aonair.
Cé gur díol sásaimh é an méadú a rinneadh le déanaí ar uasteorainneacha cabhrach de minimis – EUR 300 000 le haghaidh gnáthchuideachtaí agus EUR 750 000 le haghaidh eintitis SGEI – tá CESE ag áitiú freisin go dtabharfaí aghaidh níos fearr ar riachtanais eintitis an gheilleagair shóisialta i réimsí amhail seirbhísí sláinte agus sóisialta trí bhíthin ionstraimí níos saincheaptha, amhail GBER nó forálacha sonracha SGEI. (ll)