European Economic
and Social Committee
Ceapadh an tÉireannach Séamus Boland ina Uachtarán nua ar an ngrúpa "Éagsúlacht Eoraip"
Leis an nGrúpa “Éagsúlacht Eoraip” in CESE
Agus tús le téarma nua oifige CESE (2020-2025), ghlac Séamus Boland le hUachtaránacht an Ghrúpa “Éagsúlacht Eoraip”. Dheimhnigh an Grúpa a ról nua le linn a chéad chruinnithe den téarma nua a tionóladh an 27 Deireadh Fómhair.
An bhochtaineacht agus an ról atá ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta chun í a leigheas; is orthu sin a bheidh Séamus Boland ag díriú le linn a chéad téarma oifige mar uachtarán ar an nGrúpa "Éagsúlacht Eoraip". Ag teacht leis an ábhar, áirítear ar thosaíochtaí an Ghrúpa do théarma uachtaránachta 2020-2023 :
- Aghaidh a thabhairt ar thionchair COVID-19 ar an tsochaí;
- An Comhaontú Glas a chur chun feidhme le gach geallsealbhóir, bunaithe ar an Straitéis um Fhorbairt Inbhuanaithe “Deireadh a chur le gach cineál bochtaineachta gach áit”;
- Eagraíochtaí sochaí sibhialta, mar aon leis na hardáin Eorpacha, a choinneáil ar an eolas maidir le hobair an ghrúpa;
- Comhaltaí uile an Ghrúpa a rannpháirtiú san obair, chomh maith le cothromaíocht inscne láidir a bheith ann fosta;
- Obair an Ghrúpa a chur chun cinn i measc institiúidí eile agus i measc an phobail i gcoitinne ar bhealach níos éifeachtúla.
Chuir Séamus Boland a iarrthóireacht uachtaránachta ar aghaidh toisc gur mhian leis cás na sochaí sibhialta a chur chun cinn agus a guth a neartú. Mhol an tÉireannach aghaidh a thabhairt ar riachtanais ghinearálta na sochaí sibhialta agus a chinntiú go ndéantar obair ar ardchaighdeán agus go bhfuil nósanna imeachta láidre ag CESE chuige sin.
Beidh an t-uachtarán nua mar chathaoirleach ar an nGrúpa “Éagsúlacht Eoraip” in éineacht le seacht Leas-Uachtarán :
Pietro Vittorio Barbieri (IT), Jan Dirx (NL), Kinga Joó (HU), Rudolf Kolbe (AT), Ariane Rodert (SE), Simo Tiainen (FI) and Ioannis Vardakastanis (EL).
Ar an gcéad lá de sheisiún iomlánach tionscnaimh CESE i mí Dheireadh Fómhair, ceapadh comhaltaí an Ghrúpa “Éagsúlacht Eoraip” i bpoist ceannaireachta éagsúla. Ceapadh Cillian Lohan mar Leas-Uachtarán um an gCumarsáid, i measc nithe eile.
Tá faisnéis mhionsonraithe ar fáil ar leathanach gréasáin an ghrúpa.