Le Grúpa na nOibrithe in CESE

Lá Pá Chomhionainn 2021 a bhí ann an 10 Samhain. Deis a bhí ann daoine a chur ar an eolas faoin mbearna phá idir na hinscní, bearna arb ionann í agus os cionn 14 % ar an meán ar fud na hEorpa agus i bhfad níos airde fós i roinnt tíortha. Tá an scéal ag dul i bhfeabhas i gcásanna áirithe ach, i gcásanna eile, ní bhainfear torthaí sásúla amach de réir an ráta feabhais atá ann faoi láthair go ceann na mílte bliain...

Is í an fhostaíocht éiginnte is bunús leis an difríocht seo, rud a bhaineann níos mó leis na mná ná na fir (is ag mná atá 58 % de líon iomlán na bpost ar phá íosta san Eoraip). Fágann an pá íseal a lorg ar gach oibrí, ach is iad na hoibrithe is leochailí is mó a bhíonn thíos leis. Ar cheann de na bealaí is mó chun an bhearna seo a dhúnadh, tá an t-íosphá a ardú san Eoraip, rud a chinnteodh go mbeadh pá maireachtála á thuilleamh ag gach duine.

Mar a a léirigh Cónaidhm Eorpach na gCeardchumann, dá n-ardófaí an t‑íosphá go 60 % den phá airmheánach agus go 50 % den mheánphá, laghdófaí an bhearna phá idir na hinscní faoi 25 % sa Rómáin, 19 % sa Ghréig, 12 % sa Pholainn, 11 % sa tSlóvaic, agus 10 % sa Spáinn agus i Lucsamburg. Is léiriú eile arís é sin ar a riachtanaí atá sé Treoir an Aontais Eorpaigh maidir le Pá Íosta Leordhóthanach a neartú.

Mar a chuir CESE in iul i mí an Mhárta, tá sé ríthábhachtach a chinntiú go bhfuil an t‑íosphá fónta agus an cómhargáil a neartú chun sochaí sheasmhach nuálach a chothú agus an dea-bhail a chur chun cinn. Tá an pá maireachtála tábhachtach freisin ó thaobh daoine a thabhairt slán as an mbochtaineacht agus iad a chosaint uirthi, agus feabhas a chur ar dhálaí oibre agus maireachtála na ndaoine leochaileacha, a n‑áirítear na mná ina measc go fóill, faraor. Ní leis an bpá amháin ach leis an bpinsin freisin a bhaineann an bhearna: is ionann an bhearna i gcás na ndaoine ar scor agus 30‑% de dheasca na ndifríochtaí suntasacha idir na ranníocaíochtaí slándála sóisialta a íocadh i gcaitheamh shaol oibre gach grúpa faoi seach. I roinnt cásanna, amhail Málta, tá an bhearna phinsin sin níos airde ná 42 %.

Caithfidh an tsochaí shibhialta agus na comhpháirtithe sóisialta, mar aon leis na hinstitiúidí Eorpacha agus na rialtais náisiúnta, leanúint leis na hiarrachtaí chun an bhearna seo a dhúnadh. Is cuid riachtanach é d’fheachtas níos leithne chun cothrom na Féinne agus ceartas sóisialta a chinntiú agus chun todhchaí níos fearr a thógáil don Eoraip. (prp)