Shonraigh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) i dtuairim a thionscain Georgi Stoev agus Thomas Student, agus ar ghlac seisiún iomlánach CESE i mí Iúil í, gur cheart tús áite a thabhairt don iomaíochas, don nuálaíocht agus do chruthú post a chothú sa chomhar rialála domhanda trí scéim trádála iltaobhach athnuaite.

De dheasca cur isteach amhail an coróinvíreas (COVID-19), tá an baol ann go bhfágfar an geilleagar domhanda agus an saol sóisialta ina lánstad. I measc nithe eile, bhí tionchar ag an gcóróinvíreas ar an gcúlú eacnamaíoch i SAM, san Aontas Eorpach, sa tSeapáin agus i réigiúin eile den domhan, ar an bhfás thar a bheith mall sa tSín agus ar chaillteanais mhóra ó thaobh an aschuir de. Ní mór do na rialtais an damáiste eacnamaíoch a fhritháireamh le beartais fhioscacha agus airgeadaíochta agus déileáil leis na hathruithe ar an bparaidím eacnamaíoch a bhfuil coinne leo.

“Níor cheart go bhfaigheadh an dumpáil eacnamaíoch, shóisialta ná chomhshaoil an lámh in uachtar ar fhorbairt na tionsclaíochta san Eoraip. D’fhéadfadh sin tionscail Eorpacha agus an múnla sóisialta Eorpach a chur i mbaol go mór,” arsa Georgi Stoev, rapóirtéir na tuairime. “Is cúis imní dúinn an diúltachas maidir leis an trádáil idirnáisiúnta agus leis an domhandú agus teacht chun cinn an phobalachais. Ní féidir fadhbanna eacnamaíocha ná sóisialta a réiteach tríd an gcaomhnaitheacht ná tríd an náisiúnachas,” dar leis.

“Tá tionscadal nua le haghaidh an lánpháirtithe inmheánaigh ag teastáil go géar ón Eoraip: comhstraitéis eacnamaíoch, shóisialta (agus comhordú na sláinte poiblí san áireamh), fhioscach, fuinnimh agus chomhshaoil mar aon le beartas trádála comhtháite,” arsa Thomas Student, an comhrapóirtéir. Leis an gComhaontú Glas, tá CESE den tuairim gur cheart straitéis tionsclaíochta agus beartas trádála nua mar aon le beartas eacnamaíoch, rialála agus iomaíochta a chomhtháthú mar chuid d'iarracht chuimsitheach chun cabhrú leis an gcomhshaol, gan bagairt a dhéanamh ar an margadh aonair ná ar chuideachtaí ná poist Eorpacha san am céanna, agus gur cheart spriocanna comhshaoil diana a leagan síos d'earnáil na tionsclaíochta ina hiomláine; (ks )