European Economic
and Social Committee
Ní mór aghaidh a thabhairt ar sháruithe ar shaoirsí agus ar chearta limistéar Schengen
Is díol sásamh do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) straitéis nua an Choimisiúin maidir le todhchaí limistéar Schengen. Meabhraíonn sé do na Ballstáit agus don Aontas féin, áfach, an dualgas atá orthu an Chairt um Chearta Bunúsacha a chur i bhfeidhm i dtaca le bainistiú na dteorainneacha náisiúnta agus Eorpacha, an comhar póilíneachta agus breithiúnach, agus na beartais imirce agus tearmainn.
Glacadh tuairim CESE maidir leis an straitéis nua i seisiún iomlánach Dheireadh Fómhair. Gairm chun gnímh a bhí inti, a tháinig sna sála ar thuairiscí ar sháruithe ar chearta bunúsacha ag teorainneacha seachtracha an Aontais, tuairiscí arb údar mór imní iad do CESE.
‘Iarraimid ar an gCoimisiún Eorpach agus ar an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta faireachán a dhéanamh agus leigheas a chur ar na fadhbanna ar cúis bhuartha iad agus na tuairiscí ar sháruithe ar chearta bunúsacha a fhiosrú gan mhoill’, arsa Ionuţ Sibian, an rapóirtéir don tuairim.
Tugann CESE faoi deara na dúshláin sách mór a bhí roimh chur i bhfeidhm comhsheasmhach limistéar Schengen le blianta beaga anuas. Ba léir lochtanna chur chuige an Aontais maidir leis na teorainneacha seachtracha agus an imirce, le linn ghéarchéim dídeanaithe 2015. Tugadh isteach arís cuid de na teorainneacha inmheánacha freisin, de dheasca phaindéim COVID‑19. Rinneadh dochar do ghnólachtaí, oibrithe, pobail cois teorainn agus an comhar trasteorann mar gheall ar an gcur isteach ar limistéar Schengen.
Cuireann CESE i bhfáth gur cheart don Choimisiún faireachán agus measúnú cúramach rialta a dhéanamh ar an ngá atá lena leithéid a thabhairt ar ais agus beart a dhéanamh chuige sin de réir mar is gá.
Iarradh freisin ar an gComhairle, sa tuairim ó CESE, deireadh a chur gan mhoill leis an mbac atá ar an mBulgáir, an Chróit, an Chipir, agus an Rómáin Comhaontú Schengen a chur i bhfeidhm ina iomláine.
‘Níl cearta iomlána an tsaoránaigh den Aontas ag muintir na Cipire, na Rómáine, na Bulgáire ná na Cróite go fóill, ós rud é nach ndearnadh cuid de limistéar Schengen iad. Tá CESE i bhfabhar iad a thabhairt isteach ann. Tá fonn ar na tíortha sin a bheith páirteach ann agus tá smacht cheana féin ag an mBulgáir, an Chróit agus an Rómáin ar a gcuid teorainneacha seachtracha, de réir mar a theastaíonn ó Chód Teorainneacha Schengen,’ arsa an tUas. Sibian.
Tá CESE go mór i bhfabhar Cód Teorainneacha Schengen a thabhairt cothrom le dáta chun gach ar foghlaimíodh ó thréimhse na paindéime a chur san áireamh. Éilíonn CESE freisin an Fóram Comhairleach maidir le Cearta Bunúsacha a threisiú agus rannpháirt na sochaí sibhialta eagraithe a mhéadú trí mheán CESE. (ll)